Bímis soiléir faoi cad is coir fuatha ann agus tugaimis coir fuatha ar choir fuatha…

Bhíodh drogall ar an RUC an téarma ‘seicteach’ a úsáid i leith ionsaithe de chuid na bparaimíleatach. Ná déantar an botún céanna…

Bímis soiléir faoi cad is coir fuatha ann agus tugaimis coir fuatha ar choir fuatha…

Cailíní óga ina suí ar bhinse in aice le Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Duine acu sna déaga luatha, an bheirt eile níos sine. Iad ag breathnú ar rud éigin ar ghuthán póca, ag tabhairt aire dá ngnóthaí féin. Stop bean a bhí ag dul thar bráid ag iarraidh cipín nó deargadh le haghaidh toitín. Níor chaith na cailíní tobac agus dá bhrí sin ní raibh siad in ann rud a dhéanamh ar an mbean. Ní raibh sí sásta. Chuir sí a racht di.

Thug sí íde don triúr mar gur daoine gorma iad. Céard atá sibhse a dhéanamh anseo i mo thírse? ar sí. Tuige nach mbailíonn sibh libh chuig cibé áit as a dtáinig sibh. Bhog sí ar aghaidh ansin. Ach cúpla nóiméad ina dhiaidh sin d’fhill sí agus thug íde béil chiníoch arís dóibh.

Thaifead duine den triúr an t-ionsaí ar fad ar a guthán. Níos deireanaí chuir feachtasóir in aghaidh an chiníochais an fhístéip ar na meáin shóisialta. Dúirt an PSNI go raibh siad ag fiosrú na heachtra mar choir fuatha.

Tharraing an físeán aird na mílte. Chuir sé alltacht ar dhaoine, ach ’sí fírinne an scéil nach eachtra neamhchoitianta a bhí ann. Tá a fhios againn go raibh méadú mór ar líon na gcoireanna ciníocha le tamall de bhlianta. Gnáthchuid den nuacht é ar maidin scéal faoi theaghlach (strainséirí) éigin a bheith líonraithe agus ar tí an chomharsanacht a fhágáil i ngeall ar ionsaí loiscneach ar a dteach faoi dhorchadas na hoíche, ar achasáin a scríobhadh ar na ballaí nó ar imeaglú ar pháistí ar an tsráid. Ach is annamh a thugann na húdaráis ciníochas air, coireanna fuatha an leagan oifigiúil. Seans go mbeadh an pobal níos diongbháilte ina choinne dá n-ainmneofaí an choir go neamhbhalbh.

Níor cheart go dtarlódh sé mar is gránna agus scanrúil an rud é fuath ach maolaíonn an lipéad ar an uafás. Admhaím gur coireacht fuatha an t-ainm atá air sa reachtaíocht. ’Sé an sainmhíniú ar choireacht fuatha bagairt nó ionsaí ar dhuine ar bhonn inscne, cine, míchumais, creidimh nó claonadh gnéis. Chomh maith le hionsaí, marú, robáil, damáiste do mhaoin, tá ciapadh agus gríosú chun fuatha áirithe mar choireanna fuatha leis. Ba cheart iad a ainmniú go poiblí.

Is léir go mbíonn drogall ar an PSNI ciníochas a thabhairt ar na hionsaithe seo. Is léir don dall gur ciníochas is bonn leo, áfach. Tá sé in am a bheith oscailte faoi. Meabhraíonn sé dá lán an drogall a bhíodh ar an RUC an téarma ‘seicteach’ a úsáid i leith ionsaithe de chuid na bparaimíleatach. Chothaigh an drogall sin easpa muiníne sna póilíní. Ní mór a leithéid a sheachaint sa réimeas nua. Bímis oscailte. Tá iompar bréan lofa ar siúl; admhaímis é agus náirímis an tsochaí go dtí go gcuirtear deireadh leis.

Foirgnimh ardstóracha do na boicht

Tá 32 foirgneamh ardstórach ar árasáin iad i dTuaisceart Éireann. D’fhógair an fheidhmeannacht tithíochta go raibh siad go léir scrúdaithe i ndiaidh na tubaiste i Kensington. Tá cumhdach nua curtha ar chuid de na foirgnimh le blianta beaga anuas, leithéidí túr Divis in iarthar Bhéal Feirste. Dúirt an fheidhmeannacht nach é an cineál céanna ábhair atá sa chumhdach abhus agus a bhí i Grenfell.

Sásaíonn an cumhdach na rialacha sábháilteachta dóiteáin dar leis an bhfeidhmeannacht. Ach an leor é sin mar fhreagra? Níor mhaolaigh sé ar an imní atá ar na daoine atá ina gcónaí sna hárasáin. Tá an-chuid ceisteanna acu. An bhfuil a fhios an raibh an t-ábhar a úsáideadh chun an cumhdach a ghreamú de na ballaí dódhíonach? An bhfuil an caighdeán sábháilteachta a leagtar síos sna rialacha sách ard? Cén fáth a ndeirtear nach mbeadh córas spréite uisce feiliúnach do na foirgnimh seo? Tá sé sna hárasáin atá ag daoine saibhre, sna hárasáin dín a bhfuil stádas acu i measc lucht rachmais. An é go mbeadh sé róchostasach é a sholáthar do dhaoine bochta? An bhfuil faillí ar na boicht ina fadhb chórasach?

Fág freagra ar 'Bímis soiléir faoi cad is coir fuatha ann agus tugaimis coir fuatha ar choir fuatha…'

  • Mise Áine

    @is gránna agus scanrúil an rud é fuath @iompar bréan lofa

    Aontaím.