Bíodh an spraoi mar bhun agus barr ár gcluichí nó imeoidh na páistí

Tá mórán taighde déanta faoin ábhar agus an chuid is mó de ag moladh fanacht ó chluichí iomaíocha go dtí go mbíonn na páistí 14 nó 15 bliain

Bíodh an spraoi mar bhun agus barr ár gcluichí nó imeoidh na páistí

INPHO/Andrew Paton

Tá sé ag druidim le tríocha bliain ó shin ó deineadh an chéad iarracht dháiríre struchtúr a chur ar chóitseáil sa gCLG. Roimhe sin bhíodh corrchúrsa ar fáil ach ní bhíodh aon leanúnachas i gceist.

Ansin i lár na nóchaidí rinne leithéidí Pat Daly i bPáirc an Chrócaigh, Paudie Butler i dTiobraid Árann, Éamonn Ryan i gCorcaigh agus cuid mhaith daoine eile, iarracht ollmhór lámhleabhar a chur le chéile a thug treoir ó A go Z faoi conas peil agus iomáint a chóitseáil, conas na spóirt a dhéanamh taitneamhach do na himreoirí agus conas dea-chleachtas a leanúint i ngach ar bhain leis an spórt Gaelach. Deineadh scagadh go leor ar na scileanna éagsúla sna spóirt agus bunaithe air sin cuireadh lámhleabhar beag  le chéile a mhúin conas na scileanna sin a mhúineadh.

Thóg an togra sin cúpla bliain.

Bhí sé de phríomhaidhm acu freisin níos mó daoine a mhealladh isteach chun a bheith mar chóitseálaithe, go háirithe, múinteoirí bunscoile agus tuismitheoirí a bhí ag teacht lena bpáistí chuig traenáil.

Cuireadh cúrsaí teagasc ar siúl sna clubanna timpeall na tíre.

De réir a chéile, chuaigh an togra nua i neart. Bhí roinnt mhaith cúrsaí anois ann chun na príomhoiliúnóirí a mhúineadh agus a ullmhú chun na cúrsaí nua seo a chur ar fáil do na cóitseálaithe nua. Bhíos féin páirteach ag an tús. Chuireas mórán cúrsaí ar bun timpeall an chontae agus bhaineas taitneamh astu, go háirithe mar go raibh béim mhór iontu ar an traenáil a dhéanamh taitneamhach do na himreoirí.

Ón tús ba léir go raibh rud amháin ar leith ag teastáil ó thromlach na ndaoine a d’fhreastail ar na cúrsaí seo agus sin ‘druileanna’. Bhí ‘druileanna’ ag teastáil go géar. Cúpla leathanach le léaráidí agus treoracha a bhí uathu. Is cuma cad eile a dhéanfaí nó a déarfaí leo ar na cúrsaí ba mhó a spéis sa chúpla leathanach leis na ‘drills’ difriúla orthu. Agus, do chuid áirithe, dá chasta na druileanna céanna sea ab fhearr é.

Pictiúr:INPHO/James Crombie

Níl aon dabht ach go bhfuil éacht déanta ag CLG agus clubanna na tíre chun na clubanna a rith i gceart agus chun dea-cleachtas a leanúint i ngach a ndéanann siad.

Ach ó thaobh na cóitseála de tá an roth casta ar fad nach mór. Traenáil ar fad atá á moladh arís agus cluichí beaga a bheith mar bhunchloch leis an gcóitseáil. Tá áit do na druileanna ach is iad na cluichí beaga, le líon beag imreoirí i ngach grúpa, is tábhachtaí de réir na saineolaithe. Agus do na páistí atá imithe ar ais ar na láithreacha traenála ón Luan seo tá cúpla bunphrionsabal atá á mholadh le tamall de bhlianta anois. Tá an spraoi ar bharr an liosta Tá mórán taighde déanta faoin ábhar agus an chuid is mó de ag moladh fanacht ó chluichí iomaíocha do dtí go mbíonn na páistí 14 nó 15 bliain.

Scríobh Uachtarán nua CLG Larry McCarthy chuig roinn faoi aois gach club agus contae le déanaí agus mhol sé ‘eispéireas ar ardchaighdeán’ a chuir ar fáil do na himreoirí óga. Mhol sé dóibh díriú isteach ar chluichí a sholáthar do gach duine is cuma cén caighdeán atá acu. Bhí an t-iarbhainisteoir ar fhoireann peile Chorcaí agus príomhoide bunscoile Brian Cuthbert ar aon fhocal leis agus faitíos air go raibh baol áirithe ann nach dtiocfadh cuid mhaith páistí ar ais ag imirt i ndiaidh briseadh fada mar seo.

Mar a scríobh McCarthy: ‘Ón Luan tá clubanna ag tosnú amach as an nua sa domhan iarCovid seo. Tá seans iontach ag CLG anois sláinte, áthas agus spraoi a chothú agus a fhorbairt sa ghlúin óg seo trínár gcluichí iontacha.’

Agus nach aige atá an fhírinne.

Tá dualgas ar na cumainn spórt go léir an spraoi a bheith mar bhun agus barr na gcluichí. An bua a fháil an phríomhsprioc a bhí ann ar feadh blianta fada agus thug na mílte páiste cúl lenár gcluichí Gaelacha dá bharr.

Tá an saol athraithe agus tá an rannpháirtíocht i bhfad níos tábhachtaí don aos óg.

Fág freagra ar 'Bíodh an spraoi mar bhun agus barr ár gcluichí nó imeoidh na páistí'