Bille €372,000 le híoc ag Seanadóir Gaeltachta mar gheall ar fhiosrúchán faoi éilimh mhíchuí ar chostais

Tá a thuilleadh sonraí tugtha ag an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) faoin gcostas a bhain le fiosrú líomhaintí faoi éilimh mhíchuí ar chostais a rinne an Seanadóir Brian Ó Domhnaill as Gaeltacht Dhún na nGall

Bille €372,000 le híoc ag Seanadóir Gaeltachta mar gheall ar fhiosrúchán faoi éilimh mhíchuí ar chostais

Tá bille mór dlí le híoc ag an Seanadóir Gaeltachta Brian Ó Domhnaill agus an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) ag dul sa tóir air maidir le haisíoc na gcostas a bhain le fiosrú líomhaintí faoi éilimh mhíchuí ar chostais a rinne sé nuair a bhí sé ina bhall tofa de bhord Údarás na Gaeltachta agus de Chomhairle Chontae Dhún na nGall

Rialaigh an Chúirt Achomhairc go mbeadh ar an Seanadóir Ó Domhnaill na costais uilig a bhain leis an dá chás cúirte a bhí i gceist a íoc agus thug SIPO le fios do Nuacht TG4 go mbeidh siad ag dul sa tóir ar an Seanadóir maidir leis an mbille €372,000 a bhí i gceist lena bhfiosrúchán. Bheadh a chostais dlí féin le híoc ag an Seanadóir Ó Domhnaill anuas ar an mBille sin.

Tá a thuilleadh sonraí tugtha ag an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) faoin gcostas a bhain le fiosrú líomhaintí faoi éileamh míchuí ar chostais a rinne an Seanadóir as Gaeltacht Dhún na nGall nuair a bhí sé ina bhall tofa de bhord Údarás na Gaeltachta agus de Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

De réir eolais a tugadh do Nuacht TG4 chaith an Coimisiún €300,000 ar tháillí dlíodóirí chun na líomhaintí ina éadan a fhiosrú. San áireamh sna costais seo tá táillí a bhain leis an bhfiosrúchán bunaidh, táillí a d’eascair as dhá dhúshlán cúirte a thug an Seanadóir Ó Domhnaill agus táillí a bhain le tuarascáil an Choimisiúin faoin gcás a chur le chéile. 

Sa bhreis ar sin, íocadh breis is €22,308 ar chostais aistriúcháin agus ateangaireachta a bhain leis na dúshláin chúirte.

I Nollaig na bliana 2016, rialaigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur sháraigh Brian Ó Domhnaill, atá ina Sheanadóir faoi láthair, reachtaíocht maidir le cúrsaí eitice nuair a d’éiligh sé costais taistil agus cothabhála ar dhá fhoras stáit éagsúla i leith na ndátaí céanna. Rialaigh an Coimisiún gur d’aon turas a d’éiligh an tUas. Ó Domhnaill na costais sin ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus ar Údarás na Gaeltachta idir 2006 agus 2007.

Cuireadh naoi líomhain faoi éilimh dhúbailte i leith Uí Dhomhnaill agus cuireadh ina leith gur thuill sé costais de níos mó ná €2,000 ón Chomhairle Contae agus ón Údarás le freastal ar ócáidí éagsúla a bhain leis an dá eagras le linn na tréimhse sin. Ina mbreithiúnas dúirt an Coimisiún nach raibh siad ábalta a rá gur iompar Brian Ó Domhnaill é féin le dea-thoil maidir le ceann ar bith de na líomhaintí a bhí ina éadan.

Cé nach raibh ach suim €2,000 i gceist leis an éileamh dúbailte, bhí costas €372,000 i gceist leis an fhiosrúchán a rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar na líomhaintí. Bhain bunús an chostais sin le táillí dlí a d’eascair as dhá chás cúirte a ghlac an Seanadóir Ó Domhnaill i leith an fhiosrúcháin. Bhí an fiosrúchán le bheith ar siúl i Meitheamh 2012 ach cuireadh ar athlá é fad is a bhí Ó Domhnaill ag tabhairt a chuid dúshlán cúirte.


In 2014 rialaigh an Ard-Chúirt in éadan iarratas Uí Dhomhnaill go gcuirfí an éisteacht ar athló mar gur ó fhoinse anaithnid a rinneadh na líomhaintí an chéad lá riamh.

Theastaigh uaidh fosta gur go dátheangach a dhéanfadh aon bhinse iniúchadh ar a chás.

Mhaígh Ó Domhnaill gur sárú ar a chearta mar chainteoir Gaeilge a bheadh ann dá mbeadh baill den Choimisiún ag brath ar ateangaireacht le linn na héisteachta.

Rinne sé achomharc ina dhiaidh sin ach theip ar a chuid éileamh go gcuirfí siar fiosrúchán an Choimisiúin de bhrí nach raibh fáil ar leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Achomhairc. Chuir an Coimisiún ina leith go raibh iarrachtaí ar bun aige moill a chur ar an bhfiosrúchán.

Ní raibh aon ní le rá ag an Seanadóir faoin faoi na costais a bhain leis an gcás.

D’éirigh an Seanadóir Ó Domhnaill as Fianna Fáil nuair a fuarthas gur sháraigh sé an reachtaíocht eitice.

Fág freagra ar 'Bille €372,000 le híoc ag Seanadóir Gaeltachta mar gheall ar fhiosrúchán faoi éilimh mhíchuí ar chostais'