‘Bíodh gur tír neodrach sibh, níor fhan sibh neodrach’ – buíochas gafa ag Zelensky le muintir na hÉireann

D'éirigh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus taidhleoirí ina seasamh chun bualadh bos mór a thabhairt do Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, i ndiaidh a aithisc stairiúil ar nasc físe chuig Dáil Éireann

‘Bíodh gur tír neodrach sibh, níor fhan sibh neodrach’ – buíochas gafa ag Zelensky le muintir na hÉireann

Ghabh Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, buíochas inniu le muintir na hÉireann as a dtacaíocht dá thír agus labhair sé le baill Thithe an Oireachtais faoi uafáis ionradh na Rúise.

D’éirigh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus taidhleoirí ina seasamh chun bualadh bos mór a thabhairt don Uachtarán Zelensky i ndiaidh a aithisc stairiúil.

“A mhuintir na hÉireann, ó na chéad laethanta tá sibh ag tacú linn agus sin í an fhírinne.

“Ní raibh aon amhras oraibh faoi bhur dtacaíocht a thabhairt dúinn ón tús agus bíodh gur tír neodrach sibh, níor fhan sibh neodrach maidir leis an tubaiste a thug an Rúis chuig an Úcráin. Táim buíoch don uile shaoránach in Éirinn,” arsa Zelensky.

Ghabh sé buíochas le hÉirinn as a cabhair dhaonnúil agus airgeadais agus as tacú le héileamh na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.

“Go raibh maith agaibh as aire a thabhairt do dhaoine ón Úcráin ar tugadh tearmann dóibh i bhur dtír,” arsa Zelensky.

D’iarr sé tacaíocht na hÉireann dá éileamh go gcuirfí smachtbhannaí níos déine i bhfeidhm ar an Rúis agus go stopfaí ag trádáil ar fad léi.

Dúirt sé go raibh ceannairí polaitiúla agus gnó áirithe ann a cheapann gur uafásaí an rud caillteanas airgid ná coireanna cogaidh.

An Taoiseach Micheál Martin

Dúirt Uachtarán na hÚcráine gur maraíodh 167 páiste ina thír ó thús an ionraidh agus nach raibh áit tuillte ag an Rúis “i gciorcal na dtíortha sibhialta”.

Dúirt sé go raibh “an t-ocras” ina uirlis chatha is forlámhais ag an Rúis san Úcráin agus nach raibh oiread agus teach amháin tagtha slán ó shíorbhombárdú na Rúise ar chathair scriosta threascartha Mariupol.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go seasann Éire leis an Úcráin agus dhearbhaigh sé athuair tacaíocht an stáit don Úcráin agus dá n-éileamh ar bhallraíocht san AE. Ag tagairt dó do na teifigh a tháinig go hÉirinn ón Úcráin, dúirt an Taoiseach, “ár mbaile is ea bhur mbaile leis”.

“Slava Ukraini!” a dúirt Martin mar chríoch lena fhreagra ar chaint Zelensky.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach ndéanfaí dearmad ar ainghníomhartha na Rúise san Úcráin agus nach maithfí dóibh iad. Dúirt Varadkar gur thuig muintir na hÉireann do mhuintir na hÚcráine mar gur deineadh ionradh ar Éirinn agus gur caitheadh amhras ar fhéiniúlacht náisiúnta a muintire chomh maith.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur cheart ambasadóir na Rúise in Éirinn “a chur abhaile”  láithreach.

Dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl go raibh Éire neodrach go míleata seachas ó thaobh na polaitíochta.

Fág freagra ar '‘Bíodh gur tír neodrach sibh, níor fhan sibh neodrach’ – buíochas gafa ag Zelensky le muintir na hÉireann'