Bíonn ar dhaoine i gConamara éirí ar maidin agus gnóthaí an tsaoil a dhéanamh freisin…

Seo chugainn arís na daoine a chreideann gur cheart go múnlófaí an tuath ar mhaithe le laethanta saoire agus caitheamh aimsire a chur ar fáil doibhsean

Screen Shot 2015-10-06 at 00.10.32
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Is cuimhneach liom duine a bhí sa gcóras Stáit agus riaracháin i nGaillimh ag rá liom roinnt blianta ó shin gur ‘cineál áit é Conamara a dtéann tú amach ann nuair nach bhfuil cruóg ná deifir ort’. Bhí sé ag cur lena dhearcadh nach raibh aon phráinn mhór le forbairt na mbóithre ón gCoirib siar.

B’éigean dom a mheabhru dó go raibh cruóg agus deifir orm féin ag teacht isteach as Conamara cúpla uair an chloig roimhe sin agus nach raibh sé de thriail agam a bheith ag breathnú ar chnoic ná ar chladach. Níl a fhios agam ar chuir an méid sin féin ina luí ar an bhfear ‘bróga luaithe’ cathrach seo go bhfuil ar dhaoine i gConamara éirí ar maidin agus gnóthaí an tsaoil a dhéanamh freisin.

Ach, ar ndóigh, ní taobh leis an bhfear seo atá dearcadh den tsórt seo. Tarlaíonn sé go bhfuil daoine in eagraíochtaí, i ngluaiseachtaí agus sa státchoras atá ar an bport gur cheart go múnlófaí an tuath ar mhaithe le laethanta saoire agus caitheamh aimsire a chur ar fáil doibhsean. Tá lorg na smaointeoireachta seo le feiceáil sna conspóidí atá ag teacht chun cinn maidir le cosáin rothaíochta agus siúlóide.

Tá sé feicthe anois in oirthear na Gaillimhe agus i Ros Comáin nach ionann an radharc as na hoifigí agus an radharc ar an talamh. Shocraigh an tAire Iompair, Paschal Donohue, an lá cheana go n-éireofaí as an iarracht le cosán rothaíochta agus siúlóide a fhorbairt as Áth Luain go Gaillimh de bharr tromlach na n-úinéirí talúna sa taobh sin tíre a bheith ina aghaidh. Tá comharthaí ann go bhféadfadh a mhacasamhail de dheireadh a bheith ag plean den chineál céanna san áit ‘a dtéann tú amach ann nuair nach bhfuil cruóg ná deifir ort’.

Bhí an plean do chosán siúlóide agus rothaíochta Chonamara go mór i gceist le riar blianta sular chuir Comhairle Contae na Gaillimhe iarratas forbartha chuig an mBord Pleanála. Bhí tacaíocht Fháilte Éireann ag an bplean seo. Socraíodh go mbeadh cuid mhór den chúrsa bunaithe ar lorg an tseanráille traeneach idir Uachtar Ard agus an Clochán. Ní íocfadh an Chomhairle Contae ná an Stát airgead ar bith as talamh a bheadh ag teastáil le haghaidh an chúrsa; is é an chaoi a dtabharfadh úinéirí talúna ceadúnas – a mbeadh stádas dleathach aige – do dhaoine leis an gcosán a úsáid. Socrú fadtéarmach a bheadh ann.

Níl dabht ar bith ach go bhféadfaí buntáistí a shamhlú leis an gcosán rothaíochta agus siúlóide seo; d’fheilfeadh sé do chuid de mhuintir na háite agus bheadh sé ina bhuntáise do thurasóirí ….agus turasóirí a bhí is mó a bhí ar intinn ag an dream a cheap amach é. Mar a deir fear na mbróga luaithe ‘cineál áit é Conamara a dtéann tú amach ann nuair nach bhfuil cruóg ná deifir ort’. Cuireadh an scéal amach gur ‘no brainer’ a bheadh sa gcosán i gConamara.

Dhéanfadh sé leas do mhuintir Chonamara uilig; bheadh buntáiste as ag chuile dhuine de réir a chéile, agus ghabhfadh sé chun leasa an phobail uilig: b’shin é an leagan amach a bhí sa gComhairle Contae agus i bhFáilte Éireann. Ní cosúil go raibh ceapadh ar bith acu siúd a bhí ag plé le coincheap an chosáin go bhféadfadh sé go gcuirfí cosa i dtaca ina aghaidh.

Agus sin go díreach atá tarlaithe. Tuige?

Tá roinnt mhaith cúiseanna leis. Ar an gcéad iarraidh, ní bhaineann tionscal na turasóireachta go díreach le cuid mhór daoine, go háirithe feilméaraí, sa gcuid ó thuaidh de Chonamara. Ní fheiceann cuid acu aon bhuntáiste as an gcosán rothaíochta agus siúlóide, ach a mhalairt, b’fhéidir – cosán thrína gcuid talúna, daoine ag dul an bealach gar do chúl an tí, a bhformhór ceart ach an baol go mbeadh corrdhuine contráilte ann. Bheadh daoine ann a bheadh faiteach go gcuirfí as do bheostoc, no níos measa ná sin – go mbeadh an-mhailís no gadaíocht ag tarlú de bharr an chosáin.

Ach, a deir lucht forbartha an chosáin, dhéanfadh sé leas don phobal i gcoitinne amach anseo. Sin teachtaireacht atá fíordheacair a chur ina luí ar dhaoine, bíodh pobal tuaithe no cathrach i gceist. Gan a dhul domhain i bhfealsúnacht, cailleann go leor daoine suim in ábhar muna bhfuil baint aige leo féin, nó buntáiste soiléir ag gabháil leis ar leic an dorais – sin é nádúr an tsaoil. Is é an saol céanna é san áit sin ‘a dtéann tú amach ann nuair nach bhfuil cruóg ná deifir ort’.

Rud eile atá le cur sa gcomhaireamh i gConamara ná go bhfuil drogall ar go leor daoine mórán comhoibrithe a dhéanamh leis an gComhairle Contae agus le húdaráis eile a bhfuil lámh acu i gcúrsaí timpeallachta. Tá seo tarlaithe de bharr conspóidí a bhaineann le caomhnú talúna agus deacrachtaí – agus costas – atá ag baint le cead pleanála sa taobh sin tíre.

Is cinnte go bhfuil fiúntas agus buntáiste ag baint le cosáin rothaíochta agus siúlóide, go háirithe do thionscal na turasóireachta agus do dhaoine atá bainteach leis. San am céanna, níl a gcosa beaga rite ó chuid mhaith daoine, go háirithe feilméaraí – dream a dhéanann a ndóthain siúil, pé scéal é! – ag iarraidh na gcosán seo. Ach an oiread le pobal na cathrach, tá cearta ag úinéirí talúna freisin.

Dhá bhliain go leith ó shin a thug an Bord Pleanála an ceadúnas forbartha le haghaidh cosán rothaíochta agus siúlóide as Uachtar Ard don Chlochán ach seachas beagán atá déanta gar don Chlochán, níor cuireadh láí i dtalamh fós.

Níl roinnt úinéirí talúna gar do Uachtar Ard agus tuilleadh acu idir an Clochán agus an Sraith Salach sásta leis an gcosán – ná leis an leagan amach atá air.

Tá tuairimíocht ann in áiteacha anois nár mhór a dhul ina chion ar bhealach eile – sin go mbainfí an talamh de dhaoine gan bhuíochas; sin Ordú Éigeantach. Bheadh iarratas eile pleanála ag teastáil agus chaithfí íoc as an talamh dá bhfaighfí cead forbartha ar an gcaoi sin.

Fág freagra ar 'Bíonn ar dhaoine i gConamara éirí ar maidin agus gnóthaí an tsaoil a dhéanamh freisin…'

  • alan

    Pictiúr fíorálainn ! Gan aon údar luaite leis. Éirí ar maidin agus míorúilt mar sin á nochtadh fein duit,mmmm. Ach dar ndó’ ní bhruitheann áilleacht fataí.

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      Seán Ó Mainnín s’againne a thóg, a Sheáin, a chara.

  • sean@hotmail.com

    Tá a cheard go paiteanta ag Seán! Lean ar do láimh a bhuachaill. Sea is trua mar gheall ar an gcosán óir is rothaí agus siúlóir mé féin. Ach ta pointe an-tábhachtach ag Máirtín agus nil’s agam cén comhréiteach atá air, má tá. Ta paranoia I réim ar fud na tire agus cúis leis go minic de bharr na gceithearnach sin atá ag robáil agus ag creachadh. Milleadh agus máchail orthu.