Bímis ag súil go bhfágfar a bhfuil ag TG4 acu agus suim ag cách sna ‘mionchomórtais’ anois

Ba é an stáisiún Gaeilge ba mhó a chothaigh suim i mionchomórtais CLG seo nuair nach raibh mórán suime ag na piardaí móra iontu ach ní gá go ndéanfaí a dtuiscint agus a ndílseacht a chúiteamh leo

Bímis ag súil go bhfágfar a bhfuil ag TG4 acu agus suim ag cách sna ‘mionchomórtais’ anois

Bhí cad é mar dheireadh seachtaine spóirt againn. Comórtas na Sé Náisiún, an tSraith Náisiúnta Peile agus Craobhchomórtais na gClub. 

Thug Eir agus RTÉ aghaidh ar a chéile mar go raibh an cluiche idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí á chraoladh ag an dá dhream. Lena chois sin ar fad, bhí cluiche Mhaigh Eo agus an Chabháin ar chainéal eile de chuid Eir. Agus bhí muintir na Gaeltachta i lár an aonaigh; Tomás Ó Sé le RTÉ, Marc Ó Sé le Eir agus Máire Treasa Ní Cheallaigh i mbun cúraimí taobhlíne i bPáirc Mhic Éil. 

Bhí clúdach cuimsitheach ag TG4 ar chomórtais éagsúla na gclub i gcaitheamh an deireadh seachtaine, ar an teilifís agus ar líne. Lena chois sin, bhí trí chluiche idirchontae acu ar an Domhnach. 

Tá CLG ag útamáil le struchtúir a chuid comórtas le blianta agus tá cad é bús faoi láthair maidir lena athrú tuilleadh sa chaid. Leis an bhfothragadh seo ar fad tá dearmad déanta ar an athrú struchtúir is fearr, agus is mó a raibh rath air, le fiche bliain anuas, ’sé sin craobhchomórtais shóisir agus idirmheánacha na gclub sa dá chód. Tugann seo deiseanna do chlubanna beaga, cinn imeallacha tuaithe a bhformhór, an ‘lá mór’ a bheith acu sa phríomhchathair mar aon le deis a thabhairt d’imreoirí, nach imreoirí mór le rá iad, bróga caide a leagadh ar fhód Pháirc an Chrócaigh. 

Ní bhíodh fiú an craobhchomórtas sinsir ar scáileán againn go dtí go dtáinig TG4/Nemeton ar an bhfód agus, anois, a bhuíochas díobh agus den nua-theicneolaíocht, tá na babhtaí deiridh den trí chomórtas sa dá chód againn. Bhain stáisiún Bhaile na hAbhann deatach as YouTube ag an deireadh seachtaine mar ar thaispeáin siad ceithre chluiche. Ar an Satharn bhí Iascaigh agus Lios an Phúca againn sna sóisir mar aon le Cill Chuimín agus Naomh Éanna sa chluiche ceannais idirmheánach. Thug na Ciarraígh an lá leo, mar atá déanta acu go minic sna comórtais seo. Ba dheas é Seán Kelly, iar-uachtarán CLG, a fheiscint ag bronnadh an choirn ar a chlub féin. 

Nuair a bhí Kelly in uachtarán bhí sé ar thosach cadhnaíochta sna hiarrachtaí na comórtais seo a thabhairt ar an bport.

Chuir lucht na gcamán chun páirce ar an Domhnach: Baile na Lorgan agus Dún Iomagáin sna sóisir mar aon le An Ráth agus Óran Mór-Mearaí sna sinsir. B’iad fir Chill Chainnigh agus na Gaillimhe a thug an lá seo. Bhí tráchtaire agus comhthráchtaire againn ar an dá lá; Dáithí de Mórdha agus Daithí Ó Géibheannaigh ar an Satharn agus Conall Ó Cíobháin is Pat Fleury le cloisint ar an Domhnach. 

Dheineadar a gcúram go slachtmhar.  

Cé go mbím ag píobaireacht go minic faoin líon ard cláracha ceoil agus spóirt a bhíonn ar TG4 ní hannamh a dhéanann siad gaisce craoltóireachta in iomaire CLG. Chinntíodar an tseachtain seo caite go raibh na clubanna beaga a bhain an stáitse mór amach i lár an aonaigh agus nach raibh a lucht leanta dílis nárbh fhéidir leo a bheith i bPáirc an Chrócaigh fágtha ar an trá fholamh.

Ach tá údar imní ag TG4 leis. Tá na cearta go fóill acu do chluichí sraithe an Domhnaigh agus do na cluichí móra club ach féach go bhfuil dúil nár facthas uathu le tamall á léiriú anois ag RTÉ i gcraoladh beo cluichí sraithe. Sin gan trácht ar an bhfuadar atá faoi Eir.

An mbeidh TG4 fágtha leis an ndríodar amach anseo? 

Ba é an stáisiún Gaeilge ba mhó a chothaigh suim sna comórtais seo nuair nach raibh mórán suime ag na piardaí móra iontu agus bheifeá ag súil go gcúiteodh CLG an méid sin leo agus go dtógfaidís san áireamh leis an tábhacht a bhaineann le cluichí móra a bheith á gcraoladh i nGaeilge. 

Dream gnó righin neamh-mhaoithneach go maith iad lucht CLG, áfach, mar a léirigh siad i gcás Sky.

Bímis ag súil mar sin féin ar a laghad go bhfágfar a bhfuil ag TG4 acu. 

Fág freagra ar 'Bímis ag súil go bhfágfar a bhfuil ag TG4 acu agus suim ag cách sna ‘mionchomórtais’ anois'

  • Concubhar Ó Liatháin

    D’fhagadh lucht leanúna Naomh Éanna is lucht leanúna foirne eile ar an dtrá folamh dá mba rud go raibh siad ag brath ar an idirlíón le bheith ag faire ar na cluichí seo agus iad ó thuaidh den teorainn. Bhí orthu faire ar seana chluiche cisphéile éigean de bharr go bhfuil ‘geoblocking’ á dhéanamh ar fhreastalaithe idirlín atá lonnaithe ar an mBreatain Mhór. Tá cuid mhór de solathar idirlín na sé contae ag teacht ó Albain. Ní ar TG4 an locht as seo sa mhéid is gur polaiteoirí ó thuaidh is ó dheas, iad san a bhionn de shíor is de ghlór ard ag caint faoi ‘teorainn bhog’ go h-áirithe, a loic ar a gcúram faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh teacht forleathan ar TG4 ó thuaidh. Ciallaíonn forleathan i gcomhthéacs na linne seo, ar gach ardán. Mura bhfuil fút íoc as Sky nó Virgin nó as bosca draíochta, ní féidir leat teacht ar TG4 ó thuaidh sa ghnath shlí. Níl seo ceart nó cóir agus is mór an náire iad na polaiteoirí nach bhfuil ag tabhairt aird go leor don cheist seo.