Bíodh muinín againn as mná na hÉireann agus vótálaimis ‘Tá’

Is gá an tOchtú Leasú a aisghairm chun go mbeidh reachtaíocht thomhaiste agus sochaí thuisceanach againn

Bíodh muinín againn as mná na hÉireann agus vótálaimis ‘Tá’

Is muid ag druidim i dtreo lá na cinniúna don reifreann seo, ba mhaith liom súil a chaitheamh ar an staid reatha sa tír seo i leith an ghinmhillte agus an cineál staide ina mbeidh an tír má éiríonn leis an vóta ‘Tá’, bunaithe ar an reachtaíocht atá leagtha amach ag an rialtas.

Caithfear a aithint go bhfuil  ginmhilleadh ag tarlú in Éirinn cheana féin. Le blianta beaga anuas tá fáil ar phiollaí ar líne, rud atá tar éis athrú mór a chur ar an scéal, agus tuairim is triúr gach lá á dtógáil. Níl na mná seo in ann fiú iarchúram ceart a fháil óna ndochtúirí ar fhaitíos go gcúiseofaí iad. Ach fiú roimhe sin bhí, agus tá fós, naonúr ag taisteal thar sáile gach lá. Má aisghairtear an tOchtú Leasú, beidh mná in ann deireadh a chur go sábháilte le toircheas ina dtír féin agus iad ag fáil cúraim agus tacaíochta óna ndochtúirí teaghlaigh féin. Ní féidir ach gur dul chun cinn é seo.

Agus an tOchtú Leasú á phlé, caithfear a aithint gurb é is cúis le fimíneacht mhillteanach a bheith ag baint lenár mbunreacht. Cuireann an tOchtú Leasú cosc daingean ar mhná ginmhilleadh a fháil in Éirinn, ach tugann an 13ú Leasú ceart bunreachtúil do mhná taisteal thar sáile chun ceann a fháil.

Ní hamháin go bhfuil seo mí-ionraic, ach fágann an ‘doublethink’ seo go mbíonn tionchar díréireach ag an Ochtú Leasú ar mhná atá bocht, atá faoi mhíchumas, atá ag fulaingt mar gheall ar pháirtnéir a bhaineann mí-úsáid astu, nó atá ag fulaingt i neart cásanna duairce eile. An éifeacht atá ag an gceart chun taistil ná gur féidir le bean sa tír seo rochtain a bheith aici ar ghinmhilleadh ach an t-airgead agus an tsaoirse taistil a bheith aici. Má éiríonn leis an vóta ‘Tá’, cuirfear deireadh leis an ngá do mhná na hÉireann dul thar lear chun ginmhilleadh a fháil – an t-aon difríocht a bheidh ann ná go mbeidh níos lú náire agus níos mó ionracais ag baint linn mar shochaí agus beidh seirbhísí riachtanacha leighis ar fáil d’aon bhean a bhfuil gá aici leo, mná atá imeallaithe sa tsochaí chomh maith leo siúd a bhfuil maoin agus seasamh sa tsochaí acu.

Tá buairt intuigthe, áfach, ar neart daoine faoi na teorainneacha ama agus rochtana atá leagtha síos don reachtaíocht ag an rialtas i gcás vóta ‘Tá’. Féach go bhfuil 12 sheachtain ar comhchéim leis an rochtain a bhíonn i dtíortha forbartha eile dár leithéid, a bhfuil luachanna moráltachta comhchosúla acu.  Tá sé tábhachtach chomh maith nach mbeadh ar bhean a chruthú, mar shampla, gur éigníodh í. Samhlaigh i ndiaidh uafáis dá leithéid go gcuirfí dualgas ar an mbean maidir lena héigniú a chruthú. Samhlaigh na míonna a chaithfí ag plé lena leithéid de chás dá rachadh sé chun cúirte. Bheadh sé ródhéanach faoin am sin.

Sa reachtaíocht mholta, beidh ar bhean a cás a phlé le dochtúir, agus beidh tréimhse feithimh ghairid ann. Cur chuige tomhaiste é seo, a d’fhágfadh go ndéanfaí bainistiú stuama ar an bpróiseas agus nach gcuirfeadh le fulaingt na mná nó nach léireodh dímheas uirthi. Ní bheidh sé dleathach ginmhilleadh a fháil suas go sé mhí ach amháin i líon an-teoranta cásanna ar leith: má tá beatha nó sláinte na máthar i mbaol, nó má tá mínormáltacht mharfach féatais i gceist. Go deimhin, is beag an t-athrú é seo mar go bhfuil dhá cheann de na cúinsí sin aitheanta i ndlí na hÉireann cheana féin. Is fiú cuimhneamh chomh maith go luíonn sé le loighic go bhfuil an páiste ag teastáil ó aon duine atá ag druidim i dtreo sé mhí thoirchis agus gur chúis thragóideach éigin a bheadh i gceist le haon duine a bheith ag lorg ginmhilleadh an tráth sin. Agus tá tragóid éigin le gach cás acu. Caithfimid sin a aithint agus an cumas a thabhairt do dhaoine plé lena gcásanna féin ar an mbealach is fearr dá sláinte.

Ní bhíonn éinne ag iarraidh ginmhilleadh a bheith acu – is gá a bhíonn ann agus ceart chun cóir leighis atá i gceist. Cuimhnigh go n-aithníonn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur céasadh é iachall a chur ar bhean leanúint le toircheas i gcoinne a tola, agus go bhfuil Éire aitheanta mar thír ina raítear an ceart bunúsach seo. Bíonn gá le ginmhilleadh de bharr cúinsí leighis, de bharr tragóidí pearsanta, de bharr an iliomad cásanna duairce a thagann chun tosaigh sa saol.

Is gá dúinne in Éirinn dul i ngleic leis an gceist seo. Is gá dúinne muinín a léiriú i mná na hÉireann, a n-éirim agus a gcumas an rud ceart a dhéanamh. Is gá an dlí a athrú, agus is gá dúinn vótáil ‘Tá’.

Tá Aonghus Ó Lochlainn ina chathaoirleach ar an ngrúpa Gaeil ar Son Rogha atá i mbun feachtais ar son an Ochtú Leasú ar an mbunreacht a aisghairm

Fág freagra ar 'Bíodh muinín againn as mná na hÉireann agus vótálaimis ‘Tá’'

  • Máire

    Ní luaitear cás ginmhileadh á dhéanamh chun nach dtiocfaidh leanbh faoi mhíchumas ar an saol. Is masla uafásach é seo ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus aontaíonn bean leis ar chomhairle dochtúra. Sí an tsochaí a dheanann an rogha. Níl a fhios againn cén dlíthe a thiocfaidh as seo. Táimíd ag brath ar gheallúintí ó pholaiteoirí roimh thoghchán.