Bliain de Tuairisc.ie – Nóta ón Eagarthóir

Cothrom an lae seo bliain ó shin a sheol Cathal Goan Tuairisc.ie agus súil againn seirbhís a chur ar fáil do phobal na teanga a mbeidís bródúil aisti agus a bhféadfaidís brath uirthi

Eagarfhocal

B’ábhar suime dúinn mar a ghlac daoine le cúpla lá anuas leis an scéala go raibh Tuairisc.ie bliain ar an bhfód.

Cuid acu a rabhamar ag caint leo, dúradar gur ar éigean a d’fhéadfaidís a chreidiúint go raibh bliain caite ó sheol Cathal Goan an suíomh i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an 9 Deireadh Fómhair 2014.

B’údar iontais do dhaoine eile ná rabhamar ach bliain féin ar an bhfód.

Ráineodh go bhfuil dul amú orainn, ach táimid ag déanamh talamh slán de gur moladh a bhí i gceist sa dá chás!

Dar linn féin gur tapúla a éalaíonn an t-am ‘ar líne’, nó is mar sin a thaibhsítear an scéal dúinne ar aon nós.

Is maith is fiú i gcónaí, áfach, do dhuine breith ar a anáil, agus súil siar a chaitheamh ar a bhfuil den bhóthar curtha de aige – agus an cead san aige ar a lá breithe go háirithe.

Ó tháinig ann do Tuairisc.ie, tá nach mór 3,000 mír foilsithe againn, idir thuairiscí nuachta, cholúin, phíosaí anailíse, ghailearaithe agus fhíseáin. Le bliain anuas, tá cuairt tugtha ag nach mór 200,000 duine ar an suíomh agus, níos tábhachtaí ná sin, thug dhá thrian díobhsean athchuairt orainn ina dhiaidh sin.

D’amharc an 200,000 duine sin ar nach mór 1.5 milliún leathanach le linn an 562,000 cuairt a thugadar orainn.

Is dóigh linn go dtugann na figiúirí sin lomfhianaise dúinn go bhfuil pobal dílís léitheoireachta ann d’ábhar ar ardchaighdeán i nGaeilge.

Maithfidh sibh dúinn ar ár mbreithlá é, ach creidimid chomh maith, go bhfuil sé le rá gan aon mhóraíocht againn, go bhfuil níos mó ‘Gaeilge’ á léamh inniu ná mar a bhí sarar seoladh Tuairisc.ie béal an chuain amach cothrom an lae seo bliain ó shin.

Sarar seoladh an suíomh seo, chreideamar go daingean go mbeadh a raibh i ndán dúinn ag brath ar cháighdeán an ábhair a bheadh le cur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta againn.

‘Content is king’, fé mar a dúirt Bill Gates tráth den saol.

‘Sea, ‘sé an t-ábhar an buachaill’, agus táimidne buíoch go háirithe des na hiriseoirí ar fad a chuir an t-ábhar sin ar fáil dúinn gach lá gan teip le 365 lá anuas.

Agus Tuairisc.ie á sheoladh againn, dúramar chomh maith gur chun ár leasa a bheadh sé nach mbeadh lá amhrais orainn faoi cérbh iad lucht léite Tuairisc.ie. Dá mba rud é go raibh an tAire Gaeltachta ag tabhairt cuireadh ag an am do dhaoine dul leis ‘ar aistear foghlama teanga’, ba ag labhairt leo siúd a raibh an t-aistear sin déanta cheana acu a bheadh Tuairisc.ie.

Ní hé go rabhamar ag iarraidh éinne a chur ó dhoras, agus is cúis mhór misnigh dúinn go mbíonn cuid acu siúd atá ar an aistear foghlama chugainn go rialta.

Ach is ann dúinn chun scéal ár bpobail féin a insint inár dteanga féin.

Chuireamar romhainn, leis, go gcasfaimis malairt poirt dár léitheoirí seachas athchúrsáil a dhéanamh ar a raibh ar fáil go flúirseach cheana dóibh, agus thar aon rud eile, bhí súil againn seirbhís a chur ar fáil do phobal na teanga a mbeidís bródúil aisti agus a bhféadfaidís brath uirthi.

Fágaimid fúibh féin é breith a thabhairt cé acu an bhfuil ag éirí linn nó ná fuil, ach táimid féin mórálach as an iarracht mhacánta atá déanta againn beart de réir bhriathra breithe Tuairisc.ie a chur i gcrích.

Mar fhocal scoir, táimid fíorbhuíoch go deo díbhse, léitheoirí Tuairisc.ie, as bonn láidir a chur faoin tseirbhís, agus go háirithe díbhse a bhíonn ag roinnt ár scéalta, bíodh sé ar na meáin shóisialta, ar ríomhphost nó, mar a tharlaíonn i roinnt cásanna i gcónaí, ar an leathanach clóbhuailte féin.

Beir uainn beannacht lae breithe is buíochas ó chroí!

Is mise le meas,

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Eagarthóir Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Bliain de Tuairisc.ie – Nóta ón Eagarthóir'

  • Eoghan ONeill

    míle buíochas libh as nuachtán spreagúil a chur ar fáil ‘chuile lá.

  • Tiarnán

    Comhghairdeas! Go maire sibh an céad!! ??

  • Feirsteach

    Beir libh agus breithlá sona daoibh!

  • Áine

    Tá sibh ag déanamh an-obair agus is maith ann seirbhís dá leithéid. Leanaigí leis an dea-obair agus ná scaoiligí na maidí le sruth, is léiriú é an líon mór daoine a bhíonn ag léamh agus ag roinnt na scéalta go bhfuil obair fhiúntach ar bun agaibh. Bainigí sult as an lá.

  • Ciara

    Comhghairdeas libh agus go raibh mile maith agaibh. Bainim úsáid as an tsuíomh go rímhinic agus mé ag teagasc na Gaeilge in Ard Mhacha. Go maire sibh an céad.

  • Gearóid

    Maith sibh as ucht an suíomh iontach seo a chur ar fáil do lucht na Gaeilge. Coinnígí oraibh agus breithlá sona!

  • Glór í Eo

    Lá breithe shona díobh! Agus bígí ag machnamh ar an am amach romhainn chom maith. Ag súil leis an app go luath.

  • Ruairi s. O'Donaill

    COMHGHAIRDEAS LE SEAN TADHG O’GAIRBHI AGUS LEIS AN FHOIREANN EAGAIRTHOIREACHTA TUAIRISC AGUS BUIOCHAS OM’ CHROI MAR LEITHEOIR TUAIRISC. MEASAIM GUR CAIGHDEAN AN-ARD IRISEOIREACHTA ATA DA THAISPEAINT ANSEO.

  • Bairbre

    Comhghairdeachas libh ar bhur lá speisialta seo. Is brea an seirbhis atá sibh ag cur ar fáil do phobal na Gaeilge agus do na Gaeltachtaí. Beannachtaí as Conamara !

  • Fionnbarra

    Comhghairdeachas, ta eacht bainte amach agaibh!

    Aon seans go mbeadh ‘app’ ag teacht sa dara bhliain? Bheadh se sin ar fheabhas do dhaoine a bhfuil ‘fon cliste’ acu!