Bíodh gur inniu féin a chuala mé trácht ar ‘chocolate-covered foam’, tá leathscór acu ite ó mhaidin agam…

Ní bhíonn sé ‘i gceist’ riamh ag ár gcolúnaí ruathar a thabhairt faoi stór milseán na Samhna ach…

Bíodh gur inniu féin a chuala mé trácht ar ‘chocolate-covered foam’, tá leathscór acu ite ó mhaidin agam…

Ceann de na fadhbanna móra a bhaineann le bheith i d’eiseamláir den dea-iompar agus den fhéinsmacht ná go mbítear ag súil go ndéanfaidh tú beart de réir do bhriathair. Níl aon mhaith ansin, faoi mar atá faighte amach agam.

’Séard atá uait, dháiríre, ná a bheith in ann an dea-chomhairle a thabhairt uait go fial flaithiúil. Tá tú ag iarraidh a bheith chomh fial sin leis an dea-chomhairle is nach bhfuil aon chuid di fágtha agat duit féin agus tugann sé sin cead duit do rogha rud a dhéanamh.

Is soiléire seo dom aimsir na Samhna ná am ar bith eile . An fáth atá leis sin ná an rabharta milseán a thagann isteach sa teach agus an chomhairle a chuirim ar na páistí gan an iomarca díobh a ithe in aon iarraidh amháin.

Cuirim an chomhairle sin orthu, cé go bhfuil sé i gceist agam féin a mhalairt ar fad a dhéanamh is go bhfuilim ag faire ar mo sheans a bheith ag sciobadh as an mála. Nach gránna an rud é.

Bhuel, is dóigh nach é go mbíonn sé ‘i gceist’ agam é a dhéanamh ach go dtarlaíonn gurb é sin a dhéanaim chuile bhliain. Dá mbreathnóinn isteach sa scáthán agus breathnú isteach sa tsúil orm féin, chaithfinn a rá go bhfuil a fhios agam roimh ré gurb in a dhéanfaidh mé. Ar mhaithe leo féin atá mé. Dháiríre.

Tabharfaidh mé sampla duit, níor chuala mé riamh i mo shaol go dtí inniu, aon chaint ar ‘chocolate-covered foam’, (agus níl a fhios agam ó cheart céard é an ‘cúr’ atá luaite leo), ach níor chuir sé sin stop liom leathscór acu a ithe ó mhaidin.

Ní fhéadfaidh tú, áfach, a bheith ag tógáil as an mála i d’amhas ar fad. Tá rud nó dhó foghlamtha agam thar na blianta agus cloím le cur chuige tomhaiste, straitéiseach agus mé ag tabhairt faoin ruathar ar stór na Samhna.

Níl mé ag rá go mbeifeá féin ar an ealaín seo, ach dá mbeadh, an chéad chomhairle a chuirfinn ort ná fanacht glan ar na milseáin den chéad scoth, iad sin a mbeadh Grád A ag dul leo, agus tú ar thóir rud éicint beag milis le dul leis an muigín tae tráthnóna.

Ná cuireadh an stór seacláide os do chomhair an oiread sin mearbhaill ort is go ndéanfá botún is go dtógfá milseán a dtabharfaí faoi deara é a bheith ar iarraidh.

Cuimhnigh gur misean rúnda é seo, tá tú ag iarraidh a dhul isteach agus teacht amach arís gan aon lorg a fhágáil i do dhiaidh. Cloí leis an gcúr agus seacláid curtha air, is ba cheart go mbeifeá togha.

Fág freagra ar 'Bíodh gur inniu féin a chuala mé trácht ar ‘chocolate-covered foam’, tá leathscór acu ite ó mhaidin agam…'