Bíodh beagán spleodair, taibhseachta agus dásachta againn!

Ba chóir do Stephen Rochford Keith Higgins a roghnú san áit is mó a mbeidh tionchar aige i gcoinne Chiarraí

Bíodh beagán spleodair, taibhseachta agus dásachta againn!

Keith Higgins. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Agus tú á léamh seo tá bainisteoir pheileadóirí Mhaigh Eo Stephen Rochford i mbun dianmhachnaimh agus é ag iarradh a theacht ar shocrú faoin gcinneadh is tábhachtaí a bhí le glacadh aige go dtí seo i mbliana – Keith Higgins a fhágáil sa líne leathchúil i gcluiche an Domhnaigh seo chugainn in aghaidh Chiarraí, nó fear Bhéal Átha hAmhnais a aistriú ar ais go dtí an líne lánchúil. Ansiúd a imríonn sé go hiondúil agus beidh an cathú ann é a bhogadh ar ais le súil agus go maolóidh sé an chontúirt a bhaineann le James O’ Donoghue, mar a rinne sé sa mbabhta leathcheannais athimeartha idir na foirne i Luimneach trí bliana ó shin.

Ní ceist í atá éasca le réiteach agus ní chuideodh sé le codladh na hoíche i gcás Rochford nach dea-thoradh a bhí ar an mbeartas dána deireanach a rinne sé agus é ag réiteach do chomhrac i bPáirc an Chrócaigh, nuair a d’athraigh sé cúl báirí idir cluiche comhscóir ceannais an tséasúir seo caite agus an athimirt.

Mo chomhairle fhéin dó go bhfuil sé in am éirí as an mbraiteoireacht. Níl na tosaithe ag Maigh Eo a bhuafaidh Craobh na hÉireann dóibh agus ní raibh le fada. Faoi dhó le ceithre bliana shroicheadar cluiche ceannais na hÉireann, fós ní raibh oiread agus tosach amháin as Maigh Eo ar fhoirne All Stars Peile 2013 ná 2016. Cé is moite de Chorcaigh in 2007, níl sin le rá faoi aon tánaistí eile le hos cionn deich mbliana fichead.

Mar a chruthaigh Higgins Dé Luain seo caite nuair a rinne a chontae sléacht ar Ros Comáin fágann an stíl imeartha atá aige agus an luas lasrach atá faoi cosantóirí trína chéile. Agus laincis na cosanta bainte de, cuireann a chuid siúil agus an faisean atá aige déanamh díreach ar an gcúl go mór le cumas ionsaithe Mhaigh Eo. Níl tosach amháin fhéin acu atá baol ar chomh sciobtha leis an Uigíneach.

Sin a fhágann gur ó chiceanna saora Cillian O’Connor agus ó ghliceas Andy Moran a thagann bunáite a gcuid scóranna.

Go deimhin dá mba mise Rochford thiocfainn céim níos faide fós agus roghnódh mé Higgins sa líne leath-thosach, mar a rinne James Horan in 2013.

Agus Craobh Chonnacht buaite acu don tríú bliain as a chéile tháinig an bainisteoir aniar aduaidh ar go leor nuair a chuaigh Maigh Eo chun páirce i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Dhún na nGall an bhliain sin agus Higgins sa líne leath-thosach.

Scriosadar na Conallaigh, d’aimsigh 4-17 agus faoin am a raibh an imirt déanta bhí trí dhuine dhéag d’imreoirí Mhaigh Eo ar chlár an scóir. Trí dhuine dhéag!

Choinnigh Horan leis an bplean sa mbua ar Thír Eoghain sa gcluiche leathcheannais agus sa gcéad leath den bhabhta ceannais in aghaidh Bhaile Átha Cliath, ba é Higgins an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc.

Faoi mar a tharla do Ros Comáin Dé Domhnaigh seo caite, bhain luas imeartha Mhaigh Eo an anáil de na Dubs agus murach chomh ciotach agus a bhí na Connachtaigh, bheidís níos mó ná cúilín amháin chun cinn ag leath ama.

Ansin gortaíodh Tom Cunniffe agus nuair a chuaigh Higgins siar sa líne lánchúil san atheagar, bhí cumas ionsaithe Mhaigh Eo chomh mantach leis an gCailleach Bhéara.

I gcaitheamh na mblianta tá frapa curtha faoi laige thosaithe Mhaigh Eo ag cumas scórála a gcuid cosantóirí, go fiú sa gcluiche comhscóir in aghaidh Ros Comáin cúpla seachtain ó shin ba iad a scóráil 1-4 den 1-8 a bhí ag a bhfoireann ag leath ama. Ach dá fheabhas iad Lee Keegan, Donal Vaughan agus Colm Boyle ní leor a gcumas scórála siúd leis an gceann is fearr a fháil ar cheachtar de na foirne atá fanta i gcraobh peile na bliana seo.

Dé Domhnaigh seo chugainn a inseoidh cé chomh maith agus a bhí Maigh Eo Dé Luain seo caite. Cinnte bhí sé aontaobhach agus ba dheacair ag an duine neodrach suim a choinneáil ann. Ach bhí splanc éicint ag baint le Maigh Eo a thug tuar dóchais dá lucht leanta foighdeach.

Fearacht a bhformhór amuigh ansin, táim tinn tuirseach ag breathnú ar an gcluiche fichille seo ar a dtugtar ‘Peil Ghaelach’ sa lá atá inniu ann. ’Sé mian mo chroí beagán spleodair, taibhseachta agus dásachta a fheiceáil inti.

Bíodh an chéad chéim ag Stephen Rochford agus é de dhánaíocht ann Keith Higgins a roghnú san áit is mó a mbeidh tionchar aige ar imeachtaí an lae.

Fág freagra ar 'Bíodh beagán spleodair, taibhseachta agus dásachta againn!'