Bíodh cead labhartha ag Bob Quinn!

Tá stádas speisialta ó thaobh na scannánaíochta bronnta ar Ghaillimh ag UNESCO, ach ná déanaimis dearmad ar an ról a bhí ag Bob Quinn leis an méid sin a bhaint amach

BobQuinn14-0056

Tá an dea-scéala tagtha as Páras sa deireadh go bhfuil UNESCO tar éis glacadh le cathair na Gaillimhe mar ‘A City of Film’.

Tráthúil go leor, seo ábhar a bhí faoi chaibidil againn sa Taibhdhearc an oíche faoi dheireadh nuair a thug muid ómós don fhear scannán Bob Quinn — fear nach mbeadh an t-aitheantas seo faighte ar chor ar bith murach é.

Is cuimhin liom a bheith ag cruinniú de Chomhairle Contae na Gaillimhe anuraidh nuair a tháinig oifigeach cultúir isteach go ndearna sí cur i láthair ar an iarratas a bhí á réiteach le cur chuig UNESCO.

Ar Chathair na Gaillimhe is mó a chuir sí béim.

Is beag trácht a rinne sí ar Chonamara, cé gur ann atá an tionscal dáiríre.

Mhínigh sí dhúinn go bhfuil 49 comhlacht ag plé leis an gceird, idir an dá áit, inniu, go bhfuil dhá stiúideo againn, go bhfuil thart ar 600 duine fostaithe agus gurbh fhiú 74 milliún euro don taobh tíre seo an tionscal sa mbliain 2012.

Rinne sí neart cainte faoi Robert Flaherty agus an “Man of Aran”, faoi John Ford agus “The Quiet Man” agus faoi John Huston agus “Sinful Davey”.

Bhí mé féin ag fiuchadh le cantal ag éisteacht léi. D’fhiafraigh mé di sa deireadh ar chuala sí trácht ariamh ar Bhob Quinn?

Mhínigh mé di gurbh é Quinn a thug an tionscal chomh fada linn agus murach go dtáinig sé go Conamara i 1970 gur beag a bheadh le cur san iarratas aici.

Tamall ina dhiaidh sin chonaic mé cáipéis eile a bhí le cur chuig UNESCO. Bhí an méid seo ann:

“It was Bob Quinn’s initiatives in film-making and innovations with Irish language television and cinema which, along with other Irish film-makers, laid the foundations for the vigorous and developing film-making we see today.”

Thug muid an t-ábhar seo ar fad chun cruinnis sa Taibhdhearc an oíche faoi dheireadh.

Bhí Deasún Fennell ann in aois a chúig bhliana agus cheithre scór (85). Seo fear a raibh tionchar mór aige orainn ar fad nuair a bhí muid óg.

B’eisean a mheall Bob Quinn go Conamara. Ar Tigh Fennell i Maínis a thug sé a aghaidh. Dúradh leis go raibh Oireachtas na nGael ar bun i Ros Muc.

Chuaigh sé ann agus nuair a chonaic sé Seán Ó Riada agus Cór Chúil Aodha ag casadh ann, bhí a fhios aige ar an bpointe gur ócáid thábhachtach a bhí inti.

Rinne cairde Bhob neart cainte sa Taibhdhearc ina dhiaidh sin.

Thug Noel Mac Donncha cur síos ar an aithne a chuir sé féin agus a mhuintir ar Bhob. D’inis Bernie Ní Fhlatharta faoin bpáirt a fuair sí sa scannán “Caoineadh Airt Uí Laoghaire” agus í ina cailín fíoróg.

Shíl sí gur go Hollywood a bhí sí ag dul, a dúirt sí.

Thug an léiritheoir óg cumasach as Loch Con Aortha , Seán Ó Cualáin, cuntas beacht soiléir ar an dúshlán a bhaineann leis an gceird faoi láthair.

Taispeánadh giotaí as na scannáin a rinne Bob in imeacht na mblianta. Cuireadh an-spéis go deo i mír a thaispeáin an dornálaí mór as Ros Muc, Seán Ó Mainnín , ag troid agus é ina ógánach.

Ba mhór an t-ardú croí dhúinn go raibh Seán féin i láthair.

Tá mé cinnte go ndéanfaidh TG4 tuairisceoireacht bhreá ar an ngradam seo atá faighte ag Gaillimh anois ó UNESCO.

Ba cheart go ndéanfadh. Arís, murach Bob Quinn agus daoine eile, ní bheadh TG4 ann. As an teilifís bhradach a cuireadh ar an aer i Ros Muc a tháinig an stáisiún sin.

Rinne Donncha Ó hÉallaithe cur síos maith ar an turas farraige a thug sé féin agus Pádraic De Bhaldraithe ar na Scigirí (oileáin Faroe).

Chonaic said stáisiún teilfise ann a d’fhás as stáisiún mídhleathach freisin.

Ar an mbealach anuas as Bleá Cliath dhóibh ar an traein, casadh Bob Quinn leo. Shocraigh siad láithreach teilifis bhradach a chur ag obair i gConamara.

Bhí ceol agus amhráin sa Taibhdhearc againn an oíche cheana.

Chas Josie Sheáin Jeaic agus Róisín Elsafty amach ón gcroí. Bá mhór an áilleacht freisin a bheith ag éisteacht leis an gceol a chas mac Bhob, Toner, agus a bheirt ghasúr siúd, Oliver agus Ruby.

Oíche chomórtha agus oíche chairdiúil a bhí inti cé is móite de bheagáinín argóna a tharla ag deireadh na hoíche.

Bhí Seán Crosson ann as the Huston School of Film san Ollscoil.

Labhair sé go maith agus go hionraic ach nuair a fiafraíodh de cén fáth nár tugadh cuireadh riamh fós do Bhob Quinn léacht a thabhairt sa Scoil sin, thosaigh díospóireacht nach raibh róghéar ach a bhí ionraic.

Dúirt scannánóir eile, Joe Comerford, as an lucht éisteachta gur fada atá stair na scannánaíochta sa tír seo á cur as a riocht.

Ach tá UNESCO tar éis labhairt anois.

Nár ba fada go bhfaighidh Bob Quinn cead labhartha freisin i gcúinní oifigiúla na scannánaíochta in Éirinn.

Fág freagra ar 'Bíodh cead labhartha ag Bob Quinn!'

  • Diarmaid

    Ní féidir conspóid a lua ag deireadh an ailt agus gan é a phlé i gceart?! Alt taitneamhach mar sin féin. Bleácliathach ab ea Quinn, nach ea? Ar deineadh clár teilifíse ar a shaol riamh?