Bliain na dtoghchán cinniúnach romhainn

Cuirfidh fothoghchán abhus agus olltoghcháin san Eoraip cuma eile ar fad ar an léargas polaitúil

7/3/2014 European Peoples Partys Conferences
Pictiúr: Photocall Ireland

Beidh an rialtas slán cibé toradh a bheas ar an bhfothoghchán ina roghnófar Teachta Dála nua in áit Phil Hogan i gCeatharlach-Chill Chainnigh. Ach tabharfaidh an fothoghchán deis bhreá dúinn dearcadh vótóirí Fhianna Fáil agus Shinn Féin ar a chéile a chíoradh, chomh maith le roghanna nua iarvótóirí an Lucht Oibre.

Ghnóthaigh Fine Gael trí shuíochán sa dáilcheantar in olltoghchan 2011, agus fuair Fianna Fáil agus an Lucht Oibre suíochán araon. Bheadh cóir ghaoithe le Fine Gael (a fuair 39 faoin gcéad den vóta san olltoghchán) an babhta seo, mura mbeadh an dá pháirtí rialtais lagaithe chomh mór le tamall sna pobalbhreitheanna.

Beidh Fianna Fáil (28 faoin gcéad i 2011) ábalta tairbhe a bhaint as lagú an rialtais má thagann méadú ar a vóta, agus má fhaigheann an pairtí sciar de vóta an Lucht Oibre (16 faoin gcéad) san olltoghchán, sciar de vótaí aistrithe Shinn Féin (a cúig faoin gcéad).

Ní féidir toradh an ráis seo a thuar fós, tharla nach bhfuil na príomhiarrthóirí roghnaithe, ach beidh faisnéis bhreá ann faoi mheon an phobail.

Vótálfar sa bhfothoghchán faoi dheireadh mhí Aibreáin ar a dhéanaí, mar gheall ar an reachtaíocht nua a deir, má bhíonn folúntas i ndáilcheantar, go gcaithfear fothoghchán a reáchtáil faoi cheann sé mhí.

Beidh tionchar níos bunúsaí ag olltoghcháin na bliana seo sa Ghréig (25 Eanáir) sa Phortaingéil agus sa Spáinn.

Má éiríonn le páirtithe na heite clé sna tíortha sin dul i mbun rialtais agus maolú éigin ar ghlanadh fiacha a bhaint amach, neartófar dá réir meas an phobail abhus ar chur chuige na heite clé in Éirinn.

Ach má dhiúltaíonn Angela Merkel agus a lucht leanúna i dtíortha saibhre eile faoiseamh breise a thairiscint, don Ghréig go háirithe, breathnóidh go leor vótóirí in Éirinn ar a neamhthoil mar fhianaise go raibh/bhfuil ciall leis an mbunpholasaí airgeadais a mhol Fianna Fáil, Fine Gael agus an Lucht Oibre ó 2008 ar aghaidh.

Tá olltoghchán cinniúnach eile romhainn i mbliana sa Bhreatain, a mbeidh tionchar mór aige ar chúrsaí na tíre seo, má bhrostaíonn sé reifreann ar bhallraíocht na Breataine san Aontas Eorpach. Fillfidh mé ar an ábhar seo ar ball.

D’imigh Sin Agus Tháinig Seo

Cén sórt geallúint a thugann daoine stuama má iarrtar orthu fadhb mhór a réiteach, más eol do chách gur theip ar dhaoine eile an fhadhb chéanna a réiteach?

HOSPITAL SCENES HEALTH SEVICES CRISIS IN IRELAND WARDS BEDS PATIENTS
Pictiúr: Photocall Ireland

Geallúint díchill agus agus dian-oibre i dtosach, agus geallúint ina dhiaidh sin go ndéanfaí tréaniarracht plean réitigh a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Agus an gheallúint a thugann polaiteoirí, rómhinic? A leithéid seo, faraor:

Bhí breis agus 500 othar ar thralaithe sna hospidéil (níos mó ná mar a bhí riamh go dtí sin) nuair a ceapadh James Reilly mar Aire Sláinte i mí na Marta 2011. Cúpla lá i ndiaidh a cheaptha, dúirt sé:

We will not see again – this is my promise to the Irish people – you will not see again 569 people on trollies in our hospitals.”

Tá James Reilly aistrithe ón Roinn Sláinte.

Tá a chomharba Leo Varadkar ar saoire agus an colún seo á scríobh. Agus tá os cionn 600 othar ar thralaithe ainneoin, nó mar gheall ar, gheallúint polaiteora – geallúint eile gan mhaith.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE

Fág freagra ar 'Bliain na dtoghchán cinniúnach romhainn'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    An dóigh le héinne eile gur féidir talamh slán a dhéanamh de go vótálfaidh daoine ina dtromlach don gcóras dha pháirtí go leith má théann na toghcháin sa Ghréig etc., i gcoinnibh na bpairtithe den eite chlé? An bhfuil sé chomh bog san coincíní dhaoine a chasadh siar i dtreo an mhí-iompair mhídhaonnea ina bhfuil an eite dheis age baile agus i gcéin ciontach. Níl cúirt chearta daonna an Hág leathghnóthach a dóthain!