Bíonn an fíorshaol i gcónaí chun cinn ar an saol fíorúil

Chuir a ghuthán póca dul amú ar ár gcolúnaí an lá faoi dheireadh. Níor aimsigh sé a raibh uaidh, ach d’fhoghlaim sé ceacht.

Bíonn an fíorshaol i gcónaí chun cinn ar an saol fíorúil

Bhí mé i gcathair Liospóin an lá cheana, lá iomlán agam idir dhá eitilt. Bhuail an fonn mé cuairt a thabhairt ar shiopa earraí ealaíona comhraic a raibh iomrá cloiste agam air. 

Amuigh i dtreo an aerfoirt a bhí an siopa sin, ceithre chiliméadar ón óstán ina raibh mé ag stopadh, ach shocraigh mé dul ann de shiúl na gcos. Phleanáil aip ar mo ghuthán póca an bealach dom. Dhearbhaigh an aip chéanna go mbeadh an siopa ar oscailt faoin am a mbainfinn amach é. Nach iontach an saol ina mairimid, a dúirt mé liom féin, agus lig don spota gorm a bhí ag splancadh ar scáileán mo ghutháin phóca mé a threorú.

Nach ormsa a bhí an t-iontas nuair a d’fhógair an aip go raibh ceann scríbe bainte amach agam, foirgneamh coincréite i gceantar gruama faoi scáth staid sacair Sporting. Ní siopa earraí ealaíona comhraic a bhí romham ach siopa grósaera Síneach.

Sheiceáil mé an aip. Ba é seo an seoladh ceart, cinnte. Chuaigh mé isteach sa siopa, ag súil go mbeadh an cailín Síneach taobh thiar den chuntar in ann cúnamh a thabhairt dom.

‘Níl a fhios agam,’ a dúirt sí. ‘Cuir ceist sa chaifé béal dorais.’

Isteach sa chaifé béal dorais liom, áit dhearóil go maith ina raibh ceapairí cáise tóstáilte a rinneadh an lá roimhe sin, ba chosúil, ag cur allais faoi na lampaí sa chuntar gloine. A deich a chlog ar maidin a bhí ann, ach bhí fíon Maidéarach á dháileadh ag an úinéir, fear sna seascaidí, ar chustaiméirí a raibh an chuma chaite chéanna orthu agus a bhí ar an gcomharsanacht fré chéile. Ach bhí cuma mhaith ar an inneall espresso. D’ordaigh mé cupán. Ní raibh air ach €0.60. 

‘An mbíodh siopa earraí ealaíona comhraic timpeall na háite seo?’ a d’fhiafraigh mé d’fhear an tí nuair a shín sé mo chuid sóinseála chugam.

‘Ó bhíodh, díreach in aice linn, san áit a bhfuil an Síneach anois. Ach ardaíodh an cíos cúpla bliain ó shin agus shocraigh siad bogadh. Ól an caife sin agus tabharfaidh mé treoracha duit.’

Chaith mé siar an espresso agus lean an fear go dtí an doras.

‘Taispeánfaidh mé an bealach is sciobtha duit. An bhfeiceann tú an talamh bán sin in aice leis an staid sacair?’

Chonaic. Páirc fhairsing agus fál sreinge deilgní timpeall uirthi, féar fada ag fás idir stráicí tarmac.

‘An bhfeiceann tú an poll san fhál? Má choinníonn tú ort i líne chaol dhíreach aimseoidh tú poll den chineál céanna ar an taobh thall. Tiocfaidh tú amach díreach os comhair an tsiopa atá á lorg agat, san fhoirgneamh ard sin leis na simléir bhuí.’

Isteach tríd an bpoll liom, trasna na páirce (a bhí lán buidéal beorach briste agus faoileáin) agus amach ar an taobh eile.

Bhí píosa páipéir greamaithe laistigh de dhoras gloine an tsiopa earraí ealaíona comhraic, cuma na deifre ar an lámhscríbhneoireacht.

‘Dúnta.’

Lig mé gáire ard asam de m’ainneoin féin.

Níor aimsigh mé a raibh uaim, ach bhí eachtra bheag agam agus go deimhin d’fhoghlaim mé ceacht.

Bíodh ag na haipeanna ar ár ngutháin phóca. Is cuma cé chomh suas chun dáta a bhíonn siad, bíonn an fíorshaol i gcónaí chun cinn orthu.

Fág freagra ar 'Bíonn an fíorshaol i gcónaí chun cinn ar an saol fíorúil'