Bliain a chríochnaigh le híomhá de Dhaidí na Nollag agus gunna ina ghlac aige…

Cé go raibh dalladh deiseanna vótála acu tá an pobal d’uireasa rialtais i Stormont le trí bliana agus an Breatimeacht ag bagairt i gcónaí

Bliain a chríochnaigh le híomhá de Dhaidí na Nollag agus gunna ina ghlac aige…

Bhíothas á thuar i rith na bliana go n-íocfadh an DUP agus Sinn Féin an téiléireacht san olltoghchán. Maíodh go mbainfeadh roinnt daoine an deasca as páirtí Arlene Foster mar go ndearna siad beag is fiú de vóta mhuintir an Tuaiscirt in aghaidh an Bhreatimeachta. Maíodh chomh maith go mbeadh thiar ar Shinn Féin, mar gheall ar a neamhfhreastal ar Westminster nuair a d’fhéadfadh a seacht vóta a bheith éifeachtach in éadan an Bhreatimeachta chrua. Thairis sin bhí lear mór daoine míshásta leis an dá pháirtí faoin bpairilis pholaitiúil in Stormont.

Tá a fhios againn anois cén tionchar a bhí ag na rudaí sin dáiríre ar vótóirí.

Ciallaíonn an t-ollbhua a bhí ag Boris Johnson agus na Caomhaigh go bhfuil seal an DUP ina ‘maistrí’ in Westminster caite. Ina theannta sin fuair páirtithe Stormont a gcuid orduithe ón bpobal. Bhí titim ar vótaí DUP agus Shinn Féin agus treoir acu faighte acu ón bpobal dá réir aird a thabhairt ar a ngnóthaí díláraithe.

Cuireadh tús le dreas nua idirbheartaíochta agus éileamh déanta go dtabharfaí aghaidh ar an drochbhail atá ar an tsochaí.

Bhí miondealú ar na torthaí olltoghcháin fós ar siúl nuair a bhí ar na páirtithe ullmhú d’idirbheartaíocht nua faoi Stormont agus aghaidh a thabhairt ar an drochbhail atá ar an tsochaí.

Foréigean

Daidí na Nollag le gunna ina ghlac. Ba mhinic íomhá chomh gránna scanrúil leis sin a fheiceáil le linn na dTrioblóidí.

Crochadh an pictiúr náireach ar fhuinneog Saoradh i nDoire agus teachtaireacht Nollag breactha air ag bagairt ar phóilíní. Ba é Saoradh a chroch, an eagraíocht chéanna a chosain na heasaontóirí poblachtacha ar a dtugtar an IRA Nua nuair a mharaigh siad Lyra McKee.

Is léir nach raibh breith ar a n-aithreachas acu siúd ó mharaigh siad an t-iriseoir óg a bhí ag faire ar léirsiú ar an gCreagán i mí Aibreáin. Buaileadh sa chloigeann í nuair a scaoil fear gunna an IRA Nua leis na póilíní i sráid phlódaithe. Tharraing an eachtra aird na cruinne agus ghríos sé an dá rialtas chun na páirtithe logánta a thabhairt ar ais le chéile le hiarracht a dhéanamh Stormont a tharrtháil.

Níos luaithe sa bhliain bhí an t-ádh dearg ar scata de dhaoine óga a shiúil thar charrbhuama le hais Theach na Cúirte i nDoire nóiméad sular phléasc sé. Ar an IRA Nua a cuireadh an milleán. Taca an ama chéanna i mí Eanáir maraíodh Ian Ogle in eachtra bhrúidiúil ar an tsráid in oirthear Bhéal Feirste. D’ionsaigh cúigear fear é os comhair na gcomharsan lasmuigh dá theach i gceantar dílseach, Plás Chluana. Sádh sa droim é aon uair déag agus scoilteadh a bhlaosc. Cuireadh an milleán ar pharaimíleataigh an UVF. Tá triúr cúisithe.

Folús

Bhain an eachtra sin suaitheadh as cuimse as an bpobal in oirthear Bhéal Feirste ach ní cause célèbre ar nós mharú Lyra McKee a bhí ann. Sa Bhealtaine, agus cúrsaí go mór faoi anáil an rachta bróin agus samhnais a tharraing bás anabaí an iriseora, cuireadh tús le dreas eile cainteanna in Stormont. An Tánaiste Simon Coveney agus Státrúnaí an ama, Karen Bradley, a bhí ina gcathaoirligh.

Faoi dheireadh an tsamhraidh bhí Theresa May curtha dá cois mar Phríomh-Aire na Breataine, bhí Boris Johnson tagtha ina chomharba uirthi agus bhí Karen Bradley briste as a post agus Julian Smith ceaptha ina háit. Bhí ‘na cainteanna’ fós in ainm is a bheith ar siúl. Bhí bisiúlacht na hidirbheartaíochta faoi shlat an DUP agus Shinn Féin arís agus na mionpháirtithe fágtha ar an taobhlíne.

Ní raibh rath orthu. Dúirt páirtithe eile gur ar Westminster a bhí aird an DUP agus go raibh páirtí Arlene Foster fós mórchúiseach de bharr go raibh ceangal na gcúig gcaol acu ar rialtas na gCaomhach a bhí ag brath ar a vótaí. Más ea, níor léir go bhfaca siad na hathruithe a bhí chucu faoi réimeas Boris Johnson. Mhaígh feidhmeannaigh rialtais gur faoin DUP a bhí sé cinneadh an ndíolfaidís lena lucht leanúna bunús an mhargaidh a bhí faoi chaibidil nó an seachnódh siad é mar a rinne siad i mí Feabhra 2018.

Ba chosúil go raibh Sinn Féin ag iarraidh filleadh ar Stormont. Tar éis sraith de thoghcháin abhus agus ó dheas inar léiríodh go raibh an páirtí poblachtánach ina stad nó ag dul ar gcúl theastaigh uathu cor a chur sa scéal. Ina theannta sin, bhí gá acu le fóram éigin, ó bhíothas á gcáineadh faoina neamhfhreastal ar Westminster nuair a d’fhéadfadh éifeacht a bheith ag vótaí i dtaca leis an mBreatimeacht dá mbeidís sásta iad a chaitheamh. Mhaígh Sinn Féin go raibh tionchar acu ar chúrsaí sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath ach thug go leor an chluas bhodhar dóibh.

Toghcháin

Ba é olltoghchán Westminster na míosa seo an tríú dreas vótála abhus i mbliana. Sna toghcháin áitiúla i dtús mhí na Bealtaine chaill an DUP suíocháin agus theip ar Shinn Féin an dul chun cinn a bhí á thuar acu a dhéanamh. Áiríodh gurbh é an folús in Stormont faoi ndeara breithiúnas diúltach na vótóirí an geábh sin. Ba iad Alliance na buaiteoirí móra agus rinne Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabach dul chun cinn freisin.

Trí seachtaine ina dhiaidh sin choinnigh an dá mhórpháirtí a suíocháin Eorpacha agus d’éirigh go han-mhaith le Alliance nuair a bhain a gceannaire Naomi Long suíochán Eorpach. Ní fios cén fhad eile a bheidh Long, Diane Dodds an DUP agus Martina Anderson, Sinn Féin, triúr feisirí Eorpacha Thuaisceart Éireann, ag freastal ar Pharlaimint na hEorpa, ar ndóigh. Braitheann sin, ar nós go leor eile, ar dháta an Bhreatimeachta.

In olltoghchán na míosa seo…

Bliain chorrach

Bliain chorrach ab ea 2019, tríd is tríd. Tá drochbhail ar sheirbhísí poiblí, tá scoileanna i bhfiacha agus cuid acu chóir a bheith bancbhriste agus tá daoine atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh buailte go dona ag athruithe ar an gcóras. Ach siad na fadhbanna sa chóras sláinte is measa ar fad. Sna seachtainí roimh an olltoghchán tháinig sé chun solais go raibh breis is 300,000 duine ar liostaí feithimh chun dochtúir comhairleach a fheiceáil den chéad uair.

Sin duine as gach seisear. Bhí othair eile ag fanacht ceithre bliana ar obráid, bhí na haonaid éigeandála sna hospidéil plúchta agus bhí ganntanas mór foirne i ngach roinn den tseirbhís. Chuaigh oibrithe cúltaca agus altraí i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch agus bhí ceardchumann amháin ar stailc den chéad uair le 100 bliain. Dhá chúis a bhí acu –easpa foirne agus an chontúirt d’othair dá bharr agus ráta pá níos ísle a bheith acu ná mar atá ag a gcomhghleacaithe sa Bhreatain, cinneadh a rinne Jim Wells in Stormont nuair a bhí an DUP agus Sinn Féin i gceannas.

2019? Gá le feabhas.

Fág freagra ar 'Bliain a chríochnaigh le híomhá de Dhaidí na Nollag agus gunna ina ghlac aige…'