Bíonn a scéal féin ag cách –  údar bróin ag strainséir ar an Dart

Ní maith an rud é daoine a chur ‘i mbosca,’ mar cá bhfios cén scéal a bheadh ag an strainséir a chuireann caint ort ar an DART

Bíonn a scéal féin ag cách –  údar bróin ag strainséir ar an Dart

Turas gearr traenach, shíl mé. Bíonn an DART an-phointeáilte ó thaobh amchláir de – ní thógfadh sé ach leathuair orm dul chomh fada le Cill Easra.

Shuigh fear mór trom in aice liom. A Dhia, nach raibh neart suíochán fós folamh ar an traein? An bhféadfainn é sin a chur in iúl dó? Féach thall ansin…

‘I’m having a little adventure,’ dúirt sé. Ó, a Thiarcais, comhrá eile. An raibh deoch ólta aige?

An uair dheiridh a bhain mé súp as comhrá gan choinne, bhí mé i mbialann sa Veinéis agus labhair beirt bhan liom. Ceannasaí póilíní sna Stáit Aontaithe ab ea duine acu agus dúirt sí liom go cinnte go labhródh daoine leis an gComhairleoir Mueller. ‘Everybody Talks,’ an teideal a d’úsáid mé don cholún sin.

Ní maith an rud é daoine a chur ‘i mbosca,’ a deirim liom féin go minic. Ina ainneoin sin, bheartaigh mé luath go maith inár gcomhrá go raibh neart de mhaoin an tsaoil ag an bhfear seo ar an DART; bhí cónaí air i mbruachbhaile ‘ardluacha’ i mBaile Átha Cliath; bhí oideachas tríú leibhéil ag an gclann.

Ba é an chéad uair aige an saorthaisteal a úsáid, a dúirt sé liom. Chuir mé iontas sa mhéid sin. Castar orm go minic iad – an dream atá ar pinsean thart ar Bhaile Átha Cliath agus a bhfuil an ticéad draíochta acu. Bíonn an traein go Béal Feirste pacáilte leo agus mé ar thuras rialta ansin chuig comhlacht teilifíse a mbím ag obair leo. Bhí siad ar an mbád go hÁrainn nuair a thug mé cuairt ansin i gcaitheamh an tsamhraidh. Go deimhin, bhí lánúin amháin as Dún Droma in Inis Meáin agus é le maíomh acu nár chuireadar lámh ina bpócaí ó d’fhágadar an teach an mhaidin sin.

Bhí an fear seo ag dul chuig sochraid i gCorcaigh. Bheadh sé liom go Stáisiún Uí Chonghaile. ‘Agus cén fáth nach n-úsáideann tú an córas taistil poiblí, nuair atá an saorthaisteal agat?’ a d’fhiafraíos de.

‘Á, bhí an carr agam i gcónaí agus sin é a d’úsáid mé.’ Shamhlaigh mé Merc mór galánta taobh amuigh den teach agus b’fhéidir carr deas eile ag a bhean chéile sa chlós, nó sa ngaráiste dúbailte.

‘Bhuel,’ a dúirt mé féin, agus mé ag moladh an chórais phoiblí, ‘ar a laghad codlóidh tú ar an traein.’ ‘A, ní chodlóidh,’ a d’fhreagair sé.

‘Actually I’ve been a bit confused…’ a dúirt sé ansin. Anois, céard a bhí air? An raibh galar meabhrach de shaghas éigin air?

Ní raibh muid ach ag Dumhach Thrá. Cá fhaid go mbeimis i Stáisiún Uí Chonghaile? Ach bhí míniú ar an mearbhall.

Ní galar meabhrach a bhí air, ach brón. Ualach mór bróin, an fear bocht.

Chuaigh sé féin agus a bhean chéile ar saoire gréine i mí Feabhra. Bhí cineál tinneas boilg uirthi nuair a d’fhilleadar agus bhí air go leor brú a chur uirthi le dul ag an dochtúir. Isteach díreach chuig an ospidéal i gcomhair tástálacha. Ach bhí an ailse scaipthe agus cé gur cuireadh cóir leighis uirthi, níor tháinig sí amach as an ospidéal. I mí na Bealtaine a cuireadh í.

Gan cheist ar bith uaimse, d’inis sé dom faoin gcaoi ar phleanáil sí a sochraid ón leaba; faoin mbealach ar fhág sí seodra agus eile ag a clann agus a garchlann; faoin treoir a thug sí dó suim airgid a thabhairt in airgead tirim chuig dílleachtlann i mBeithil na Palaistíne. (Bhíodh sí ag cur airgid chucu gach bliain ó fuair sí amach faoi).

D’iarr sí ar an mbanaltra a raibh uaithi a scríobh síos i leabhar nótaí – ‘déanfaidh seisean dearmad,’ ar sise, agus í ag caitheamh súil ar a fear chéile. Bhí sí ag iarraidh go mbeadh chuile shórt ina cheart nuair a d’fhágfadh sí an saol seo.

B’éasca a shamhlú go n-aireodh tú uait duine mar sin. Duine a bhí chomh heagraithe sin

agus nach raibh sí ag iarraidh a bheith ina cúram breise ar aon duine agus í ar leaba an bháis, duine a smaoineodh ar dhílleachtaí i mBeithil ag am mar sin. (Dúirt seisean liom go gcuirfeadh Beithil na seanlaethanta in Éirinn i gcuimhne duit – go minic bíonn leanbh nuabheirthe ar leac an dorais sa dílleachtlann ansin ar maidin nuair a osclaíonn siad an doras tosaigh.)

Ag Connolly, sheas sé suas agus chroith na filltíní as a sheaicéad. Bhí mé in ann an duine nach raibh i láthair a thuilleadh a shamhlú i mbun na hoibre sin – ag bainistiú gach rud a bhain le saol an teaghlaigh. Ní mórán ama a fuair sé le dul i dtaithí ar an gcineál nua saoil seo, ag déanamh gach rud dó féin, ag léamh póstaer ó fhuinneog na traenach, ag dul ar shochraid i gCorcaigh leis féin agus ag caint le strainséirí ar an Dart.

Fág freagra ar 'Bíonn a scéal féin ag cách –  údar bróin ag strainséir ar an Dart'