Bíodh socruithe pleanála á ndéanamh sna réigiúin, a deir Ó Cuív

Mura mbíonn obair ag daoine agus, imeoidh an bhrí agus an téagar as na ceantair thuaithe, a deir Éamon Ó Cuív

Bíodh socruithe pleanála á ndéanamh sna réigiúin, a deir Ó Cuív

Ba thráthúil gur i gceartlár Chonamara a labhair an Teachta Dála Éamon Ó Cuív de chuid pháirtí Fhianna Fáil amach faoi obair agus faoi dhearcadh an Bhoird Pleanála an oíche cheana. Is beag cónaí atá thart ar an Teach Dóite ach is minic go dtagann daoine aniar, anoir, aneas agus aduaidh as ceantar Chonamara le chéile ann agus b’amhlaidh a bhí leis na céadta bliain ag Aonach Mór an Fhómhair. Beidh an t-aonach sin ann aríst faoi cheann cúpla seachtain. Cé go bhfuil nádúr an aonaigh athraithe agus go bhfuil an t-óstán agus na seirbhísí atá ar fáil Tigh Pheacocke méadaithe agus maisithe go mór – rud áisiúil agus forbairt bhreá i gConamara – baineann atmaisféar ar leith leis an Teach Dóite. Is é crosbhóthar Chonamara é ar bhealaí go leor. Labhraítear an Ghaeilge ann chomh nádúrtha céanna leis na mBéarla. Ní bhíonn caint ar bith ann faoi chearta teanga, tá cearta teanga ann. Is ann atá an ceangal daonna is nádúrtha idir an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas de Chonamara.

Ar an Satharn a bhíonn an mharglann beithíoch agus caorach ann. Is ansin a thagann muintir na tuaithe le chéile ag an marglann roimh mhaidneachan lae ag crosbhóthar an Tí Dhóite. Seo daoine a bhfuil a gcosa ar an talamh acu – daoine a bhfuil lorg thréithe na tuaithe ar a ngéineolaíocht. Daoine iad atá acmhainneach agus ábalta ar ainmhithe a láimhseáil, cliste faoi phraghsanna agus grinn ar mhargadh maith.

An bhfuil siadsan agus a gcomharsana ag fáil margadh maith – nó margadh féaráilte – ón mBord Pleanála atá suite díreach ar imeall Shráid Uí Chonaill i gceartlár Bhaile Átha Cliath?

Níl, a deir an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív.

Tá crosbhóthar sroichte ag pobail tuaithe, a deir Ó Cuív. Mura mbíonn obair ag daoine agus murar féidir leo siúd atá ábalta ar obair forbartha agus fiontraíochta a bpleananna a chur chun cinn, imeoidh an bhrí agus an téagar as na ceantair thuaithe. Beidh áiteacha amhail an Teach Dóite scáinte. Agus beidh go leor den locht ar an mBord Pleanála agus an dearcadh atá acu, a deir Éamon Ó Cuív.

Tráth gnímh é, a deir Ó Cuív agus chuir sé feoil ar na cnámha in agallamh théis chruinniú a bhí ar an Teach Dóite an oíche cheana. Seo samplaí a thug sé de thionscnaimh a bhí diúltaithe ag an mBord Pleanála le tamall:

  • Oifigí de chuid na Roinne Ealaíon, Gaeltachta agus Oileán a lonnú i gCnoc Mhuire
  • An chéad fhorbairt a bhí beartaithe ar Pháirc na Mara – ionad tionscal mara – i gCill Chiaráin
  • Tionscnamh gnó i gCathair na Mart a mbeadh cuid mhaith postanna bainteach leis.

Dúirt an Teachta Ó Cuív go bhfuil samplaí eile ann i réigiúin tuaithe freisin agus dúirt sé go gcaithfí an fhorbairt ar Ospís na Gaillimhe, a diúltaíodh sa mBord Pleanála, a chur i measc na dtionscnamh a chuirfeadh “iontas” ar dhuine.

Dúirt an Éamon Ó Cuív go raibh cead pleanála tugtha ag na Comhairlí Contae, dream pleanálaithe atá oilte agus ábalta a deir sé, sna cásanna sin. I gcásanna áirithe acu seo bhí cigire an Bhoird Pleanála féin sásta cead a thabhairt ach tháinig an Bord féin isteach agus chuireadar na tuairimí gairmiúla seo ar neamhní agus diúltaíodh do na ceadúnais phleanála. Naonúr ball atá ar an mBord Pleanála féin agus tá cead ag riar eagraíochtaí ainmneacha a chur chun cinn. Creideann Ó Cuív go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar an gcóras seo nach mbeadh mórán daoine ar an mBord a bheadh fabhrach d’fhorbairtí faoin tuath.

Nuair a luadh leis an Teachta Dála Ó Cuív go bhfuil an Bord Pleanála ceaptha a bheith neamhspleách d’fhreagair sé go bhfuil teorainn le neamhspleáchas an Bhoird. “Is é an Rialtas agus an Dáil agus an Seanad a shocraíonn polasaí agus straitéis forbartha na tíre,” a deir Ó Cuív “agus níl sé de chead ag Boird Stáit an ról sin a thógáil orthu féin.” Dúirt sé go raibh neamhspleáchas ag an mBord Pleanála i chuile chás ar leith ach b’fhacthas dó go bhfuil polasaí neamhoifigiúil i bhfeidhm sa mBord Pleanála atá in aghaidh forbartha i gceantracha tuaithe agus go bhfuil an cineál sin patrúin le feiceáil.

“Murar féidir forbairt chiallmhar agus réasúnach a cheadú i gceantracha tuaithe is é an toradh a bheidh air ná go bhfágfar na pobail scáinte agus gan mórán i ndán dóibh,” a deir Éamon Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív go bhfuil sé ag súil go mbeidh a pháirtí féin – Fianna Fáil – sásta tacú le scrúdú ó bhun ar an mBord Pleanála. Tarlaíonn sé go bhfuil Fianna Fáil ag réiteach polasaí forbartha tuaithe faoi láthair. Creideann Éamon Ó Cuív gurbh fhearr go mbeadh Boird Réigiúnacha Pleanála ann agus gur sna réigiúin sin a bheadh cónaí ar na baill. “Tá chuile chosúlacht ann go bhfuil go leor de na baill atá ar bhoird éagsúla stáit ina gcónaí i mBaile Átha Cliath – agus i gcuid bheag go maith den chathair freisin,” a deir an Teachta Ó Cuív. “agus níl an claonadh sin ag dul chun leasa na tuaithe.”

Beidh le feiceáil cén deireadh a bheidh ag an scéal seo. Ach d’fhéadfadh sé caint agus díospóireacht a tharraingt agus d’fhéadfadh sé cruacheisteanna a tharraingt anuas faoi shaol na tuaithe agus dearcadh an Bhoird Pleanála.

Cén bhrí ach tá toghchán amach romhainn.

B’fhearr le lucht an Bhoird Pleanála nach mbeadh amhras mar sin á tharraingt orthu féin ag crosbhóithre tuaithe.

Fág freagra ar 'Bíodh socruithe pleanála á ndéanamh sna réigiúin, a deir Ó Cuív'