Bíonn léargas luachmhar ar shaol othar Alzheimer le fáil in albaim ghrianghraf agus i ndialanna

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo – ‘Mura bhfuil sé i mo mheabhair agam, tá sé i mo leabhar agam’ a deirtí – is maith an rud cuntais ar thréimhsí saoil

Bíonn léargas luachmhar ar shaol othar Alzheimer le fáil in albaim ghrianghraf agus i ndialanna

Nuair a bhí mo mháthair i lár na bhfichidí chuaigh sí féin agus cara léi ag síobshiúl san Iorua. Thóg Nonny agus Annie bád darbh ainm ‘Venus’ ó Amsterdam go Bergen agus ar aghaidh leo. Ar an ordóg.

Deireadh na 1960idí a bhí ann agus ba neamhghnách an feic iad beirt bhan óga ón Ísiltír ar bhóithre na hIorua. Ba neamhghnách an feic iad carranna féin, go deimhin – ach más fíor an cur síos atá sa dialann a choinnigh mo mháthair le linn an turais ní raibh aon deacrachtaí aici féin agus a cara síob a fháil nuair a chuaigh carr thar bráid.

Doiciméad fíorluachmhar domsa atá sa dialann chéanna. Tá grianghraif ann a ghreamaigh mo mháthair isteach san albam tar éis di féin agus a cara filleadh abhaile, ach is é an téacs – a scríobh sí le linn an turais féin, i mbrúnna óige éagsúla agus i bpeannaireacht bhreá shoiléir – is spéisiúla. Tá léargas ann ar shaol agus ar phearsantacht mo mháthar bliain nó dhó sular phós sí m’athair. Bhí aithne acu sin ar a chéile cheana féin agus tá tagairt amháin dó sa téacs – tagairt saghas ceilte, óir b’fhear pósta a bhí i m’athair ag an am. Ach an rud is mó a sheasann amach sna scéalta beaga sin sa dialann ná an neamhshuim saghas saonta a bhí ag mo mháthair agus ag Annie sna fir agus an súp a bhain siad as comhluadar a chéile: beirt ógbhan ar an ordóg ag déanamh gáire faoi na fir a thugadh síoba dóibh.

Leathchéad bliain níos déanaí, tá galar Alzheimer ar mo mháthair agus ní cuimhin léi tada faoin turas úd go dtí an Iorua. Ach nuair a bhí mé sa bhaile níos luaithe i mbliana, is iomaí oíche a chaith mé féin agus mo mham ag breathnú sa dialann chéanna, na sleachta téacs á léamh amach os ord agamsa agus léarscáil na hIorua lenár dtaobh.

‘Nach iontach an saol a bhí agam,’ a deireadh sí nuair a d’aithníodh sí í féin sna grianghraif (níor aithin sí ná níor chuimhin léi Annie.)

Is minic a rith sé liom sna laethanta sin (agus ó shin) gur maith an rud é go ndeachaigh mo mháthair ar an turas sin i bhfad sular tháinig an ghrianghrafadóireacht dhigiteach chun cinn, an bhlagadóireacht, ná go deimhin Instagram.

Cé a thógfadh an trioblóid air nó uirthi féin na laethanta seo dialann taistil a choinneáil ar pháipéar, agus grianghraif a phriontáil amach agus a ghreamú isteach ann ina dhiaidh sin? Agus an mbeidh fáil fós, leathchéad bliain ón lá inniu, ar a bhfoilsímid ar Instagram agus ar na meáin shóisialta eile?

Mura bhfuil sé i mo mheabhair agam tá sé i mo leabhar agam a deirtí fadó; anois agus meabhair mo mháthar scriosta ag galar Alzheimer, ar a laghad tá léargas ar thréimhse fhíorspéisiúil ina saol ina leabhar aici.

Fág freagra ar 'Bíonn léargas luachmhar ar shaol othar Alzheimer le fáil in albaim ghrianghraf agus i ndialanna'

  • Caitríona Ní Cheallaigh

    Bhí Alzheimer’s ar mo mháthair féin agus go luath sa ghalar chuir mé leabhar le chéile le 400 ghriangraf di. Bhí griangrafanna den clann ann maraon lenár ngaolta ar fad. Rinneamar go leor taisteal agus b’iontach di na griangrafanna de na háiteanna ar fad ina raibheamar agus na daoine gur bhuail muid leo a fheiceáil. Thug an leabhar sin sólás agus suaimhneas di gach lá ar feadh ceithre bliana. Ní raibh lá ann nár oscail sí é go cúpla uair. Bhí se fíor-thabhachtach nach n-imeodh an leabhar ar strae! Bhí sé iontach nuair a thiocfadh daoine ar chuairt chuici mar bhí sí in ann é a thaispeáint dóibh agus labhairt faoi na daoine éagsúla a bhí istigh ann.

    Anois tá an leabhar agamsa agus bainim an-thaitneamh as a bheith ag breathnú ar an saol a bhí aici agus againn, ach níor tabhachtaí, tugann sé sólás domsa smaoineamh ar an méid taitneamh a bhain sise as an leabhar agus an saol a bhí aici. Is fiú go mór a leithéid a dhéanamh!