‘Bíonn foireann dochloíte go dtí go gcloítear iad’ – Michael Rice dóchasach faoi na Cait

Bhí Rice ina chuid d’fhoireann Chill Chainnigh an uair dheireanach nár tugadh seans na ngrást dóibh i gcluiche ceannais ach bhuaigh na Cait ar Chorcaigh an lá sin in 2006 agus d’fhéadfadh toradh gan choinne eile a bheith i ndán dóibh anois, a deir sé

‘Bíonn foireann dochloíte go dtí go gcloítear iad’ – Michael Rice dóchasach faoi na Cait

Richie English Luimnigh in ísle brí théis chluiche leathcheannais na hÉireann in 2019. Pic: INPHO/James Crombie

Ní minic a tharlaíonn sé go mbaineann iománaithe Chill Chainnigh cluiche ceannais na hÉireann amach agus nach n-áirítear iad mar rogha na coitiantachta ach sin mar atá an deireadh seachtaine seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar shárfhoireann Luimnigh.

Tá Brian Cody ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar fhoireann atá sa tóir ar a tríú craobh as a chéile, díreach mar a bhí an uair dheireanach nár tugadh seans na ngrást do Chill Chainnigh i gcluiche ceannais, sin é ceann 2006 agus na Cait ag imirt in aghaidh Chorcaí.

Tar éis dóibh Cill Chainnigh a chloí in 2004 agus Gaillimh a shárú in 2005, measadh go raibh an-seans ag na Muimhnigh, a raibh stíl nua-aimseartha forbartha acu, an tríú craobh a bhuachan, gaisce nach raibh déanta ó rinne Corcaigh féin é sna 1970idí.

Bhí Michael Rice ina chéad bhliain iomlán ar phainéal Chill Chainnigh in 2006 agus deir sé go rabhthas ag réiteach roimh an gcluiche ceannais chun plean speisialta a chur i bhfeidhm a chuirfeadh stop le Corcaigh.

“Bhí córas agus struchtúr ag Corcaigh ag an am sin leis na pasanna gairide agus ní raibh aon fhoireann eile ag déanamh an rud céanna,” a deir sé.

Is cuimhin leis obair mhór a bheith déanta sna seachtainí roimh an gcluiche ceannais ar conas na Corcaígh a stopadh ach níor mhair an plean i bhfad. Chomh luath agus a thosaigh an cluiche, caitheadh i dtraipisí an plean agus thug na Cait faoina gcéilí comhraic le díograis agus le díocas agus iad ag iarraidh díoltas a fháil ar fhoireann a stop Cill Chainnigh óna dtríú craobh as a chéile a thabhairt leo dhá bhliain roimhe sin.

“Bhí plean againn don chluiche ach, tar éis cúig nóiméad, bhí an plean imithe agus bhí gach duine ag rith timpeall agus ag obair an-dian ar fad.

“Nuair a bhíonn muid ag breathnú siar ar an gcluiche áirithe sin, bíonn muid i gcónaí ag gáire faoi sin. Bhí plean iontach leagtha amach an tseachtain roimhe agus muid ar fad tiomanta dó ach, nuair a thosaigh an cluiche, bhí na leaids ag rith ar fud na háite, gan dúil acu ach sa liathróid.”

Diarmuid O’Sullivan agus Martin Comerford ag cur aithne ar a chéile i gcluiche ceannais 2006. Pic: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Bheadh súil ag Cody leis an díograis chéanna i gcluiche ceannais an Domhnaigh agus beidh plean arís ag na Cait ach deir Rice go mbeadh sé níos fearr dóibh an uair seo cloí níos daingne leis más leo Luimneach a bhualadh.

Níos casta atá na córais imeartha agus struchtúr na bhfoirne éirithe ó aimsir fhoireann sin Chorcaí agus má imítear ar strae ón bplean anois, d’fhéadfadh deireadh a bheith le foireann.

“I mo thuairimse, caithfidh tú a bheith stuama. Ní féidir leat an plean a chaitheamh amach tar éis cúig nóiméad,” a deir Rice. “Caithfidh tú a bheith foighneach chomh maith. B’fhéidir go gcaillfidh tú cúpla scór dá thoradh sin ach, más féidir leat an struchtúr a choimeád sna cúlaithe, b’fhéidir go mbeadh seans agat.”

Tá cosúlachtaí áirithe idir an fhoireann seo agus an ceann sin in 2006, a deir Rice. Foireann óg go maith a bhí inti agus cé go ndeachaigh siad ar aghaidh chun ceithre chraobh as a chéile a bhuachan agus a bheith áirithe ar an bhfoireann ab fhearr riamh, ní rabhthas ag súil le mórán ó Chill Chainnigh sé bliana déag ó shin, dar le Rice.

“Tá ionadh ar dhaoine go bhfuil Cill Chainnigh sa chluiche ceannais i mbliana agus is cuimhin liom in 2006, bhí daoine ag rá – DJ imithe, Pater Barry imithe, John Hoyne imithe agus ceapadh go raibh atógáil ar bun agus go dtógfadh sé blianta le bheith ar ais i gcluiche ceannais. B’fhéidir go bhfuil sé ar an tslí céanna leis an bhfoireann seo. Ní raibh mórán seans á thabhairt dóibh ag tús na bliana.”

Bhí níos mó taithí ag an bhfoireann in 2006 cinnte, agus boinn uile-Éireann buaite ag leithéidí Henry Shefflin, JJ Delaney, Tommy Walsh, Martin Comerford agus Michael Kavanagh. Ón bhfoireann a thosaigh in aghaidh an Chláir cúpla seachtain ó shin, ní raibh boinn buaite ach ag TJ Reid, Pádraig Walsh agus Eoin Murphy.

Ina ainneoin sin, tá taithí acu ar fhoireann seo Luimnigh a shárú, rud nach bhfuil ag mórán foirne eile sa tír agus níor cheart go mbeadh aon easpa díograise ag cur as do Chill Chainnigh Dé Domhnaigh.

Deir Rice go dtuigfidh imreoirí na gCat nach gceapann go leor daoine go mbeidh siad in ann Luimneach a bhualadh agus nach dteastódh aon spreagadh eile uathu Dé Domhnaigh. Níl Craobh na hÉireann buaite ag Cill Chainnigh le seacht mbliana anuas, bearna mhór dóibhsean, agus beidh na himreoirí seo ag iarraidh sin a chur ina cheart ar an Domhnach, is cuma cé atá rompu.

“Chaill siad an cluiche ceannais in 2019 [in aghaidh Thiobraid Árann] agus chaill siad cluichí leathcheannais in aghaidh Phort Láirge agus Chorcaí le cúpla bliain anuas. Sílim go bhfeicfimid ocras ollmhór ar Chill Chainnigh. Tá an dúil acu agus fonn orthu an cluiche ceannais a bhuachan dóibh féin. Ní gá an spreagadh sin a fháil ó rudaí a deirtear lasmuigh den champa.”

Michael Rice ag imirt do Chill Chainnigh in 2006. Pic: INPHO/Andrew Paton

Is sa tréimhse seo idir cluiche leathcheannais agus cluiche ceannais a bhaintear úsáid as an taithí uile atá ag Brian Cody agus deir Rice go dtugann cur chuige an bhainisteora an-chúnamh d’imreoirí gan an cloigeann a chailleadh agus iad ag fáil réidh don chluiche.

“Beidh siad ag traenáil Luan, Céadaoin agus Aoine agus beidh Cody ag rá leis na himreoirí go gcaithfidh siad gach rud a dhéanamh i gceart gach oíche. Is rud iontach é sin i mo thuairimse mar, nuair a bhíonn tú ag dul isteach, bíonn tú ag díriú ar thraenáil na hoíche sin, seachas a bheith ag féachaint ar aghaidh go cluiche ceannais na hÉireann agus is rud tábhachtach é sin.”

“Uaireanta bíonn imreoirí ag smaoineamh i rith na seachtaine faoin chluiche ceannais agus faoin lá mór agus ídíonn sé sin fuinneamh. Caithfidh tú a bheith cúramach leis sin. Tá sé i bhfad níos fearr má bhíonn tú ag rá leat féin, ‘Right, anocht tá mé ag traenáil agus caithfidh mé a bheith ag obair ar mo chéad teagmháil’ nó mionrud eile a chleachtadh.”

Maidir leis an bplean a bheidh Cody a chur i bhfeidhm in aghaidh Luimnigh? Ná bí ag súil le haon seift aisteach, dar le Rice.

“Den chuid is mó, beidh sé ag brath ar an ráta oibre. Tuigim go bhfuil sé sin leadránach go leor ach, nuair a bhreathnaíonn tú ar an trian láir den pháirc, tá Luimneach thar a bheith láidir. Tá siad cumhachtach. An féidir le Cill Chainnigh dul buille ar bhuille leo?

“Ansin, an féidir leo a ndóthain liathróide a chur isteach i dtreo na líne lántosaithe? In aghaidh Luimnigh, caithfidh tú pasanna maithe a chur isteach mar go bhfuil Seán Finn, Mike Casey agus Barry Nash ag imirt thar barr. Sa chluiche leathcheannais, bhí Billy Ryan istigh ina aonar agus nuair nach mbíonn an liathróid ag dul isteach i gceart, bíonn sé thar a bheith deacair ag aon tosach istigh ansin.

“Beidh Luimneach ag iarraidh TJ agus Eoin Cody a stopadh. B’fhéidir go mbeadh Seán Finn ag piocadh suas Cody ach tá buntáiste ag Cill Chainnigh ansin mar níl Cody ag imirt sa líne lántosaithe an t-am ar fad agus b’fhéidir go mbeadh siad ag iarraidh fadhbanna a chruthú do Luimneach agus Eoin Cody a bhogadh timpeall na dtosaithe.”

Tá an brú uile ar Luimneach, a deir Rice, agus é dóchasach mar sin go bhféadfadh Cill Chainnigh an ceann is fearr a fháil ar churaidh na hÉireann.

Thug Gaillimh, an Clár, Tiobraid Árann agus Port Láirge na taispeántais is fearr a bhí acu i mbliana in aghaidh Luimnigh sa chraobh go dtí seo, ar sé, agus má leanann cúrsaí ag dul an bealach céanna, d’fhéadfaí toradh gan choinne a fheiceáil.

“Tuigim gurb iad Luimneach an fhoireann is fearr sa tír ach bíonn foireann dochloíte go dtí go gcloítear iad.”

Fág freagra ar '‘Bíonn foireann dochloíte go dtí go gcloítear iad’ – Michael Rice dóchasach faoi na Cait'