Bíonn gliondar ar chroí mo mháthar nuair a spreagtar cuimhne éigin gan choinne

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. D’fhonn an cheist chruálach ‘an cuimhin leat?’ a sheachaint, tháinig ár gcolúnaí aníos le cluiche chun a mháthair a thabhairt siar ar bhóithrín na gcuimhní

Bíonn gliondar ar chroí mo mháthar nuair a spreagtar cuimhne éigin gan choinne

An oíche cheana, ní raibh tada le rá agam le mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi agus atá ag stopadh liom le dhá mhí anuas. Ar ndóigh, tharlódh sé ó am go ham nach mbeadh tada le rá lena chéile ag daoine a bhfuil aithne acu ar a chéile leis na cianta, ach tá a leithéid contúirteach má bhíonn galar Alzheimer ar dhuine den bheirt. Is mór an seans, sa chás sin, go dtosóidh an t-othar Alzheimer ar chomhrá a bhí aige nó aici naoi nó deich n-uaire cheana féin an lá sin agus go mbrisfidh ar fhoighne an duine eile.

An oíche cheana, mhothaigh mé gurbh é sin go díreach a tharlódh, agus d’fhonn achrann a sheachaint tháinig mé aníos le cluiche.

Ní maith le daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu an cheist ‘An cuimhin leat?’. Is é an chaoi nach mbíonn siad in ann cuimhneamh ar rudaí nuair a chuirtear brú orthu; mothaíonn siad go bhfuil ag teip orthu, arís eile, i dtástáil éigin. Feicim sin go soiléir i gcás mo mham. Ach bíonn gliondar ar a croí nuair a spreagtar cuimhne éigin gan choinne. 

Rug mé ar leathanach A4 agus ghearr ina phíosaí beaga é. Bhreac mé síos thart ar dhá scór focal a mheas mé a spreagfadh cuimhne éigin ar na píosaí páipéir sin: ainmneacha daoine, ainmneacha peataí, logainmneacha, frásaí barrúla a bhíodh ag clann, cairde nó gaolta – gach rud bainteach le saol mo mham. D’fhill mé na píosaí páipéir suas, chuir isteach i mbabhla iad agus lig do mo mháthair ceann acu a roghnú. D’fhonn an cheist chruálach ‘an cuimhin leat?’ a sheachaint d’iarr mé ar mo mham insint dom faoin bhfocal a bhí scríofa ar an bpíosa páipéir.

Bhí an t-ádh linn ar dtús: chuimhnigh mo mháthair ar an gcéad chat a bhí aici, ar an gcrann piorraí ar chúl an tí inar rugadh í agus ar an linn snámha sa bhaile beag inar fhás sí aníos. Ach ba ghearr nó go raibh aiféala orm gur tháinig mé aníos leis an gcluiche. Níor spreag ainm scoile inar chaith sí na blianta ag múineadh ceoil cuimhne ar bith – ná ainmneacha roinnt mhaith comhghleacaithe, comharsana agus cairde ach oiread. Níor chuimhin léi na turais a rinne muid mar chlann, níor chuimhin léi na cluichí a d’imríodh mé féin agus mo dheartháir nuair a bhí muid óg. Bhí deora ag priocadh i mo shúile. Ar ndóigh tuigim go bhfuil a cuimhne á cailleadh de réir a chéile ag mo mham, ach ní raibh a fhios agam go raibh cúrsaí baileach chomh dona sin. Gan choinne, fuair mé léargas ar an ngortghlanadh atá déanta ag an ngalar cheana féin. 

Ach theastaigh ó mo mháthair leanúint ar aghaidh leis an gcluiche. Thug mé leideanna beaga di nuair a chonaic mé go raibh sí ag streachailt. Murar chabhraigh na leideanna, chuir mé féin an chuimhne chaillte i gcuimhne di. 

‘Nach agamsa a bhí an saol,’ a dúirt sí nuair a bhí an babhla folamh. ‘Rinne mé oiread rudaí!’

Theastaigh uaithi cluiche na gcuimhní a imirt arís an oíche dár gcionn.

Fág freagra ar 'Bíonn gliondar ar chroí mo mháthar nuair a spreagtar cuimhne éigin gan choinne'

  • Úna

    Go hálainn, grma