Bíodh ‘Gradaim na bhFéilte Gaelacha’ ann – stiúrthóir Phuball na Gaeilge

Deir Rossa Ó Snodaigh gur cheart go dtabharfaí aitheantas ag searmanas gradam do na féilte éagsúla a bhíonn á reáchtáil trí mheán na Gaeilge

Bíodh ‘Gradaim na bhFéilte Gaelacha’ ann – stiúrthóir Phuball na Gaeilge

Tá molta ag Rossa Ó Snodaigh, stiúrthóir Phuball na Gaeilge, go mbeadh gradaim ann do na féilte Gaelacha “a bhíonn ag tarlú gan aitheantas ar fud na tíre” gach uile bhliain.

Cuireann an Puball Gaeilge ardán ar fáil do cheoltóirí agus grúpaí siamsaíochta Gaeilge eile ag féilte timpeall na tíre – go háirithe ag an Electric Picnic a bhíonn ar siúl i gContae Laoise gach bliain.

Dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie gur cheart go dtabharfaí aitheantas ag searmanas gradam do na féilte éagsúla a bhíonn á reáchtáil trí mheán na Gaeilge, a chuireann an teanga chun cinn agus a bhíonn ar siúl i gceantair Ghaeltachta

Cuireadh The Irish Festival Awards ar bun sa bhliain 2007 le haitheantas a thabhairt do lucht eagraithe na bhféilte a bhíonn ar siúl in Éirinn i gcaitheamh na bliana. Is vóta poiblí a bhíonn ann do na gradaim sin agus deis ag an bpobal vóta a chaitheamh don “fhéile a chuir an gliondar is mó ar a gcroí” an bhliain sin.

“Tá an t-uafás ceoltóirí agus dreamanna maithe Gaeilge in Éirinn a bhíonn ag seinm i nGaeilge agus ag féilte Gaelacha agus ba cheart aitheantas a thabhairt dóibh sin. Bhí Gradaim Nós, a bhí ar siúl níos luaithe i mbliana, an-mhaith agus thug siad na ceoltóirí maithe Gaelacha seo le chéile ar aon ardán amháin, aon uair sa bhliain.

“Tá molta agam do Nós gur cheart gradaim mar iad a bhronnadh ar an bhféile Gaeilge is fearr. Bíonn deireadh seachtaine in Áras Mhic Reachtain, bhí an Traidphicnic sa Spidéal, bíonn an Puball Gaeilge ag Electric Picnic agus aimsíonn Rónán Mac Aodha Bhuí daoine iontacha don Chabaret Craiceáilte,” a dúirt sé.

D’fhógair an Puball Gaeilge a chlár iomlán do Electric Picnic na bliana seo an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Bíodh ‘Gradaim na bhFéilte Gaelacha’ ann – stiúrthóir Phuball na Gaeilge'