Blais den ‘chaint thíriuil chréúil chraicneach’ –  gearrcéalta Uí Cadhain le plé ar Zoom

Beidh buíon léitheoirí ag teacht le chéile go fíorúil chuile re Domhnach ón Domhnach beag seo ar aghaidh le scéalta an Chadhnaigh, a bhásaigh leathchéad bliain ó shin, a phlé ar Zúm 

Blais den ‘chaint thíriuil chréúil chraicneach’ –  gearrcéalta Uí Cadhain le plé ar Zoom

Leathchéad bliain ó shin, an 18 Deireadh Fómhair 1970, a bhásaigh mórscríbhneoir an Chnocáin Ghlais agus na hÉireann Máirtín Ó Cadhain. Ní nach ionadh bhí go leor imeachtaí comórtha á mbeartú lena shaothar agus a shaol a cheiliúradh ach tháinig an ráig den Covid-19 agus na srianta sa mbealach ar chuid mhaith.

An t-aitheantas is fearr d’údar ar bith go léifí an saothar agus a bhuíochas don teicneolaíocht tá sé beartaithe go dtiocfaidh ciorcal léitheoireachta le chéile ar Zúm le gearrscéalta an Chadhnaigh a léamh agus a phlé.

Tiocfaidh buíon léitheoirí le chéile chuile re Domhnach ag 7.30 i.n ón 18 Deireadh Fómhair ar aghaidh,  ar feadh uair an chloig nó mar sin ar chóras Zoom.

Beidh léitheoir i mbun chuile sheisiún a threoróidh na léitheoirí trí scéal a fhógrófar roimh ré agus beidh deis ag chuile dhuine a bheith gníomhach sa bplé ar scéalta as an leabhar Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht sa mbliain 2014.

An Taoille Tuile a céadfhoilsíodh sa gcnuasach An Braon Broghach, an scéal a phléifear an Domhnach beag seo faoi threoir Mháire Ní Neachtain as an Spidéal agus beidh Máire Ní Chualáin as an gCeathrú Rua i mbun plé ar An Bhearna Mhíl Lá Samhna.

Gealltar gur deis iontach a bheidh sna seisiúin seo le léamh eile a dhéanamh ar shaothar fhathach na nua-litríochta Gaeilge nó tabhairt faoi den chéad uair féin.

Más uait aithne níos fearr a chur ar an saol agus an pobal as ar fáisceadh Máirtín Ó Cadhain, an t-ábhar sin a phlé agus agus taitneamh a bhaint as “caint thíriuil, caint chréúil, caint chraicneach” a mhuintire, seo do sheans leathchéad bliain ó bhásaigh sé.

Más maith leat a bheith ag léamh nó má bhí rún agat tabhairt faoi shaothar Uí Chadhain uair éicint: tapaigh an deis seo! Níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist  a sheoladh chuig optchoisfharraige@gmail.com le d’ainm a chlárú agus An Taoille Tuile a léamh roimh an 18 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Blais den ‘chaint thíriuil chréúil chraicneach’ –  gearrcéalta Uí Cadhain le plé ar Zoom'