Tá blaiseadh ar fáil d’albam nua Shíle Denvir, amhránaí aitheanta ar an sean-nós.
Leaganacha comhaimseartha de sheanamhráin atá le cloisteáil ar Anamnesis, an chéad albam aonair leis an amhránaí as Conamara ar bronnadh gradam TG4 d’Amhránaí na Bliana uirthi an mhí seo caite.
Amhrán mór de chuid cheantar Chonamara ‘Tá na Páipéir dhá Saighneáil’ an dara singil agus físeán óna halbam nua.
Cuireadh an chéad singil agus físeán, leagan den amhrán traidisiúnta ‘Eleanóir a Rún’, amach an mhí seo caite. Is é Dónal Glackin a thaifead an dá fhíseán.
Is amhránaí agus cruitire í Síle Denvir a bhunaigh an grúpa Liadán. Is léachtóir le Gaeilge í chomh maith a bhfuil leabhair scríofa aici faoi chumadóirí as Conamara, Tom a’ tSeoighe: Amhráin (2020) agus Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (2008), a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht.
Ag labhairt di faoina halbam nua dúirt Síle Denvir, go bhfuil cuid de na chéad amhráin a d’fhoghlaim sí le cloisteáil ar an bhailiúchán.
“Thosaigh mé ag gabháil fhoinn nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois agus tá cuimhne ghlan ghlé agam ar mo thuras seachtainiúil sa gcarr soir ag an nGaelacadamh agus mé lán le fiuchadh foinn an chailín óig.
“Sin an áit dhraíochtúil ina raibh Máire Pheitir Uí Dhroighneáin, Peatsaí Ó Ceannabháin, Pádraic Ó Conghaile agus laochra eile amhránaíochta an cheantair ag múineadh an tsean-nóis d’óige na Gaeltachta ag an am. Is ansin a d’fhoghlaim mé mo chéad amhráin, ina measc ‘Dónall Óg’ agus ‘Cúirt Bhaile Nua’ atá ar an albam seo.”
Dúirt Denvir gur roghnaigh sí amhráin a d’fhan “go domhain” ina croí dá céad albam, a thugann léargas “ar nádúr agus ar mhianach an duine”.
Tá Anamnesis ar fáil le híoslódáil go digiteach agus mar dhlúthdhiosca ar Bandcamp agus le sruthú ó Spotify agus ardáin eile.
alan titley
Táimid ag coinne go mór leis le flosc agus eile…agus an chéad cheann eile…agus an chéad cheann ina dhiaidh sin…agus
Epghan Ó Néill
Chuala Síle Denver ag ceoladh Tomás Bán MacAogáin agus fidilí mar dhord sa chúlra agus is iontach an dóigh inar chuir sí mothucháin scéil an amhráin i bhfeidhm!