Bíonn airm bheaga ag obair sa chúlra ag na foirne idirchontae is fearr sa tír

Nuair a bhuaigh ár gcolúnaí a chéad bhonn uile-Éireann le hiománaithe Chorcaí i 1976, cóitseálaí amháin a bhí ag an bhfoireann. Is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ó shin

Bíonn airm bheaga ag obair sa chúlra ag na foirne idirchontae is fearr sa tír

John Kiely

An lá tar éis do Luimneach Craobh Iomána na hÉireann a bhuachan i mbliana, rinne mé agallamh le Nuacht TG4 faoin bhua stairiúil agus ceithre chraobh as a chéile buaite acu.

Bhain an cheist dheireanach leis an méid daoine a bhí ag obair sa chúlra ar fhoireann Luimnigh. San óráid a rinne sé i ndiaidh an chluiche ceannais, ghabh Cian Lynch buíochas le liosta fada daoine a bhí tar éis cabhair a thabhairt don bhfoireann i mbliana. Bhí ionadh ar Eimear Ní Chonaola, a bhí ag cur na gceisteanna orm, go mbeadh an méid sin daoine ag obair sa chúlra ag na seaimpíní. Bhí ionadh níos mó uirthi nuair a dúras léi go raibh scata saineolaithe chomh mór céanna ag cuid mhór mhaith de na foirne idirchontae ar fud na tíre. Agus iad ag cur leo an t-am ar fad.

Ní raibh ré an bhainisteora tosnaithe nuair a thosaigh mise amach le foireann iomána Chorcaí i 1976. Bhí cúigear roghnóirí againn ag an am – Christy Ring ina measc – agus an tAthair Bertie Troy a bhí ina chóitseálaí. An seisear sin a rinne gach a raibh ag teastáil.

An bhliain ina dhiaidh sin tugadh isteach an peileadóir contae Kevin Kehilly chun corpoiliúint a dhéanamh linn. Ag an am, bhí Kehilly tar éis cáilíocht a fháil ó Ollscoil Strawberry Hill i Londain. An t-aon saineolaí eile a bhí againn ná an dochtúir Con Murphy, a bhíodh ag na seisiúin traenála minic go leor. B’in é! Idir iadsan agus an 21 imreoir a bhí ar an bpainéal ag an am, d’éirigh le Corcaigh trí chraobh uile-Éireann as a chéile a bhuachan.

Níl a fhios agam faoi gach contae eile ach de réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh, d’athraigh rudaí ar pháirc na himeartha agus sa chúlseomra. Tháinig ré an bhainisteora ar dtús. Ansin, agus foirne ag déanamh traenáil níos déine, tugadh cead d’imreoirí dul chuig fisiteiripeoir agus bord an chontae ag íoc as an gcuairt. De réir a chéile, thosnaigh contaetha áirithe ag tabhairt na bhfisiteiripeoirí chuig na seisiúin traenála go léir.

Nuair a bhí mise i mo bhainisteoir ar Chorcaigh beagnach fiche bliain ó shin anois, bhí beirt againn chun an traenáil fhisicúil a dhéanamh, Seánie McGrath agus Jerry Wallace, agus bhí Eddie O’Donnell i mbun na staitisticí, a bhí an-bhunúsach ar fad ag an am. Bhí fear trealaimh againn agus veain aige a bhí urraithe ag an gcomhlacht carr Ford. Bhí i bhfad níos mó trealamh traenála ann ag an am ná mar a bhí sna seachtóidí ach fós ní raibh mórán cainte faoin giom nó cúrsaí nirt agus aclaithe. Bhíomar ag tosnú ag obair le saineolaí bia agus bhíodh corrsheisiún againn le síceolaí freisin.

Faoin am gur tháinig 2012 agus mé ag obair le hiománaithe Luimnigh, bhí gach a bhfuil luaite agam thuas i gceist ach faoin tráth sin tús curtha chomh maith le seisiúin sa giom, obair a bhí ina cuid lárnach is thábhachtach den traenáil gach seachtain. Bhí béim á cur chomh maith ar sheisiúin téarnaimh a bheith ag na himreoirí i ndiaidh na gcluichí go léir.

In 2023, tá cúrsaí bogtha ar aghaidh arís, mar a bhí le tuiscint ón scata a luaigh Cian Lynch i bPáirc an Chórcaigh. Tá an eolaíocht anois lárnach i gach rud a dhéanann imreoirí, is cuma más ar pháirc na himeartha atá siad nó nach ea.

Tá bunchéim nó máistreacht ag formhór na ndaoine a bhíonn ag obair anois leis na foirne idirchontae peile agus iomána is fearr. Beirt nó triúr ar a laghad a bhíonn i mbun na staitisticí agus an-mheas ag na himreoirí ar an eolas a bhíonn á roinnt leo. Beirt iad Ray Boyne, a bhí ag obair le foireann chaithréimeach Átha Cliath faoi cheannas Jim Gavin, agus Seánie O’Donnell, atá anois le foireann iomána Luimnigh, a bhfuil ardmholadh tugtha dóibh le blianta beaga anuas.

Mar a dúirt mé, cóitseálaí amháin a bhí againn nuair a thosaigh mise amach le foireann an chontae. Anois, tá ceann agat don chúl báire, ceann do na cúlaithe agus ceann eile do na tosaithe.

Ní bréag a rá go bhfuil rudaí athraithe go mór.

Fág freagra ar 'Bíonn airm bheaga ag obair sa chúlra ag na foirne idirchontae is fearr sa tír'

  • jpmorley0@gmail.com

    Rud suaithinseach amháin nár luadh san alt ná ‘airgead’. Tá sé ráite go bhfuil piarda láidir gustalach laistiar d’fhoireann Luimnigh a riarann go fial flaithiúil ar na himreoirí agus uile. Ní bhíonn aon easpa ar aon duine acu…ach a mhalairt. Cá bhfios ná go dtugann san spreacadh sa bhreis dóibh? A chonách san orthu.