Blas mínádúrtha ar shaothar na nDragan – ‘I’m out’

Samhlaítear dár léirmheastóir nach bhfuil ós na Dragain ná ó na hiarrthóirí ar Dragon’s Den ach a bheith ar an scáileán agus go bhfuil an deis infheistíochta in áit na leathphingine

Dragon's Den, 2016. Photography by Ruth Medjber www.ruthlessimagery.com

Ceisteanna á gcaitheamh ar dalladh, figiúirí ag imeacht sa bhfraoch, ciotrúntacht, buaileam sciath, idirbheartaíocht, tairiscintí, fritairiscintí, glacadh nó an t-eiteach. Tá Dragon’s Den (RTÉ 1, aréir) fillte don seachtú sraith le tástáil a chur ar dhaoine a bhfuil rún acu a bheith ina bhfiontraithe.

Tar éis sos dhá bhliain bhaineas súp as an gcéad ghála.

Ar feadh scaithimh bhíos ana-thógtha leis an leagan Sasanach den chlár seo a craoladh den chéad uair in 2005 agus dá bharr bhí suim faoi leith agam sa leagan Éireannach a tháinig ar an scáileán beag ceithre bliana ina dhiaidh sin.

Braitheann comhdhéanamh an chláir seo ar mheon na nDragan agus bhí gearradh is leibhéal ag roinnt le Niall O’Farrell, Sean Gallagher agus Bobby Kerr ar feadh na mblianta. As an gcúigear bunaidh (Sarah Newman ba ea an duine eile) níl ach Gavin Duffy fós buailte fé sa chathaoir shuaithinseach.

Ba gheall le cathaoireacha ceoil é le blianta beaga anuas le piardaí ag teacht agus ag imeacht. Don tsraith seo tá beirt bhan earcaithe: Alison Cowzer agus

Elanor McAvoy. Más aon chomhartha a n-ionchur aréir ní bheidh aon leisce orthu a maidí a chuir sa bhfeamainn.

Bítear ag cásamh an easpa ban i go leor earnálacha den saol, earnáil an ghnó san áireamh, agus ba dheas mar sin gur mhiad an chéad triúr a bhí ar a dtriail os comhair na nDragan aréir. Ina dhiaidh sin féin ba gheall le héisteachtaí do scoil ‘Billy Barry’ an chéad 20 nóimint nó mar sin leis an oiread leanaí a bhí earcaithe isteach sa chúram.

Ba í Ollwyn Moran, ó Cognikids, comhlacht a tháirgeann earraí a chabhraíonn le forbairt intleachtúil an linbh, ba thúisce a chuaigh sa bhearna bhaoil. Thug sí taispeántas deisbhéalach uaithi agus bhí sí breá in ann an fód a sheasamh nuair a thosnaigh an chonairt ag seilg. Bhí comhrac beirte taitneamhach idir í agus Duffy agus fuair sí an fear maith ar an seanfhondúir sa deireadh nuair a thug sí an t-eiteach dó. Ba léir gur baineadh hap as agus go raibh aiféala air nár thapaigh sé a dheis i gceart. Is dóigh liom, áfach, gur thug an comhrac sin léargas ar cheann de laigeachtaí an chláir.

Samhlaítear dom ar uairibh nach bhfuil ós na Dragain ó na hiarrthóirí araon ach a bheith ar an scáileán agus go bhfuil an deis infheistíochta in áit na leathphingine. Taibhsítear dom go mbíonn na Dragain ag baint na sála dá chéile ag iarraidh an t-eiteach a thabhairt agus greim a chóiméad ar a sparán. Ar an lámh eile bíonn leisce ar na hiarrthóirí dul i mbun comhghuaillíochta óir go bhfuil obair chapaill déanta acu ar a ngnónna, cnapshuim réasúnta beag á lorg agus sciar mór den chomhlacht á lorg ag an seabhac. Thuigfeá dóibh mura mbeadh uathu ach fógraíocht shubstaintiúil shaor in aisce a fháil le linn phríomh-am féachana. D’aithin Barry O’Sullivan féin é sin ag pointe amháin agus iontas air go raibh aon chabhair á lorg ag iarrthóir amháin óir go raibh an oiread sin de ghaisce déanta cheana féin. Fágann sin blas mínádúrtha ar an táirge agus is minic go mbím do mo cheistiú féin (in ainneoin na gcláracha athchuairte) faoin leas/brabús a eascraíonn as comhghuaillíochtaí na gclár. ‘I’m out.’

Fág freagra ar 'Blas mínádúrtha ar shaothar na nDragan – ‘I’m out’'