Bímis ag súil go bhfoghlaimeofar ceachtanna ó dhea-scéal Helen McEntee

Tá caint le fada ar na huaireanta a leasú agus iarracht a dhéanamh lena chinntiú gur féidir clann a bheith agat agus a bheith i do pholaiteoir lán-aimseartha

Bímis ag súil go bhfoghlaimeofar ceachtanna ó dhea-scéal Helen McEntee

Helen McEntee. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Is beag duine sa tír nach raibh ríméadach an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus a fear Paul go bhfuil siad ag súil le páiste mí na Bealtaine.

Nuair a ceistíodh í, thug an tAire le fios go bhfuil sé i gceist aice saoire mháithreachais a thógáil. Tharraing sin ceist eile.

An mbeadh sí in ann a cuid dualgas mar Aire a chomhlíonadh tar éis saolú a linbh? Cén fáth nach mbeadh, a deir tú?

Ar an gcéad dul síos seo an chéad uair i stair an Stáit aire rialtais a bheith ag súil le páiste agus í in oifig.

Tá sé os cionn dhá scór bliain cheana ó thug bean a raibh aireacht aici páiste ar an saol. Bhí Máire Geoghegan-Quinn ina hAire Stáit sa Roinn Tionscail agus Tráchtála ag an am. Taca an ama sin, gheall an tAire Airgeadais George Colley go gcaithfí beart a dhéanamh le tacú le mná a raibh páistí nó naíonáin acu.

Tá an saol athraithe go mór ó shin. Nach dtugtar gach deis do mhná anois ó thaobh saoire mháithreachais, atharthachta agus tuismitheoireachta. Ach féach! Nach maith nach dtugtar!

Níl aon saoire mháithreachais dlite do Theachtaí Dála, Seanadóirí ná polaiteoirí áitiúla sa tír seo. Dá réir sin, filleann a bhformhór ar an obair chomh luath agus is féidir. Tá an scéal chomh háiféiseach agus gur thairg Teachta Dála, Holly Cairns ó na Daonlathaigh Shóisialta socrú vótála a dhéanamh leis an Aire McEntee ionas nach gcaithfeadh sí a bheith sa Dáil do vótaí.

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí rialtais go bhfuil plé tosaithe ar na bealaí a bhféadfadh an tAire McEntee leanacht dá cuid dualgas agus í ar shaoire mháithreachais. Níl sé soiléir de réir an Bhunreachta an bhfuil sé de chead ag Airí Rialtais saoire mháithreachais a thógáil.

Taobh amuigh den chás áirithe seo, atá eisceachtúil mar gheall ar an bpost atá ag an máthair, céard atá le foghlaim as i dtaobh cearta ban nuair a bhíonn páiste acu agus cearta an pháiste féin? Díol gaisce ag go leor daoine cáiliúla a laghad ama agus a thógann siad saor nuair a thugann siad páiste ar an saol. Cuireann sin brú ar mhná eile agus tugann armlón d’fhostóirí nach dteastaíonn uathu cearta iomlána a thabhairt do mhná i dtaobh saoire mháithreachais.

Scéal eile ar fad is ea a mhífholláine agus atá an saol polaitiúil do theaghlaigh óga. Tá caint le fada ar na huaireanta a leasú agus iarracht a dhéanamh lena chinntiú gur féidir clann a bheith agat agus a bheith i do pholaiteoir lán-aimseartha.

Is tréimhse an-speisialta ina saol ag bean nó lánúin ar bith saolú linbh. Tagann brú, dúshláin agus deacrachtaí praiticiúla leis. Teastaíonn cúnamh agus tacaíocht. I bhfianaise an tábhacht ar fad a bhaineann leis na chéad mhíonna i saol linbh agus an leas a dhéanann comhluadar tuismitheora dóibh, nach bhfuil sé in am againn mar thír díriú ar an bhfadhb seo?

Fág freagra ar 'Bímis ag súil go bhfoghlaimeofar ceachtanna ó dhea-scéal Helen McEntee'

  • Séamas Mac Coitir

    Bíonn rud éigin fiúntach, iomchuí, le rá ag Máirín Ní Ghadhra, i gcónaí, bail ó Dhia uirthi! Ní ceart go mbeadh braiteoireacht ar bith mar gheall ar an staid leochaileach ina bhfuil Helen McEntee, an tAire Dlí agus Cirt, faoi láthair. Ba chóir go mbeadh saoire mháithreachais ag dul di sa ghnáthshlí mar atá ag gach banfhostaí san earnáil phoiblí.

    Tá sé ag dul ó mheabhair orm a thuiscint, cén fáth nár thug aon duine de na reachtóirí grinnsúileacha an tuaiplis mhillteanach faoi deara, nuair a bhí an bille a bhí i dtreis á chioradh ag dul tríd na céimeanna éagsúla sa Dáil.

    Is minic a bhíonn teachtaí dála in árach a chéile faoi chúrsaí neafaiseacha gan tábhacht, mar sin, tá sé diabhalta deacair glacadh leis nár tugadh aird ar bith ar ábhar a bhí chomh lárnach, goilliúnach, do leas na mbanteachtaí dála!