Bliain mhór eile aicsin agus íobairtí romhainn

Má tá tú maith go leor chun imirt ar an bhfoireann idirchontae agus sásta an diantraenáil a dhéanamh, tuigeann tú go mbeidh ort a lán rudaí eile sa saol a fhágáil ar leataobh

Bliain mhór eile aicsin agus íobairtí romhainn

Bhuel tá an turcaí ithe, na bronntanais oscailte, na leabhair léite, ‘an poc fada’ déanta, an crann Nollag ar an tslí chuig an ionad athchúrsála agus an traenáil faoi lán seoil don séasúr nua.

Mar a luaigh mé cheana anseo tá athruithe móra tagtha ar an-chuid rudaí sa tírín bheag seo le tamall de bhlianta.

Agus tá cuid des na hathruithe sin tarlaithe sa Chumann Lúthchleas Gael freisin. Nuair a thosnaigh mise ag imirt ár gcluichí Gaelacha ní bhíodh aon chluichí in aon chor an t-am seo bliana. Ansin agus mé fásta suas agus ag tosnú ag imirt sinsir don chlub níor thosaigh an tsraith peile go dtí Lá le Pádraig agus de gnáth ní bhíodh mórán traenála club roimhe sin.

Maidir leis an séasúr idirchontae, bhíodh cúpla babhta den tsraith náisiúnta againn roimh Nollaig. Ansin bhíodh briseadh don Nollaig ann agus ina dhiaidh sin leanadh an comórtas ar aghaidh ar aghaidh nó go gcríochnaíodh sé aimsir na Cásca. Ansin bhíodh turas ag seaimpíní na hÉireann agus na Réalta Uile-Éireann chuig na Stáit Aontaithe agus do leaid óg tuaithe, i lár na seachtóidí, ba rud é sin a leath na súile orm.

Bhí bearna mhór idir an saol in Chicago, Bostún, San Francisco, Los Angeles agus Nua-Eabhrac agus sráidbhaile Achadh Bolg i gcontae Chorcaí. Ar an gcéad turas agam, i 1977, go dtí na cathracha thuasluaite bhain an difríocht idir an saol a bhí againn agus an saol a bhí ag na hÉireannaigh thar lear stangadh asainn. Dar ndóigh táimid níos eolaí anois agus fios againn gur glas iad na cnoic i bhfad uainn.

Is iomaí athrú atá déanta ar fhéilire CLG ó shin agus is dócha gur féidir a rá gur thapaigh an cumann an deis a bhronn an phaindéim Covid-19 air athruithe chun feabhais a dhéanamh le cúpla bliain anuas. Tá clubanna na tíre thar a bheith sásta le féilire na gcluichí mar atá i láthair na huaire. Is iontach go bhfuil na clubanna in ann na comórtais chraoibhe a rith agus fáil acu ar a gcuid imreoirí go léir, go háirithe don traenáil.

Agus anseo i gCorcaigh beidh tús á chur leis na comórtais sraithe peile ag deireadh mhí Feabhra rud a ciallaíonn go mbeidh traenáil ag tosnú gan mórán moille.

Dar ndóigh tá cuid mhaith traenála déanta ag na foirne idirchontae don séasúr idirchontae.

Agus mar a bhíonn ag tosach gach séasúir tá meascán d’imreoirí óga agus seanfhondúirí tagtha le chéile, sceitimíní ar na leaideanna atá ann den chéad uair agus ceisteanna á gcur ag cuid des na seanleaideanna orthu féin faoin iarracht a bheidh ag teastáil arís. Agus is mór an iarracht í, go háirithe le blianta anuas.

Mar a scríobh mé anseo cheana, má tá tú maith go leor chun imirt ar an bhfoireann idirchontae agus sásta an diantraenáil a dhéanamh, tuigeann tú go mbeidh ort a lán rudaí eile sa saol a fhágáil ar leataobh.

Léigh mé agallamh a deineadh leis an sárimreoir ó Luimneach Gearóid Hegarty agus é ag rá go bhfuil traenáil de shórt éigin aige cúig lá na seachtaine faoi láthair agus go bhfuil air sos a thógaint, scíth a ligean agus ligean dó féin téarnamh an dá lá eile. Ach sin saol an imreora idirchontae in 2023 agus tá scata mór imreoirí i ngach contae atá sásta na híobairtí sin a dhéanamh. Agus dar ndóigh tá leaideanna ann freisin a bheadh maith go leor ach nach bhfuil toilteanach na híobairtí go léir a dhéanamh.

Pé scéal é tá an t-aicsean tosnaithe agus na réamhchomórtais ar siúl agus as seo go tosach na gcluichí craoibhe beidh na himreoirí ag iarraidh a chur ina luí ar na bainisteoirí go bhfuil siad maith go leor don fhoireann. Beidh na bainisteoirí ag obair ag pleanáil go mion agus súil acu go dtabharfaidh a bplean go barr an chnoic i mbliana iad.

Scaoil chugainn é.

Fág freagra ar 'Bliain mhór eile aicsin agus íobairtí romhainn'