Bliain agus an t-am seo a tháinig an namhaid dhofheicthe anoir chugainn. Ba bheag a shíl sinn an uair sin go mbeadh muid fós faoi ordóg Covid-19 i gceann bliana nó go mbeadh amhras faoin gcúrsa romhainn.
Tá plean Stormont don mbealach chun sábháilteachta le fógairt go luath sa tseachtain seo romhainn. Ní ribín réidh é an plean sin a aontú. Cáiréis an focal faire ag Robin Swann, an tAire Sláinte a dteastaíonn uaidh a chinntiú go mbeidh scaoileadh na srianta inbhuanaithe nuair a dhéanfar é. Cheistigh an DUP an cháiréis sin i dtaca le scoileanna agus bhí dóthain cantail le brath chun na heasaontais a tháinig salach ar láimhseáil na paindéime anuraidh a thabhairt chun cuimhne.
An 27 Feabhra anuraidh fógraíodh go raibh Covid-19 ar dhuine i dTuaisceart Éireann. Cúpla lá ina dhiaidh sin chualathas faoi chás i scoil sa Phoblacht. Ba iad daoine a d’fhill ón iasacht na hothair ag an tús ach ba ghearr gur scaip an aicíd i measc an phobail. Tar éis bliana is léir go scaipeann Covid-19 an dá bhealach agus allmhairiú na leaganacha nua den víreas ina údar mór imní.
Faoi seo tá 6,300 de phobal an oileáin básaithe de bharr na haicíde. Is fíor go bhfuil biseach ar na mílte, go leor eile a bhfuil iarmhairt na haicíde ag gabháil dóibh agus éacht déanta ag oibrithe sláinte. Ach is fíor freisin go dtógfaidh sé blianta ar an tsochaí, an eacnamaíocht, na healaíona agus go speisialta na seirbhísí sláinte – don chorp agus don mheabhair – téarnamh ón damáiste atá déanta.
Sin é an fáth nach mór do pholaiteoirí guaim a choinneáil orthu féin. Tá siad faoi bhrú ó pháirtithe leasmhara chun gnólachta a athoscailt, páistí a scaoileadh ar ais ar scoil, na gnáthsheirbhísí sláinte a cuireadh ar an méar fhada de bharr Covid-19 a chur sa tsiúl arís – agus ‘údar dóchais’ a thabhairt do dhaoine.
Is furasta na héilimh a thuiscint go háirithe ó tá an chéad instealladh de vacsaín in aghaidh Covid-19 faighte ag breis is duine as gach triúr sa Tuaisceart ach níl ansin ach cuid den scéal. Tá lion na ndaoine sna hospidéil leis an aicíd ag titim ach tá an ráta laghdaithe ag moilliú. Maíonn an príomhoifigeach leighis, an Dochtúir Michael McBride go mbeidh líon mór othar sna hospidéil go ceann tamaill eile.
Tá an dianghlasáil reatha i bhfeidhm ó Lá ’le Stiofáin agus é le bheith i bhfeidhm go dtí an 1 Aibreán, nó i ndiaidh na Cásca seans. Bhí páirtithe an Fheidhmeannais ar fad aontaithe faoin mbeart sin. An tseachtain seo caite chinn siad go bhféadfadh páistí filleadh ar an scoil ón 8 Márta ar bhonn céimnithe. Bheadh daltaí sna bunranganna ag filleadh ar an scolaíocht sa bhaile roimh Cháisc agus ar ais sa rang i ndiaidh na laetha saoire; bhain an cinneadh faoin mbriseadh siar as múinteoirí agus meastar go n-athrófar é go luath.
Ceithre lá i ndiaidh fhógra an Fheidhmeannais faoi scolaíocht bhris easaontas amach faoin bplean. Nuair a d’fhógair an Príomh-Aire Johnson go n-osclófaí na scoileanna go léir i Sasana seachtain ó amárach thosaigh an DUP ag ceistiú chinneadh an Fheidhmeannais gur ar bhonn céimnithe a ghabhfadh daltaí ar ais ar scoil abhus. Dúirt Arlene Foster, an Chéad-Aire agus Peter Weir, an tAire Oideachais gur cheart cinneadh an Fheidhmeannais a athscrúdú. Ní fhéadfadh an tAire Weir a thuiscint cad ba bhun leis an difríocht idir comhairle an phríomhoifigigh sláinte abhus agus an chomhairle do Westminster.
Chothaigh port an DUP míshuaimhneas roimh an gcruinniú den Fheidhmeannas Déardaoin. Dúirt Robin Swann go raibh a bpleananna féin déanta ag Albain agus An Bhreatain Bheag freisin. Céard is fiú riail dhíláraithe, ar sé, má táthar ag rá gur cheart do Thuaisceart Éireann leithscéal a ghabháil faoina chinneadh féin a dhéanamh?
Tamall roimh chruinniú na n-airí chuir an feisire Parlaiminte Sammy Wilson cor eile sa scéal i dtvuít. Thug sé maidrín lathaí (púdal, le bheith cruinn) ar Robin Swann faoi ghéilleadh do chomhairle ó oifigeach neamhthofa (an Dr McBride). Ní nach ionadh ní dhearna na hairí eile rud ar an DUP. Tá práinn leis agus an cúrsa fuascailte ó shrianta á phleanáil go seachnófaí achrann agus teachtaireachtaí measctha ó Stormont.
Is í an chomhairle leighis an plean fuascailte a bhunú ar na fíricí agus dátaí a sheachaint. Ní haon iontas é nach sásódh sé sin lucht gnó ná tionscal an fháilteachais ach tá ciall leis.
Tá súil go mbeidh cúrsaí ag éirí níos dearfaí de réir mar a dháilfear an vacsaín ar mhóramh agus mar a bheidh feabhas ag teacht ar an aimsir. D’uireasa teorainneacha druidte agus coraintín éifeachtach caithfear a bheith airdeallach faoi leaganacha nua den víreas a bheith á scaipeadh, go háirithe ó tá amhras faoi chumas na vacsaíní ina leith.
Bheadh sé tubaisteach dá scaoilfí na srianta ach go gcaithfí iad a chur i bhfeidhm arís de bharr ráig eile den aicíd. Mar sin is fearr a bheith cáiréiseach ná ceannasach.
Fág freagra ar 'Bliain caite againn leis an Covid-19 ach an plean fuascailte doiléir fós'