Bíonn ‘frustrachas’ ar mhuintir na Gaeltachta nuair nach féidir leo páirt a ghlacadh trí Ghaeilge sa phróiseas daonlathach 

Pléadh ag cruinniú de Choiste Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i dTeach Laighean inné moltaí faoi dhualgais Ghaeilge na Choimisiúin Toghcháin nua 

Bíonn ‘frustrachas’ ar mhuintir na Gaeltachta nuair nach féidir leo páirt a ghlacadh trí Ghaeilge sa phróiseas daonlathach 

An tAire Stáit Malcolm Noonan

Tá grúpa Teachtaí Dála ag iarraidh go mbeadh riachtanas ann go mbeadh Gaeilge líofa ag 20% d’fhoireann an Choimisiúin Toghcháin nua atá le bunú faoi reachtaíocht atá á plé i dTithe an Oireachtais.

Thug an tAire Stáit atá ag plé leis an reachtaíocht, Malcolm Noonan, le fios ag cruinniú de choiste Oireachtais tráthnóna inné go raibh an t-eiteach á thabhairt don mholadh.

Dúirt an tAire Stáit agus Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, go raibh sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún Toghcháin nua freastal ar an nGaeilge ach nach mbeadh sé cuí déileáil leis an gceist sa Bhille um Athchóiriú Toghcháin, 2022. 

Ba chóir, a dúirt sé, déileáil lena leithéid tríd an Acht Teanga a leasaíodh le déanaí, acht a bhfuil sé mar chuspóir aige gur cainteoirí Gaeilgeoirí a bheadh in ar a laghad 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Gheall Noonan go gcloífeadh an Coimisiún nua leis na dualgais a bheadh air faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, a rinne an moladh in éineacht le cuid dá chomhghleacaithe i Sinn Féin, go raibh deis ann teacht roimh an gcuspóir sin agus tús a chur ó thús le hearcú dóthain Gaeilgeoirí don Choimisiún Toghcháin.

Tá an grúpa Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin ag iarraidh chomh maith go mbunófaí faoin reachtaíocht nua coiste ar leith a dhéanfadh monatóireacht ar úsáid na Gaeilge le linn toghchán agus reifreann agus a chuirfeadh comhairle ar an gCoimisiún faoi conas aitheantas ceart a thabhairt don Ghaeilge sa chóras toghcháin.

D’ullmhódh an coiste chomh maith tuarascáil bhliantúil faoi úsáid na Gaeilge sa chóras toghcháin agus sa phróiseas daonlathach. Dhéanfadh an coiste speisialta don Ghaeilge moltaí chun a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge lárnach i bhfógraíocht pholaitiúil.  

Mhol na Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin – Eoin Ó Broin, Aengus Ó Snodaigh agus Thomas Gould – go mbeadh an líon céanna fógraíochta i nGaeilge agus i mBéarla ar RTÉ agus go mbeadh an fhógraíocht i nGaeilge amháin ar TG4. 

De réir mholtaí Shinn Féin chinnteofaí go mbeadh aon ábhar oideachais nó aon eolas a bheadh le scaipeadh ag an gCoimisiún i nGaeilge agus i mBéarla agus comhstádas ag an dá theanga.

Rinneadh moladh eile go mbeadh an leagan scríofa Gaeilge de thoghcheantar chomh mór agus chomh feiceálach is a bheadh ag an leagan Béarla in aon cháipéisí oifigiúla.

Bhain leasú eile a mhol an grúpa le cás na Gaeltachta agus leis an gceart páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach trí Ghaeilge. Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur eascair an leasú seo as an “frustrachas” a bhíonn ar dhaoine sa Ghaeltacht nuair a cheiltear an ceart sin orthu ar bhealaí éagsúla, trí theagmháil a dhéanamh leo i mBéarla, mar shampla. Chaithfí a chinntiú, a dúirt sé, nach mbeadh an scéal amhlaidh i gcás an Choimisiúin Toghcháin nua.

Fiú agus Acht na dTeangacha oifigiúla ann, chaithfí na dualgais teanga seo a leagan síos chomh maith sa reachtaíocht faoina mbunófaí an Coimisiún nua, arsa Ó Snodaigh. 

Tarraingíodh siar formhór na moltaí. Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur ghlac sé le “bona fides” an Aire Stáit agus lena ghealltanais go gcloífí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus dá ndéanfaí aon sárú ar dhualgais teanga go rachfaí i ngleic leis sin san athbhreithniú a dhéanfaí ar obair na Choimisiúin i ndiaidh gach toghcháin.

Fág freagra ar 'Bíonn ‘frustrachas’ ar mhuintir na Gaeltachta nuair nach féidir leo páirt a ghlacadh trí Ghaeilge sa phróiseas daonlathach '