Bliain an Aire – Conas mar atá ag éirí le Joe McHugh mar Aire Stáit na Gaeltachta?

Tá bliain ann ó ceapadh Joe McHugh ina Aire Gaeltachta. Caitheann Tuairisc.ie, in éineacht le painéal tráchtairí, súil ar an dul chun cinn atá déanta aige

GoGames-0087
Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá bliain imithe tharainn ó ceapadh an Teachta Dála Joe McHugh ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta. Nuair a fógraíodh an ceapachán i dtosach, bhí raic ann toisc gur ar éigean a bhí an cúpla focal féin ag an Aire Stáit nua.

Dúradh go gcuirfí an Teachta McHugh ar dhianchúrsa Gaeilge i nGleann Cholm Cille. Rachadh sé ar ‘aistear teanga’ agus bheadh sé líofa ‘roimh dheireadh an tsamhraidh,’ a dúirt Enda Kenny. Thug McHugh cuireadh don phobal dul in éineacht leis ar a aistear.

Ach ar ndóigh ní Aire na Gaeilge é Joe McHugh agus cé nár thuig na meáin Bhéarla an méid sin go rómhaith ag an am, is maith an tuiscint a bhí ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an difríocht shuntasach sin.

Agus an suíomh seo á sheoladh go hoifigiúil aige i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair seo caite, thagair Cathal Goan, iar-cheannasaí TG4 agus RTÉ, don teachtaireacht a bhí le tuiscint as cinneadh an Taoisigh McHugh, a bhí ar bheagán Gaeilge, a cheapadh ina Aire Stáit don Ghaeltacht.

‘Arb é a fhágfas sé [Enda Kenny] mar oidhreacht, mar sin, gur leor an beagán anois agus nach gá níos mó, ach amháin nuair atáthar ag iarraidh a léiriú gur mó agus gur fearr an Ghaeilge atá agatsa ná mar tá ag Gerry Adams.’

Aire Stáit an bheagáin,’ a thug Goan ar McHugh.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil feabhas áirithe tagtha ar Ghaeilge labhartha McHugh ó shin agus go bhfuil sé níos compordaí agus é i mbun comhrá anois ná mar a bhí an t-am seo an bhliain seo caite.

Ach níor cheart Aire Gaeltachta a mheas ar a chumas labhartha Gaeilge amháin, cé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh sé in ann gnóthaí na Gaeltachta a phlé le muintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Dar le Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí teanga, gur tábhachtaí i bhfad cumas an Aire dul i ngleic le fadhbanna na Gaeltachta ná a líofacht inti.

“Mura mbeadh aon Ghaeilge ag Joe McHugh ba chuma liomsa. Dá mbeadh duine éigin gan Gaeilge ar bith aige ach é a bheith tuisceanach agus éifeachtach, b’fhearr liom duine mar sin a bheith againn in áit duine a bhfuil togha na Gaeilge aige ach nach ndéanfadh tada ar son leas na Gaeltachta, mar a bhí againn le Dinny McGinley,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Ach is é tuairim Uí Eallaithe nach bhfuil ‘aon rud dearfach’ déanta ag Joe McHugh ó ceapadh ina Aire é.

“Shílfeá nach bhfuil aon ghéarchéim sa Ghaeltacht ón mbealach a bhfuil an Roinn agus an tAire ag gníomhú. Tá na saineolaithe ag rá go bhfuil géarchéim ann ach tá an Rialtas agus an Roinn agus Joe féin ag ní a gcuid lámh den fhadhb,” a dúirt sé.

McHugh-0016
Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ba ar a chuid polasaithe agus ar an dul chun cinn atá déanta aige ó thaobh na Gaeltachta de a dhírigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív freisin nuair a labhair Tuairisc.ie leis sin.

“Is léir nach bhfuil cumhacht ar bith aige agus gur céim síos atá tugtha do rannóg na Gaeltachta agus na nOileán. Má bhí léiriú soiléir ag teastáil de sin seo é – ba é an tAire Caiteachais Phoiblí agus ní an tAire Stáit Gaeltachta a bhí ag plé leis an gcéibh in Inis Oírr.

“Tá sé rud ann ba cheart a bheith réitithe nó ar a laghad pléite aige ó tháinig sé isteach sa phost: an Bille nua a thabhairt isteach a láidreodh an tAcht Teanga; deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san AE; an Straitéis a chur i bhfeidhm ina hiomláine; airgead a chur ar fáil don phleanáil teanga; airgead ag chur ar fáil do bhunstruchtúr na Gaeltachta; agus ceist na hearcaíochta sa státseirbhís,” a dúirt Ó Cuív.

Dar leis nár éirigh leis aon cheann de na rudaí sin a dhéanamh.

Dúirt Ó Cuív, a bhí ina Aire Gaeltachta idir na blianta 2002 agus 2010, gur ‘náireach’ an rud é go gcaithfí ceist chumas teanga an Aire Gaeltachta a phlé ar chor ar bith.

Tá feabhas tagtha ar Ghaeilge McHugh, a deir Teachta Dála na Gaillimhe, ach ní bhaineann an feabhas sin le hábhar mar níl sé ar chumas an Aire páirt a ghlacadh i ndíospóireacht i nGaeilge, “teanga an phobail atá faoina chúram”,’go fóill.

Deir Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhíonn ag caint go minic le McHugh i dTeach Laighean, nach bhfuil aon amhras ann ach go bhfuil feabhas tagtha ar a chuid Gaeilge ó thosaigh an tAire ar a aistear teanga anuraidh.

Dúirt Ó Leidhin, áfach, gur compordaí i bhfad a bhíonn sé ag caint ar ghnáthchúrsaí an tsaoil seachas ceisteanna deacra polaitíochta. Dianchúrsa eile a theastaíonn ón Aire Stáit “a bhainfeadh leis an réimse a bhfuil sé ag obair ann – téarmaí agus gramadach a d’oirfeadh don dtaobh sin”.

“Tá a chuid Gaeilge maith a dhóthain don mhagadh agus don chomhrá ach bíonn deacrachtaí aige é féin a chur in iúl go héifeachtach faoi ghnéithe a bhaineann le reachtaíocht,’ a dúirt Ó Leidhin.

Tá tuiscint ann idir na meáin Ghaeilge agus an tAire gur i nGaeilge amháin a bheidh na comhráite eatarthu. (Níor ghlac an tAire le cuireadh chun agallaimh le Tuairisc.ie fós).

Is mar a chéile é ag na heagraíochtaí teanga a mbíonn ag plé leo – Gaeilge amháin a labhraítear ag na cruinnithe a bhíonn acu leo.

Tá McHugh le moladh as Gaeilge amháin a labhairt leo siúd a mbíonn sé ag plé go hoifigiúil leo, ach ar bhealach eile, feileann sé dó.

“Uaireanta b’fhearr liom dá labharfadh sé Béarla liom chun na fírinne a insint,” a dúirt duine amháin a bhíonn ag plé go minic le McHugh.

“Bíonn sé deacair nuair nach dtuigimid a chéile agus ar ndóigh ní féidir cesiteanna ródheacair nó róchasta a phlé leis.”

Maidir leis na meáin, shílfeá go mbíonn roinnt cur i gcéill ag baint leis an mbealach a gcuirtear i láthair agallaimh leis an Aire.

Craoltar abairt nó dhó ó bhéal an Aire féin agus ansin is faoin iriseoir a fhágtar é an scéal iomlán a mhíniú. Uaireanta tugtar na ceisteanna dó roimh ré agus bíonn roinnt cóitseála i gceist. Is cinnte nach ndéantar an diancheistiúchán céanna air is a rinneadh ar leithéidí Uí Chuív agus McGinley roimhe seo. Toisc nach bhfuil sé in ann na ceisteanna crua a fhreagairt ní chuirtear na ceisteanna crua air agus is lú i bhfad an cíoradh atá déanta ag na meáin i gcoitinne ar a chuid polasaithe agus ar an méid atá á dhéanamh aige.

Fiú le hagallaimh réamhthaifeadta, uaireanta ní bhíonn sé iomlán soiléir cad atá á rá ag McHugh.

Is minic a luaitear pearsantacht an Aire nuair atáthar ag caint faoi agus is léir go bhfuil cion ag daoine lena gcasann sé air. Bhí an port céanna ag go leor daoine ar labhair Tuairisc.ie leo don alt seo – ‘is fear deas é’.

Is maith le daoine Joe McHugh.

Polaiteoir suáilceach é a théann i bhfeidhm ar dhaoine, ach is polaiteoir cliste é freisin.

Dúirt foinse amháin ar cuireadh agallamh air don alt seo go “smaoiníonn McHugh ar bhealach an-pholaitiúil faoi gach rud”.

An teist is fearr air sin ná a laghad conspóide atá cothaithe aige ó thosaigh sé mar Aire. Dealraíonn sé, mar shampla, nach raibh fonn air an Bille Teanga a dhéanfadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú agus gur éirigh leis é a chur ar an méar fhada. Thuigfeadh sé go rímhaith an chonspóid a bhainfeadh le haon reachtaíocht a fhoilsiú a lagódh an tAcht.

Ach is í an cheist ná cén fáth nár éirigh leis an reachtaíocht a láidriú?

Ar an mórgóir, tá McHugh ag streachailt leis na deacrachtaí móra céanna a bhain dá réamhtheachtaí, Dinny McGinley – easpa maoinithe agus easpa cumhachta toisc nach bhfuil sé ar Bhord an Rialtais.

Céard go baileach atá déanta ag Joe McHugh go dtí seo?

D’éirigh leis €1m eile a fháil do bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus tá airgead ceadaithe do thograí éagsúla Gaeltachta agus do Chomóradh an Chéid 1916 aige. Tá dlús curtha aige leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ach níl an córas sin gan locht agus níor éirigh leis maoiniú ceart a fháil chun é a chur i gcrích.

Tá tús curtha chomh maith aige le hiarracht dul i bhfeidhm ar ranna stáit eile maidir lena a laghad daoine le Gaeilge atá fostaithe sa státseirbhís, ach shílfeá gur ag snámh in aghaidh easa a bheidh sé ansin.

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh “gur beag dul chun cinn” atá déanta ag McHugh, cé gur “fear deas é”.

“Ar bhonn pearsanta, sílim gur fear maith é agus ó thaobh foghlaim na Gaeilge de, tá an-dul chun cinn déanta aige, ach cheap mé go ndéanfadh sé sin, mar bhí cluastuiscint mhaith aige. Ach ní hionann duine agus polasaí Stáit, agus tá polasaí an Stáit i leith na Gaeilge anois chomh dona céanna nó níos measa ná mar a bhí nuair a thosaigh sé anuraidh.

“Fiú an cúpla rud maith atá déanta – na moltaí oideachais don Ghaeltacht, mar shampla – ní hé a rinne tromlach na hoibre orthu, cé go luaitear leis iad.”

Ní dóigh le hÓ Clochartaigh go bhfuil mórán ceannaireachta léirithe ag McHugh, go háirithe i gcás na géarchéime teanga sa Ghaeltacht ar deineadh cur síos uirthi sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.

‘Is cosúil nach bhfuil sé théis fiú aon ráiteas a dhéanamh faoi sin,’ a deir an Seanadóir.

Fág freagra ar 'Bliain an Aire – Conas mar atá ag éirí le Joe McHugh mar Aire Stáit na Gaeltachta?'