Bíonn an grá foighneach fiú nuair a dhoirtear lánbhabhla rice krispies ar na héadaí scoile

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is furasta a bheith lách nuair atá tú - sách - cinnte de nach ndiúltóidh do chéile stoca, bróga ná treabhsar a chaitheamh ag fágáil an tí

 

Rice Krispies Love

Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách. Ní chailleann an grá an block nuair atá rud éigin iarrtha deich mbabhta agus neamhaird déanta air. Comhaireann an grá go dtí a deich agus bíonn sé foighneach. Ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Nuair a dhoirtear lánbhabhla rice krispies anuas ar na héadaí scoile bíonn sé lán d’fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighne. Tuigeann an grá go dtárlaíonn na rudaí seo ó ham go chéile – nó gach lá amannta – agus nach bhfuil aon neart air.

Is iomaí aifreann bainise ag a gcuirtear tréithe an ghrá i gcuimhne dúinn. Dá mbeifeá tugtha don chearrbhachas, bheadh do chuid airgid sábháilte go leor ach é a chur ar Chéad Litir Naomh Pól do na Corantaigh. Is dócha go ndéarfá, faraor, nach mbeadh léacht éigin eile ann ar mhaithe le hathrú, rud éigin as leabhar an Apacailipsis, b’fhéidir.

Ach ní haon iontas é go bhfuil an oiread tóir ar Naomh Pól mar is dea-chomhairle atá aige, ar ndóigh, do lánúin agus iad ag tabhairt faoina saol in éindí. Ach má theastaíonn an dea-chomhairle ó lánúin nua, tá sé ag teastáil níos géire arís – sílim – ó thuismitheoirí.

B’fhéidir go bhféadfaí an chomhairle a thabhairt do thuismitheoirí sula n-imeoidís abhaile as an ospidéal ar chor ar bith. Sáite sa mbeart áit éigin idir an eolas faoin MMR agus an pota beag bídeach sudocreme, bheadh léacht as Chéad Litir Naomh Pól do na Corantaigh. Ceapaim go gcrochfaidh mé bileog ar an mballa in aice leis an leaba lena mheabhrú dom fhéin; bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách.

Is furasta a bheith foighneach nuair atá tú in ann brath ar do chéile gan Winnie the Pooh, Iggle Piggle agus an cairtchlár amach as lár an pháipéir leithris a chrochadh leo ag an obair ar maidin. Is furasta a bheith lách nuair atá tú cinnte – nó sách cinnte – nach ndiúltóidh do chéile stoca, bróga ná treabhsar a chaitheamh ag fágáil an tí. Ach ní féidir a bheith chomh cinnte céanna faoi do chuid páistí óga.

Sa deireadh thiar, áfach, is cuma faoi na rudaí beaga sin. Nuair a thagann dhá láimhín bheaga timpeall ort agus do mhuirnín ag breith barróg mhór ort, déanfar dearmad ar na stoca is na bróga, na rice krispies agus an praiseach. Ní chuimhneófar ach ar an ngrá. Rachaidh na teangacha dá dtost agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.

Fág freagra ar 'Bíonn an grá foighneach fiú nuair a dhoirtear lánbhabhla rice krispies ar na héadaí scoile'

  • Fachtna

    Bhí subh mhilis
    Ar bhaschrann an dorais
    Ach mhúch mé an corraí Ionam a d’éirigh,
    Mar smaoinigh mé ar an lá
    A bheas an bhaschrann glan,
    Agus an lámh bheag Ar iarraidh.
    (Séamus Ó Néill)