Bliain na mBreathnach i gConamara, Naomh Conaill ag ceiliúradh ó thuaidh agus an-bhliain ag mná na gcathracha

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí CLG i nGaeltacht Chonnacht, i nGaeltacht Dhún na nGall agus sna cathracha in 2019

Bliain na mBreathnach i gConamara, Naomh Conaill ag ceiliúradh ó thuaidh agus an-bhliain ag mná na gcathracha

Iománaithe Mícheál Breathnach a bhuaigh Craobh Shóisir Chonnacht. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaillimh

Bhí bliain den scoth ag cumann Mícheál Breathnach agus údar ceiliúrtha ag foirne peile agus iomána an chumainn. Nuair a bhuaigh siad Craobh Shóisir 1 na Gaillimhe mí Dheireadh Fómhair, bhí deis ag na Breathnaigh Craobh Chonnacht a thabhairt leo den chéad uair, rud a rinne siad nuair a fuair siad an ceann is fearr ar sheaimpíní Shligigh, Naomh Eoin. Imreoidh an fhoireann as Cois Fharraige i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann go luath sa bhliain nua.

Seachtain i ndiaidh d’iománaithe an chumainn Ghaeltachta craobh na Gaillimhe a bhuachan, bhí údar díomá ag cuid mhaith acu agus iad ag imirt leis an bhfoireann peile. Don dara bhliain as a chéile, chlis ar Mhicheál Breathnach i gcluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí i nGaillimh. Bhí ciceanna pionóis ag teastáil chun iad féin agus Uachtar Ard a scaradh óna chéile agus cé gur briseadh croí a bhí ann d’fhoireann na Gaeltachta, d’éirigh leo ardú céime a bhaint amach go dtí an príomhghrád in 2020.

Foireann Ghaeltachta amháin nach mbeidh ag imirt i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an bhliain seo chugainn ná Naomh Anna, Leitir Móir. Tar éis dóibh deich mbliana a chaitheamh sa chraobh shinsir, is sa ghrád Idirmheánach a bheidh Naomh Anna an bhliain seo chugainn agus iad dícháilithe i mbliana.

D’éirigh níos fearr le Bearna agus An Cheathrú Rua a tháinig slán ó na babhtaí dícháilithe sa chraobh shinsir. Chuaigh An Spidéal chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais ina gcéad bhliain sa chraobh shinsir ó bhain siad ardú céime amach in 2018, ach bhuaigh Réalta Thuama orthu. Fuair an dream céanna an ceann is fearr ar Mhaigh Cuilinn sa chéad bhabhta eile.

Chuaigh mná Mhaigh Cuilinn chomh fada leis an mbabhta ceathrú ceannais sa chraobh shinsir chomh maith ach ní raibh siad in ann sárfhoireann Chill Choirín/Chluain Bheirn a shárú.

Bhí bliain stairiúil ag mná Ghaeil na Gaillimhe agus nuair a ghlac foireann lán-Ghaeilge na cathrach páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta den chéad uair. Chuaigh foireann na bhfear chomh fada le babhtaí leathcheannais na Craoibhe Sóisir C don dara bliain as a chéile ach bhuaigh Cill Aithnín orthu sna babhtaí leathcheannais.


Dún na nGall

Imreoir Naomh Conaill, Charles McGuinness. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Is idir Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair a bhí cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall arís i mbliana agus cé gur bhain foireann na nGleanntach díoltas amach ar an bhfoireann a chuir de dhroim seoil anuraidh iad ní gan dua a rinne siad é. Trí chluiche a bhí ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile go dtí gur éirigh le Naomh Conaill an ceann is fearr a fháil ar Ghaoth Dobhair faoi dheireadh.

Beidh díomá ar Ghaoth Dobhair nár éirigh leo an t-ardchaighdeán céanna a bhain siad amach anuraidh a bhaint amach in 2019 ach bhí deis iontach acu an chraobh a bhuachan mar sin féin, léiriú ar cé chomh láidir is atá siad.

Murab ionann agus Gaoth Dobhair anuraidh, níor éirigh le Naomh Conaill Craobh Uladh a thabhairt leo. Chlis orthu sa chluiche ceannais in aghaidh Chill Chua as Co. an Dúin ach ba í craobh an chontae an bua tábhachtach do Naomh Conaill, go háirithe ó chaill siad sa chluiche ceannais in 2017 agus in 2018.

Measadh gur idir Cill Charthaigh agus Gaoth Dobhair a bheadh Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall agus bhí cuma na maitheasa ar Chill Charthaigh an chuid is mó den bhliain. Bhuaigh siad Roinn 1 na sraithe agus bhí mí-ádh orthu nár bhuaigh siad Comórtas Peile na Gaeltachta. Rinne siad scrios sa chraobh chomh maith ach d’éirigh le Gaoth Dobhair stop a chur leo sna babhtaí leathcheannais.

Den dara huair le trí bliana anuas, d’éirigh le Ard an Rátha teacht slán ó chluiche ceannais dícháilithe. Gortaíodh imreoirí tábhachtacha i gcaitheamh na bliana, rud a d’fhág go raibh siad faoi mhíbhuntáiste ach chuir siad rudaí ina gceart ag an am ceart agus bhuaigh siad ar Mhálainn sa chluiche ceannais dícháilithe.

Sa Chraobh Idirmheánach, bhí údar ceiliúrtha ag Naomh Náille nuair a bhuaigh siad an cluiche ceannais i gcoinne Chloich Cheann Fhaola mí Dheireadh Fómhair.

Imreoirí na nDúnaibh, Ben Mac Nuaid agus Alan Ó Pasoma, ag ceiliúradh ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Manuela Del Grandi

Thuas seal thíos seal a bhí feachtas na nDúnaibh in 2019. Bhuaigh an cumann an comórtas sóisir ag Comórtas Peile na Gaeltachta den tríú huair le ceithre bliana anuas mí an Mheithimh agus bhuaigh siad Roinn 3 na sraithe chomh maith. Díbríodh iad ón ngrád idirmheánach sa bhfómhar, áfach, agus beidh siad sa Chraobh Shóisir arís an bhliain seo chugainn.

Bhí cumainn Naomh Conaill agus Naomh

Náille ag ceiliúradh arís mí na Samhna nuair a thug siad leo craobhacha Faoi 21 A agus B an chontae.

Is iad An Tearmann a bhuaigh Craobh Mhionúir A an chontae agus bhí mná an chumainn ag ceiliúradh chomh maith nuair a thug siad leo Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall in aghaidh Ghleann Fhinne. Chuaigh an Tearmann chomh fada le cluiche ceannais Uladh ach sháraigh seaimpíní Mhuineacháin, Domhnach Maighean, iad.


Aontroim

Níl siad ar an bhfód i gceart ach le dhá bhliain anuas ach d’éirigh go maith le foireann na mban ag Laochra Loch Lao i Roinn 3 na sraithe sinsir in Aontroim i mbliana. Sa tríú háit a chríochnaigh siad. Chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche ceannais sa chraobh shóisir ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 ach fuair Daingean Uí Chúis an ceann is fearr orthu sa chluiche ceannais.


Áth Cliath

An briseadh croí a bhí i ndán do mhná Na Gaeil Óga i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir F an chontae i gcoinne chumann an Chloigthí mí Lúnasa ach bhí bliain mhaith acu. D’éirigh go maith leo sa tsraith chomh maith agus chríochnaigh siad san ochtú háit. Sna babhtaí ceathrú ceannais a cloíodh foireann na bhfear i gCraobh Shóisir 1 na gclubanna.


Maigh Eo

Beidh Béal an Mhuirthead sásta go maith lena gcéad bhliain ar ais i gCraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo. D’éirigh le foireann Iorrais teacht slán as a ngrúpa agus ní raibh aon chúis náire ag Béal an Mhuirthead ach oiread ach fuair Baile an Tobair, foireann a chuaigh ar aghaidh chun an chraobh a bhuachan, an ceann is fearr orthu sna babhtaí ceathrú ceannais.

Tá Cill tSéadhna slán sa Chraobh Shinsir ar feadh bliana eile cé nár éirigh leo teacht slán óna ngrúpa féin. D’éirigh go maith leo i Roinn 2 na sraithe chomh maith agus chríochnaigh siad sa dara háit.

Bhí bliain thubaisteach ag Oileán Acla agus chaill siad beagnach gach cluiche i Roinn 3 na sraithe agus i gCraobh Shóisir A an chontae. D’éirigh leo a n-áit sa Chraobh Shóisir A a choinneáil ar deireadh, áfach, nuair a bhuaigh siad ar Bhaile Chathail. Sa tríú grád i Maigh Eo a bheidh siad féin, Cill Chomáin agus Tuar Mhic Éadaigh arís in 2020.

Fág freagra ar 'Bliain na mBreathnach i gConamara, Naomh Conaill ag ceiliúradh ó thuaidh agus an-bhliain ag mná na gcathracha'