Bíonn rothaí móra na mbainisteoirí ag síorchasadh

Cuirfear an-spéis go deo sna ceapacháin a dhéanfar leis na folúntais éagsúla i gcomhair bainisteoirí idirchontae a líonadh

Bíonn rothaí móra na mbainisteoirí ag síorchasadh

Bainisteoir nua Chill Chainnigh, Derek Lyng. Pic: INPHO/James Crombie

Is dócha go rabhamar ag súil le cúpla ceann de na folúntais a fógraíodh le haghaidh bainisteoirí sinsir idirchontae.  

Ach tháinig ceann amháin aniar aduaidh orainn agus bhí folúntas gan choinne eile ann mar thoradh ar an gceann a tháinig aniar aduaidh orainn.  

B’in iad na cinn i bPort Láirge agus i dTiobraid Árann.  

Agus dar ndóigh tá rí na mbainisteoirí imithe den stáitse agus 24 bliain caite aige i mbun dualgais le Cill Chainnigh. Sea tá Brian Cody imithe agus is mór an dúshlán a bheidh roimh Derek Lyng anois, a ceapadh in áit Cody an tseachtain seo. 

Bhí cuid mhaith ainmneacha á lua leis an bpost, Eddie Brennan, Michael Fennelly agus Henry Shefflin ina measc, ach tá an cúram tugtha do Derek Lyng, a bhí ina roghnóir le Brian Cody ar feadh tamaill agus a bhí mar bhainisteoir ar fhoireann bhuacach faoi 20 an chontae a thug leo craobh na hÉireann i mbliana.  

N’fheadar an sórt cailís nimhe é teacht i ndiaidh Brian Cody agus é chomh rathúil thar thréimhse chomh fada sin sa chontae. 

I dTiobraid Árann bhí cuid maith den cháineadh faoin tslí a cuireadh Colm Bonner de dhroim seoil. Bhí sé thar a bheith dian air agus thar a bheith fuarchúiseach ó bhord an chontae. Chuir sé eachtraí a tharlaíonn sa Premiership i gcuimhne dom. 

Agus te bruite sna sála ar an eachtra sin bhí ainmniúchán Liam Cahill mar bhainisteoir nua an chontae. In agallamh le Marty Morrissey go luath ina dhiaidh sin shéan Cahill go raibh aon rud as an mbealach déanta aige agus dúirt sé nach raibh aon teagmháil déanta aige le bord an chontae go dtí go raibh Bonnar imithe.  

Chonacthas domsa go raibh cuma sórt amhrasach go leor ar an eachtra dhíomách seo.  

I mBaile Átha Cliath is cosúil go bhfuil na hagallaimh fós ar siúl agus fear á lorg chun iománaithe an chontae a stiúradh. 

Chuala go raibh ainm Davy FitzGerald á lua I mbólaí áirithe. 

Ach chun bheith fírinneach faoi, cloisim ainm Davy á lua le cuid maith de na folúntais idirchontae. Tá Pat Gilroy luaite freisin mar atá Joe Fortune, atá ina bhainisteoir leis an iarMhí. 

Tá Davy Fitz agus Derek McGrath á lua sa chaint faoin bhfolúntas i bPort Láirge.  

Is aisteach mar a d’athraigh cúrsaí sa chontae sin ó thosach na bliana. 

Agus na cluichí sraithe díreach tosaithe, bhí cuid mhaith cainte faoi Phort Láirge agus iad ag breith suas ar Luimneach. I ndiaidh a mbua i gcluiche ceannais na sraithe bhí na tuairimí sin níos glóraí fós. Ansin thit an tóin as rudaí do na Déise. Bhí feachtas craoibhe an-olc acu agus ansin d’fhág Liam Cahill. 

Beidh mórchuid le déanamh ag pé bainisteoir a ainmneofar. 

Tá post le líonadh i gcontae Laoise freisin agus ‘Cheddar’ Plunkett críochnaithe sa phost. 

Anseo i gCorcaigh bhí cuid mhaith leantóirí thar a bheith sásta le hainmniúchán Pat Ryan mar bhainisteoir ar iománaithe an chontae. Tá a phrintíseacht curtha isteach aige agus mórán buaite ag foirne faoina stiúir. 

Níor luigh bord na chontae ar na maidí. Bhíodar an-tapa ag ainmniú Ryan. Bhí sé mar bhainisteoir óg go leor leis na Sáirséalaigh nuair a bhuadar craobhacha contae in 2012 agus 2014. Ansin bhí sé i gceannas ar fhoireann faoi 20 an chontae a bhuaigh dhá chraobh na hÉireann in 2020 agus in 2021. Ansin i lár na seachtaine d’fhógair Ryan go mbeadh na roghnóirí céanna aige agus a bhí aige leis na foirne buacacha faoi 20 san. 

Tá Ciarán Joyce, Alan Connolly, Daire O’Leary, Shane Barrett agus Tommy O’Connell ó na foirne siúd tar éis léim go dtí an grád sinsir. 

Agus tá scata imreoirí eile a bheidh sna sála orthu sula i bhfad, leithéidí Eoin agus Brian De Róiste ó Bride Rovers, Eoin Downey ó Fhánaithe an Ghleanna, Ethan Twomey ó Chumann Bharra Naofa, Sam Quirke ó Mhainistir na Corann agus Brian O’Sullivan ó Cheann Tuirc. 

Mar sin tá rothaí móra na mbainisteoirí ag síorchasadh agus cuirfear an-suim sna hainmniúcháin a dhéanfar i gcontaetha eile, gan mórán moille, déarfainn. 

Ar na páirceanna imeartha tá cuid mhaith contaetha nach bhfuil ach ag cur tús leis na comórtais chraoibhe ach i gCiarraí imreofar cluiche ceannais na sinsear amárach idir An Baile Dubh agus An Tóchar. Beidh sé ar TG4 agus é ag tosú ag 3pm. 

Fág freagra ar 'Bíonn rothaí móra na mbainisteoirí ag síorchasadh'