Seo seachtain na bhfiosrúchán faoi RTÉ.
Céard a thiocfas astu?
Cén fhad a thógfaidh sé go mbeidh toradh orthu?
An bhfuil rudaí níos soiléire anois ná mar a bhí seachtain ó shin?
Níl aon amhras ach go mbíonn tóir ag iriseoirí ar scéalta a bhaineann le RTÉ.
Ní mórán ábhar eile a bheadh in ann ‘coup’ sa Rúis agus tragóid a bhaineann leis an Titanic a bhrú amach de na príomhleathanaigh nuachta.
Bhí an-time ag scríbhneoirí na gceannlínte agus ag cumadóirí na ‘memes’ ar na meáin shóisialta. Níl ann ach achar an-ghairid ó bhí Ryan Tubridy ag craoladh as stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta agus daoine an-sásta lena chlár agus an moladh a thug sé do chuile dhuine ann agus do Chonamara.
Níl sé ag craoladh ar chor ar bith an tseachtain seo.
Níl aon amhras ach gur millteanach an scéal a tháinig chun solais faoin táille bhreise a fuair sé, agus an rúndacht a bhain léi.
Tá mé cinnte go dtiocfar ar na fíricí a bhaineann leis an socrú seo réasúnta luath. Ach an rud a bhfuil mé ag smaoineamh air anois ná na fiosrúcháin a luaigh mé thuas.
Agus mé á scríobh seo, tá téarmaí tagartha á scríobh don fhiosrúchán mór leathan atá beartaithe ag an Rialtas. Tá gach cosúlacht ar an scéal nach jab éasca é sin. Má thógann sé tamall maith téarmaí tagartha an fhiosrúcháin a scríobh, cén t-achar, meas sibh, a thógfaidh an fiosrúchán?
Tá súil le Dia agam go gceapfar daoine le dul i mbun oibre air a mbeidh eolas acu ar na meáin, na meáin chraoltóireachta ach go háirithe. Níor chuala mé an oiread tuairimí riamh nach raibh bunús leo, agus a chuala mé le seachtain anuas faoi RTÉ.
Dúirt polaiteoir amháin ar an raidió go gcaithfeadh RTÉ níos mó airde a thabhairt ar na réigiúin seachas a bheith ag cur béim ar Bhaile Átha Cliath an t-am ar fad.
An raibh an ceart aige? Is é an trua nár mheabhraigh an tuairisceoir (ó raidió RTÉ) dhó go bhfuil stiúideonna agus tuairisceoirí ag RTÉ ar fud na tíre – ó Bhéal Feirste, go Dún na nGall, ó Bhaile na nGall go Corcaigh.
Nuair a bhí Ryan Tubridy ag craoladh as Casla tamaillín ó shin, bhí sé in ann é sin a dhéanamh toisc gur cuid iomlán de RTÉ é Raidió na Gaeltachta. Bíodh siad féaráilte nó mífhéaráilte faoi chúrsaí pá – ceist eile í sin – ar a laghad is fostóir é RTÉ in áiteacha i bhfad ó Bhaile Átha Cliath.
Tugann tráchtairí eile ‘State Broadcaster’ ar RTÉ. Is cur síos é seo a chloisfeas tú go minic. Is ‘Craoltóir Náisiúnta’ é RTÉ – ní cuid den chóras Stáit é.
Ceann de na deacrachtaí móra atá ag an stáisiún ó bunaíodh é, ná go bhfuil dhá fhoinse ioncaim aige- an ceadúnas agus ioncam tráchtála. Níl ach foinse amháin ioncaim ag an mBBC – an ceadúnas teilifíse. Ach fós féin, ní ‘State Broadcaster’ é. Is stáisiún náisiúnta é sin freisin.
Ach ní fhaca na seanfhondúirí an lá ag teacht go mbeadh fáil ag daonra na hÉireann ar na céadta cainéal teilifíse, gan trácht ar an méid ábhar siamsaíochta agus eolais atá ar fáil go héasca ar a gcuid fón pócaí.
Nuair a bhí siad ag tabhairt cead do Telefís Éireann fógraí a chur amach, shíleadar nach mbeadh aon chomórtas ann don fhógraíocht sin. Anois is cath fíochmhar é chuile lá, d’aon eagras sna meáin, dul i ngleic le comhlachtaí móra ar nós Google agus Facebook, chomh maith leis an iliomad comhlacht príobháideach atá ag díol am fógraíochta ar an aer nó sna meáin eile.
Cothaíonn sé sin comórtas, agus cothaíonn sé rúndacht, faraor.
Deirtear go bhfuil ‘cultúr RTÉ’ ar cheann de na rudaí a bheas le scrúdú mar chuid den fhiosrúchán mór. Sin rud a bheas deacair cur síos a dhéanamh air. Baineann cultúr le rud atá seanbhunaithe, d’fhéadfá a rá. Bhíodh sé le rá faoi RTÉ uair amháin gurbh é lárionad chultúr na tíre a bhí ann – ach cultúr oibre agus cultúr gnó atá i gceist leis seo, is dócha.
Mar a dúirt mé, níl aon dabht ormsa ach go dtiocfaimid ar an bhfírinne faoin socrú a rinneadh le Ryan Tubridy. Ach má tá fiosrúchán iomlán, trédhearcach le bheith ann faoi chúrsaí a bhaineann le díolacháin, le conarthaí, le táillí, le ‘réalta’ móra teilifíse, beidh saineolaithe sna cúrsaí sin ag teastáil.
Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, is saineolaí chuile dhuine sa tír an tseachtain seo. Bhí fear ar Liveline inné a dúirt gur cheart ‘X’ a thabhairt os comhair coiste Oireachtais. Ach luaigh sé bean nár oibrigh riamh in RTÉ ach go raibh baint aici le scéal mór nuachta roinnt mhaith blianta ó shin.
D’fhéadfadh an scéal seo éirí an-chasta. Agus tá níos mó ná duine amháin ag rá gurb é an deireadh a bheas air ná nach mbeidh sa tSeirbhís Meán Poiblí ar deireadh ach seirbhís Nuachta agus Cúrsaí Reatha.
Chiallódh sin go mbeadh sciar den cheadúnas ag dul chuige sin agus go mbeadh an t-ioncam tráchtála ar fad le roinnt ar na comhlachtaí eile príobháideacha, beag agus mór.
Má dhéantar laghdú mór ar ioncam RTÉ, níl aon duine in ann a rá cén toradh a bheas air sin. Ach is féidir rud nó dhó a rá go cinnte. Ní bheidh fáil forleathan ar spórt saor in aisce ar an scáileán. Ní bheidh drámaí á gcoimisiúnú. Ní bheidh ar chumas an stáisiúin dul i ngleic go sciobtha le himeachtaí nach raibh aon tsúil leo, ar nós na paindéime, mar shampla. Ní bheidh siad in ann foirne teilifíse agus raidió a chur thar lear chuig eachtraí móra idirnáisiúnta ar nós an chogaidh san Úcráin. Ní bheidh RTÉ ag airgeadú aon cheiliúradh mór ar nós na ceolchoirme a eagraíodh i stiúideo Telegael agus an cheolfhoireann in éindí le réalta ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta do bhreithlá 50 bliain an stáisiúin.
Guím gach rath ar Chathaoirleach RTÉ, Siún Ní Raghallaigh agus í sa chéad bhliain ina post nua. Ní post lánaimseartha é seo – is bean ghnó í Siún agus an-taithí aici sa chraoltóireacht agus i dtionscal na scannán. Tá daoine maithe aici ar Bhord RTÉ. Tá súil agam nach mbáfar iad i bhfiosrúcháin gan teora agus go mbeidh deis acu dul i ngleic leis an saol casta craoltóireachta atá romhainn ar fad.
Fág freagra ar 'Bíodh RTÉ sáinnithe i gconspóid nó ná bíodh, tá saol casta craoltóireachta romhainn ar fad'