Bliain an ghrá agus na síochána? Súil chun cinn ar 2023

Caolseans gur grá agus síocháin atá ar na bacáin dáiríre ar an bpláinéad seo atá ag téamh leis gan stad gan staonadh – ach cén dochar rud beag dóchais?

Bliain an ghrá agus na síochána? Súil chun cinn ar 2023

Tá an t-am sin den bhliain linn arís nuair a thugtar aird ar leith i seomraí nuachta ar fud an domhain ar dhríodar an chaife agus ar na duilleoga tae ag bun an phota: tá tairngreachtaí don bhliain úr le déanamh.

Anseo sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, bíonn dúil ar leith ag na tráchtairí i dtairngreachtaí na mbabalorixás agus na n-iyalorixás – sin iad sagairt agus bansagairt na gcreideamh Afra-Bhrasaíleacha. Agus más fíor dóibh siúd, is iad bandia Afra-Bhrasaíleach an fhíoruisce, na háilleachta, na n-ealaíon agus an ghrá, Oxum, agus dia Afra-Bhrasaíleach na síochána, Oxalá, a bheidh ‘i gceannas’ ar an mbliain 2023.

Bhuel! Dea-scéal é sin, óir má tá dhá rud ag teastáil ón domhan sa bhliain atá amach romhainn, sin iad: síocháin agus grá.

Gan dabht ‘síocháin agus grá’ an mana a bheidh ag uachtarán nuathofa na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva (Lula), nuair a thiocfaidh sé i gcomharbacht go hoifigiúil ar Jair Bolsonaro ar an 1 Eanáir. Sna míonna ina dhiaidh sin is féidir a bheith ag súil le dea-scéalta ón taobh seo den domhan: beidh a sheacht ndícheall á dhéanamh ag Lula íomhá idirnáisiúnta a thíre, a ndearna Jair Bolsonaro oiread dochair di, a fheabhsú. An Amasóin agus an aeráid is túisce a ritheann liom nuair a deirim ‘dea-scéalta ón taobh seo den domhan’ ach seo linn, rachaidh mé i bhfiontar le tairngreacht nach bhfuil ann ach caolseans go dtarlóidh sé (ach ba dheas an rud é dá dtarlódh): déanfaidh Lula iarracht síocháin a chothú idir an Rúis agus an Úcráin.

Cén fáth a ndeirim sin? Ar thrí chúis.

  1. Tá Lula ar dhuine d’fhíorbheagán ceannairí stáit ar chlár na cruinne a mbeadh an nádúr mealltach, an tsinsearacht agus an taithí aige a theastódh dá leithéid d’fhiontar. Chomh maith leis sin, tá an Bhrasaíl neodrach a dóthain sa choimhlint le go mbeadh glacadh ag an dá thaobh le hidirghabhálaí ón tír sin.
  2. Dá mhéid an meas atá ar Lula mar státaire go hidirnáisiúnta, tá rud nó dhó le cruthú aige ina thír féin, áit a leanann boladh na caimiléireachta i gcónaí é. Tá sé ag druidim leis an gceithre scór: má bhíonn sméar mhullaigh le cur ar a ghairmréim fhada mar pholaiteoir, seo é an t-am.
  3. Greim a choinneáil i mbéal na cosmhuintire an phríomhsprioc a bhí ag Lula riamh, agus is deacair sin a dhéanamh nuair a bhíonn ardú seasta ar phraghsanna an bhia agus an bhreosla de bharr cogaíochta ar an taobh eile den domhan: sa deireadh thiar thall, bheadh leas a phobail féin á dhéanamh aige.

Ar ais chuig tairngreachtaí rud beag níos réadúla. Maidir leis an gcogadh san Úcráin, is baolach gurb é an chuma atá ar chúrsaí faoi láthair ná go leanfaidh sé sin ar aghaidh go ceann i bhfad. Ní bheidh Vladimir Putin sásta géilleadh (go deimhin bheadh deireadh lena réimeas féin dá ndéanfadh sé amhlaidh) agus chomh fada agus a thabharfaidh an tIarthar cúnamh don Úcráin ní bheidh ar Volodymyr Zelenskyy géilleadh ach oiread. Go deimhin seo í an cheist anois, dar liom: an mbeidh Zelenskyy sásta nuair a bheidh na ceantair a ghabh an Rúis ón 24 Feabhra 2022 i leith saortha aige, nó an rachaidh sé sa seans agus an ndéanfaidh sé iarracht an Chrimé, a ghabh an Rúis in 2014, a aisghabháil?

Má dhéanann sé sin, nó dá ndíreodh an Úcráin ar spriocanna sa Rúis féin, is baolach go méadóidh an seans go mbainfidh Putin úsáid as airm cheimiceacha nó núicléacha. Ach is túisce, dar liom, a tharlódh ceann de na trí rud seo: beidh éirí amach nó coup d’état sa Rúis, gheobhaidh Putin bás de ghalar éigin a coinníodh i bhfolach, nó déanfaidh sé gníomh drámatúil éigin d’fhonn a bhfuil fágtha dá dhínit a chosaint. I gceachtar cás, ní smaoineamh a chuirfeadh ar do shuaimhneas thú a mhéara siúd a bheith in aice le cnaipe dearg na ndiúracán.

Gach seans, áfach, nach é an cnaipe dearg sin in oifig Putin ach praghsanna an bhia, an bhreosla agus earraí eile a bheidh ag teacht idir go leor daoine ar fud na cruinne agus codladh na hoíche. San Eoraip, tá ardú idir a 10 agus 20 faoin gcéad breise ar na praghsanna sna hollmhargaí á thuar sa chéad chúpla mí den bhliain atá amach romhainn.

An t-ardú sin ar an gcostas maireachtála agus an cogadh san Úcráin a bheidh ar intinn na vótóirí in olltoghcháin san Fhionlainn, sa Pholainn, sa Tuirc agus san Eastóin, ceithre thír a bhfuil teorainn acu leis an Rúis; beidh olltoghcháin i mbliana freisin sa Spáinn, sa Nigéir, sa Phacastáin, sa Bhanglaidéis, i Lucsamburg, sa Chambóid agus in Guatamala. Den chéad uair ó tharla coup d’état sa tSúdáin in 2021, beidh olltoghchán á reáchtáil sa tír sin.

Beidh súile an domhain ar Londain agus ar theaghlach ríoga na Breataine arís ar an 6 Bealtaine, nuair a dhéanfar Séarlas III agus Camilla a chorónú in eaglais Westminster.

Beidh le feiceáil an ar Twitter, ar Mastodon nó ar mheán sóisialta éigin eile is mó a mbeidh trácht ar an imeacht sin agus ar mhórimeachtaí eile na bliana. Cé nach bhfuil an tóin tite as Twitter fós, tá todhchaí an ardáin sin éiginnte agus droim láimhe á tabhairt ag go leor úsáideoirí don úinéir nua Elon Musk. Tá sé á mhaíomh ag saineolaithe áirithe, fiú amháin, go bhfuilimid ag druidim le casphointe maidir leis na meáin shóisialta i gcoitinne: dar leo go bhfuilimid go léir chomh tuirseach agus chomh dubh dóite de na haipeanna sin ar ár gcuid guthán cliste nach gcothaíonn ach strus, imní, teannas agus fearg go dtabharfaimid droim láimhe dóibh ar fad gan mhoill.

Samhlaigh an suaimhneas a bheadh againn ansin!

Guím bliain lán grá agus síochána ar léitheoirí Tuairisc.ie ar fad.

Fág freagra ar 'Bliain an ghrá agus na síochána? Súil chun cinn ar 2023'

  • Pat Butler

    Nach breá, leathan, oscailte scóip suime Alex – scóip dhomhanda, go deimhin. Táim tógtha go mór leis leis an bandia Afra-Bhreasaíleach sin a bhfuil ‘cúram an fhíoruisce, na háilleachta, na síochána agus an ghrá’ uirthí. Agus bhfuil ag scríobh go rialta ar aon nuachtán eile in Éirinn tráchtaire a bheadh suim aige i raon leathan olltoghchán fud fad na cruinne – ón Fhionlainn ó thuaidh go dtí an Bhanglaidéis, an Nígeir, an Chambóid agus Guatamala?

    Bullaí fir, a Alex. Ró-dhírithe isteach orainn féin a bhímid de ghnáth, pobal scríofa na Gaeilge.

    Agus tuilleadh faoin mbandaí iontach sin Oxum led’ thoil!

  • An Teanga Bheo

    “ach cén dochar rud beag dóchais?” sach ráite tá geárghá le dochais tareis an bhliain atá imithe uainn

  • JP

    “Meáin shóisialta” adeir tú ach is meáin fhrith-shóisialta atá i gceist agat. Ní gá dhuit baint ná páirt a bheith agat leo, olc maith ná donaí, ar mo chuma féin. Fút féin atá ‘strus, imní nó fearg’ a tharraingt ort féin leis an tseafóid urghránna sin ar fad nó gan iad a bhac. Lig do na piranha bheith ag alpadh a chéile, marbhfháisc orthu!