Bíonn orm leithscéal a ghabháil as an teanga is líofa agamsa a labhairt le córas a deir go bhfuil sí ‘oifigiúil’

Bíodh Tionól Saoránach againn agus más sin atá uainn mar phobal faighimis réidh leis an gcur i gcéill faoi stádas oifigiúil bréige na teanga

Bíonn orm leithscéal a ghabháil as an teanga is líofa agamsa a labhairt le córas a deir go bhfuil sí ‘oifigiúil’

Is minic é ráite linn le bliain gurb iad na healaíontóirí dífhostaithe a thug misneach agus ugach dá lán agus muid cúinneáilte ag aicíd aduain.

Ní hiontas mar sin go mbeadh fiúntas leis an léargas a thabharfadh ealaíontóir Gaeltachta arb í a cheird súil ghrinn a chaitheamh ar an saol agus a bhfeiceann sé a ’speáint dúinn.

Is iomaí sin Coimisiún is Coiste is Páipéar a chuir comhairle ar fáil le beagnach 100 bliain fad is a bhí an teanga ag dreo i mbéal Gael.

Agus ráiteas mórtais is bolscaireachta Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur féidir le duine sa nGaeltacht “nascadh leis an domhan anseo 24/7 más mian leat”, á léamh agam rith sé liom gur iontach go deo an aicíd é an cur i gcéill agus má leantar leis sách fada go gceaptar nach ann d’aon léamh eile ar an saol.

Ar ndóigh ní féidir cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge le cuid mhór den saol anseo i nGaillimh ní áirím leis an domhan. Ach b’fhéidir nach bhfuil “córas teicneolaíochta faisnéise an Údaráis curtha in oiriúint” fós leis an bhfianaise sin a fheiceáil.

Ach féach céard a fheiceann an t-ealaíontóir.

“Mar Ghaeil, tá an bhréag atá á hinsint againn faoi dhul chun cinn na Gaeilge ag luí go trom orainn uilig,” a deir an scannánaí Ciarán Ó Cofaigh ar an suíomh seo le gairid.

An mise an t-aon duine amháin sa tír seo a dúirt ‘Áiméan, Áiméan, a Chiaráin’ ar léamh an ailt dom.

Is fuath liom folúis is éiginnteacht. Inis an drochscéal dom amach díreach agus ansin déileálfaidh mé leis ar chaoi eicínt.

Bíodh Tionól Saoránach againn agus más sin atá uainn mar phobal faighimis réidh leis an gcur i gcéill faoi stádas oifigiúil bréige na teanga. Le bearrán ar an státchóras chuile sheans gur fearr a chruthós an teanga ach an cur i gcéill a bheith nochta. Caitear in aer T1 is T2 an chur i gcéill freisin agus a gcuid sonraíochtaí seasca.

Bíodh reifreann againn más sin a mholtar agus glanadh an státchóras a lámha Iúdáis di. Ní hé an stát a shlánaigh an ceol ná an damhsa ach dáimh is nádúr is díograis an phobail.

Is mó cantal is brú fola atá cruthaithe ag cur i gcéill an státchórais i mo shaol ná aon rud eile. Chuile chuid den státchóras ag déileáil liom i mBéarla ach ar ndóigh is aineolas, tútaíl is dímhúineadh agamsa labhairt leosan i nGaeilge.

Caithfidh mé leithscéal a ghabháil as an teanga is fearr atá agam a labhairt le córas a deir go bhfuil sí oifigiúil. Aisteach go leor ní bhíonn fadhb ar bith ag na Coimisinéirí Ioncaim mo chuid a bhailiú i nGaeilge, féar plé dóibh.

Fógraí chuile lá gur ‘ar scáth a chéile a mhairimid’ agus gur tírghrá againn ar fad vacsaín a fháil i gcoinne an Covid-19 lenár gcomhshaoránaigh a choinneáil slán.

Ach achrann is moill is crá croí le deis a fháil clárú i nGaeilge – ar an nguthán seachas go saoráideach ar líne ar nós an Bhéarlóra.

Córas breá eagraithe i gCathair na Gaillimhe agus plód Gaeilgeoirí dúchais as Gaeltacht Chonamara ordaithe soir le snáthaid a fháil i mBéarla agus ansin ag an nóiméad deiridh deirtear leat ‘You’re not on my register.’

Ar ndóigh bhí coinne oifigiúil agam, bhí mé ar an ‘register’ ach, agus mé ag clárú ar na nguthán níor thuig  an fostaí bocht a chaith 12 bliain ag foghlaim Gaeilge go raibh an ‘Ní’ i mo shloinne tábhachtach agus níor bhac sé lena chlárú.

Ná bac le fada ná Ní – níl ann ach Gaeilge, an ‘tseoid is tábhachtaí atá againn’ chomh fada is go bhfuil sí faoi ghloine i músaem le taobh Dhealg na Teamhrach agus Leabhar na hUidhre.

Tionól saoránachta agus reifreann go beo.

Fág freagra ar 'Bíonn orm leithscéal a ghabháil as an teanga is líofa agamsa a labhairt le córas a deir go bhfuil sí ‘oifigiúil’'

  • Dónall

    Abair sin leis na hEagruis Ghaeilge & le lucht eile an chur i gcéill. Is beag aird a thabharfas siadsan oraibh. Ach fós féin, is iad atá ag rialú saol na Gaeilge & na Gaeltachta!

  • Cormac Ó hAodha

    “Tuigtear dom nach bhfuil córas teicneolaíochta faisnéise an Údaráis curtha in oiriúint chun mioneolas atá iarrtha maidir a bhailiú…”
    Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta
    Samhlaigh é sin mar fhreagra ar cheist i nDáil Éireann le déanaí….. samhlaigh é sin mar chur chuige Údarás na Gaeltachta maidir leis na coinníollacha teanga a leagtar ar na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo – nach ann dóibh gan dabht seachas an seift seanchaite go gcláródh an cliantchomhlacht ainm an chliantchomhlachta as Gaeilge (What does that mean ‘Teoranta’? It means you tick a box sir and you’ll hear no more about that) nó dá mbeadh coinníollacha teanga le dealramh ann bheadh tásc agus tuairisc orthu anois…. sin sampla amháin den chur i gcéill, sampla den scoth fiú… níl in Údarás na Gaeltachta ach áisíneacht tacaíochta gnó atá, is léir, ag déanamh neamhairde dá chúram reachtúil eile atá orthu i.e. AN GHAEILGE agus FORBAIRT PHOBAL NA GAELTACHTA – níl coinníollacha teanga á gcur ar chliantchomhlachtaí an Údaráis, má bhí riamh – cur i gcéill is ea é a rá go bhfuil.
    ….. agus an Phleanáil Teanga curtha isteach faoi chúram na heagraíochta céanna.. Údarás na Gaeltachta mar atá!

    Múinteoirí ag múineadh i scoileanna Gaeltachta gan dóthain Gaeilge acu an rang a stiúradh trí mheán na Gaeilge – sin cur i gcéill eile….. cathain a bheidh an tuarascáil agus an stráitéis 50 bliain a ‘thabharfaidh aghaidh’ ar an bhfadhb thromchúiseach áirithe sin?

    Deireadh leis an gcur i gcéill, ní hamháin sa Ghaeltacht ach sa tír – sna húdaráis áitiúla, sna hollscoileanna, an stát ar líne etc.

    Tionól saoránachta agus reifreann go beo !

  • Peadar

    Á dheabhail fainic an ndéanfaí iarracht iompar dúchasach an státchórais .i. an cur i gcéill a bhaint de! Nach bhfuil fhios agat, a Mháire gurb é an chaoi a gcuirfidís i gcéill dhuit nach raibh i do chuid cainte ach cur i gcéill!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá plean ar fáil chun an fhadhb a réiteach https://currachbooks.com/product/gaeilge-a-radical-revolution/

  • S. Mac Muirí

    Tá 3 rogha againn:
    a bheith trodach faoin teangaidh, nó a bheith goilliúnach, nó an dá ní.
    Caithfimid a bheith trodach le dul chun cinn a dhéanamh dar liom. Dá gcuirfí seasamh (bun)reachta na Gaeilge ar ceal amárach i mBÁC 7 sa mBruiséil, ní roinnfí ceart ná seirbhís amháin sa mbreis orainn thar mar atá againn, nó gan a bheith againn, faoi láthair. Dá mb’fhéidir níos lú a roinnt linn, dhéanfaí sin.
    Nílimid ag tapadh deiseanna 7 nílimid ag ionsaí, feictear dom, mar ba chóir. Thiocfadh le céad duine againn a bheith feistithe le mioncheamaraí 7 le fearais faoi choim, siúl isteach sna hionaid sláinte 7 eachtraí teangadh, mar a tharla do Mháire, a thaifeadadh gan chead a iarraidh roimh ré. B’fhiú eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin mar soin 7 a scaoileadh amach os comhair na ndaoine. Is fíor do Mháire gur aníos ó chosmhuintir na tíre a tháinig borradh faoin gceol 7 faoin damhsa. B’fhusa an dá ghné sin a shlánú 7 a bhisiú ná an sracadh teangadh mar ba dúshlánaí an t-iompú teangadh a chur i gcrích i measc daoine briste díthreafa (bíodh Gaeilg acu nó an sacsbhéarla).
    Is é córas gallda a fheidhmíonn an dá stát in Éirinn, le béalchráifeacht sa nGaeltacht féin, ach léirigh bunú RnaG, TG4, agus gaelscolaíocht thall is abhus , go nglacfar, más le drogall féin é, le dul chun cinn i ndiaidh na troda. Is mithid a bheith seiftiúil 7 ionsaitheach.

  • S. Mac Muirí

    (Ní léifead an leabhar soin thuas a Dhaithí mar nár scríobhadh i nGaeilg í. agus chonaic mé focal amháin sa trácht béarla ina thaobh nach féidir glacadh leis go teangeolaíoch.)

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Tá sé ráite agat a bhean chóir. Clipeadh agus cur i gcéill bheith a d’iarraidh do chúram a dhéanamh i bpríomhtheanga na tíre.
    Ní fada ó shoin agus mé ar an bhfón dtí An Chomhairle Múinteoieachta fágtar a feitheamh mê agus bristear an ceangal trí n-uaire nuair a roghnaíos seirbhís Gaeilge.
    Tá’s agam go bhfuil Gaeilgeoir breâ go hárd san eagraíocht san. Mór an náire iad.
    Tâ a rian san ar staid na teangan sna seomraí ranga.

  • Séamas Mac Coitir

    Sea, táim ar aon intinn leis na tuairimí éagsúla atá nochta ag na scríbhneoirí éagsúla sa chás seo. Monuar, níl iontu ach “guth ag éamh san fhasach”. Níl aon duine chomh bodhar le giollaí an stáit nuair a oireann sé dóibh an chluas bhodhar a thabhairt do dhuine a bheadh ag iarraidh beart gnó éigin a dhéanamh leo trí Ghaeilge, an chéad teanga oifigiúil, mar dhea!! Tá an Ghaeilge chomh feoite agus dreoite, um an dtaca seo, nach bhfuil ann ach deargamaidí a bheith ag iarraidh í a chaomhnú le seoladh ar aghaidh don chéad ghlúin eile! Tá cónaí orm sa Ghealchathair seo le beagnach trí fichid bliain agus mura bhfuil léargas agam ar an dearcadh ‘ leathbhróg ghaelach agus an leathbhróg ghallda’ atá i réim, ní lá go maidin é!