Bliain a bhí lán le bladar ach níor athraigh rud ar bith

D’éirigh leis na rialtas fanacht in oifig in 2022 ach  ní raibh siad in ann stop a chur le fás Shinn Féin

Bliain a bhí lán le bladar ach níor athraigh rud ar bith

Murar éirigh leis an rialtas leigheas a fháil aon cheann de na mórfhadhbanna atá ag goilliúint orainn – tithíocht, sláinte, costas maireachtála is eile – ar a laghad d’éirigh leo fanacht in oifig ar feadh na bliana agus, go deimhin, post an Taoisigh a bhaint go síochánta as lámha Mhichíl Martin is é a thabhairt do cheannaire Fhine Gael, Leo Varadkar – gan toghchán, gan sainordú, gan raic, más ea.

Éacht ann féin, gan dabht.

Maidir le polaitíocht na bliana, bhí dhá cheist i mbarr na gceannlínte sna meáin: sa mbaile, conas a d’fhéadfadh an rialtas fanacht le chéile agus Sinn Féin a choinneáil amach; agus, go hidirnáisiúnta, cogadh na hÚcráine agus a thionchar ar an neodracht, agus ar eacnamaíocht na hÉireann agus na hEorpa.

Ón tús, ní hamháin gur chaith an rialtas an neodracht ar leataobh maidir lena ndearcadh faoin gcogadh, ach bhain siad leas as le moltaí a chur ar aghaidh le tuilleadh caiteachais a dhéanamh ar armas agus ar na Fórsaí Cosanta – ní tuarastail ach trealamh a bhí i gceist ar ndóigh– agus iad a chur in oiriúint don chomhoibriú le fórsaí míleata na hEorpa.

Agus nuair a mhol bean an Uachtaráin, Sabina Higgins, gur chóir dúinn dul ar thóir na síochána tugadh go borb fúithi, in ainneoin gur léirigh pobalbhreith ina dhiaidh go raibh tacaíocht láidir aici.

Mar chuid den phróiseas, mhaígh an rialtas nach gcuirfidís uasteorainn ar líon na dteifeach a ligfí isteach sa tír. Caint bhreá, ach amháin nach ndearna siad aon phleanáil don líon daoine a tháinig. Radharc náireach é daoine a fheiceáil i bpubaill in aimsir sheaca. Agus radharc níos náirí é grúpaí ag béiceadh maslaí ciníocha ar theifigh.

Sé an rialtas atá ciontach as sin. Ní raibh siad in ann an iarracht a rinneadh i dtaobh theifigh na hÚcráine a dhéanamh i leith shaoránaigh na tíre seo atá gan dídean, agus ní hionadh ar bith é nach raibh daoine sásta, go háirithe nuair a bhí teifigh á lonnú i gceantair íosaicme ach nach raibh á gcur in áiteacha ‘deasa’ ar nós Chnoc an tSionnaigh nó Chnoc na Cathrach.

Bhí praiseach na dteifeach ceangailte ar ndóigh le géarchéim na tithíochta, ach tar éis scéim i ndiaidh scéime níor éirigh leis an rialtas dul i ngleic leis an scéal, agus tá cúrsaí níos measa anois ná mar a bhí riamh.

Cíos as cuimse, srianta ar mhorgáistí a fháil, easpa tithe tógtha, is mar sin de.

Tá tionchar aige sin ar ndóigh ar na deacrachtaí atá ann le múinteoirí nó altraí a fháil sna cathracha, agus ionaid chónaithe a chur ar fáil don fhoireann oilte oibre a thugann na hollchomhlachtaí isteach.

Ó am go céile freisin labhraíodh faoi ghéarchéim mhór an domhain – an baol don aeráid. Ach ní dhearnadh aon iarracht plean a chur le chéile agus feachtas a chur ar siúl le tacaíocht daoine a mhealladh.

Ina ionad sin, bhí tuilleadh ionsaithe ar charranna, ar bhóithre, ar úsáid na móna, agus ar dhaoine a bhíonn ag taisteal chun na hoibre.

Ach cé gur éirigh leis na rialtas fanacht in oifig, ní raibh siad in ann stop a chur le fás Shinn Féin. Bhí tacaíocht 33% acusan sna pobalbhreitheanna ag tús na bliana, agus ar an meán anois tá 35% acu.

Maidir leis na gcuid eile den fhreasúra, tá Páirtí an Lucht Oibre fós beagáinín ann agus mórán as. D’athraigh siad ceannaire sa Mhárta, i bhfianaise na leibhéil ísle tacaíochta a bhí acu san pobalbhreitheanna. Ach níor dhein sé aon difir. Tá an páirtí fós timpeall ag trí faoin gcéad, síos ón leibhéal tubaisteach 4.4% a fuair siad san olltoghchán.

Cinnte, rinneadh iarrachtaí fíochmhara i rith na bliana cuid den tacaíocht a bhí ag Sinn Féin a bhaint díobh, trí chur i gcuimhne do dhaoine óga gur tharla rudaí gránna le linn na streachailte armtha.

Ní raibh mórán tionchair ag an hiarrachtaí sin, má bhí tionchar ar bith.

Ach cé gur éirigh le Sinn Féin an tús-áit a choinneáil, agus bearna mhór idir iad agus aon pháirtí eile, ní léir cén chaoi a gcuirfidís comhrialtas le chéile i ndiaidh olltoghcháin.

Le Fianna Fail, b’fhéidir, ach beidh sé riachtanach Micheál Martin a chur as an mbealach má tá a leithéid le tarlúint. B’fhéidir anois agus deireadh tagtha le tréimhse Martin mar Thaoiseach go bhfeicfimid iarracht eile a dhúshlán a thabhairt maidir le ceannaireacht Fhianna Fáil.

I gcoitinne ámh, níor athraigh mórán i rith na bliana: Sinn Féin atá fós sa chéad áit ach níl bealach soiléir ann dóibh le dul i mbun rialtais. Tá páirtithe na bunaíochta ag crochadh le chéile chun iad a choinneáil amach, is níl freastal á dhéanamh ag an rialtas ar na fadhbanna atá ag goilliúint ar an aos óg, go háirithe.

Ní haon ionadh go bhfuil díomá ar dhaoine.

Fág freagra ar 'Bliain a bhí lán le bladar ach níor athraigh rud ar bith'