Bille bradach Boris borb an bhuaileam sciath

An féidir gur ag bualadh a uchta agus ag rá ‘féach ormsa is fear láidir mise’ atá Príomh-Aire na Breataine?

Bille bradach Boris borb an bhuaileam sciath

Údar iontais nó scige a bheadh ann mar radharc i ndráma. Mar íomhá as ‘máthair na bParlaimintí’, b’údar alltachta é.

Murar leor Bille a mholadh a sháródh an dlí idirnáisiúnta, d’fhan Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ina shuí ag clamhsán os íseal, mar a bheadh páiste ag maistíneacht gan freagra aige ar cheist shimplí.

Ba é urlabhraí Gnó an Lucht Oibre Ed Milliband a chuir an cheist ar an bPríomh-Aire Johnson tráthnóna Dé Luain in Westminster.

“Cá bhfuil an fhoráil sa bhille chun déileáil leis an mbac ar bhia go Tuaisceart Éireann a bhagair an tAontas Eorpach, dar leatsa? Dúirt tú leis an bParlaimint gur chúis mhór imní í an bhagairt sin ón Eoraip agus gurb é sin an fáth a bhfuil gá le reachtaíocht éigeandála,” arsa Milliband ag tabhairt dúshlán Johnson freagra a thabhairt.

Bhí iarcheannaire an Lucht Oibre ar a sháimhín só, fios maith aige nach raibh tada sa mbille faoi aistriú earraí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann. Thairis sin thug sé sonc eile don Phríomh-Aire ag rá go fonóideach go raibh a fhios ag na feisirí gurbh fhear é a rinne staidéar ar na mionsonraí. Ní maith le héinne a bheith ina cheap magaidh, ba léir go raibh pus ar Boris Johnson agus na feisirí ag gáire faoi.

Ach freagra ní raibh aige.

Níos deireanaí, dúirt an Príomh-Aire Johnson nach raibh siad ag déileáil leis an mbaol go gcuirfí bac ar bhia ins an mbille áirithe seo.

“Tá sé chomh dochreidte sin go ndéanfadh an tAE é seo (an bac) nach bhfuil an chumhacht glactha againn sa bhille seo chun an chontúirt sin a cheansú,” a dúirt sé.

Cad faoi ndear an buaileam sciath is a bhille á mholadh aige mar sin? Ní fhéadfaí caoireoil as an mBreatain Bheag a thabhairt anoir, ar sé, ná uachtar téachta ó Chorn na Breataine.

Bhí gá leis an mbille mar sciath chosanta dá mbeadh an tAontas Eorpach míréasúnta faoin bprótacal Éireannach; ní raibh ‘gunna’ an bhaic sin caite i dtraipisí ag an AE, a dúirt Johnson.

Ní fhéadfaí ligean d’eachtrannaigh an tír a bhriseadh suas ná ceannas a ghlacadh ar theorainneacha na Ríochta Aontaithe. Gheall sé, áfach, nach mbainfí feidhm as an mbille dá bhfaigheadh an Bhreatain an margadh atá uaidh féin. Ní léir cén líon de na feisirí a ghlac leis an ngeallúint sin. Tá iarphríomh-airí agus scata d’iar-oifigigh dlí dubh dóite i gcoinne an bhille mar go sáraíonn sé an dlí idirnáisiúnta agus go náiríonn sé an Ríocht Aontaithe os comhair na cruinne.

Ar ndóigh ba náireach an mhaise é don AE a bheith ag bagairt go gcuirfidís bac ar an soláthar bia do Thuaisceart Éireann. Bheadh sé sin barbartha. Gníomh cogaidh a bheadh ann. Níor thug Boris Johnson fianaise ar bith, áfach go ndearna an tAE a leithéid de bhagairt.

N’fheadar ó thalamh an domhain cad é an ‘gunna’ samhlaithe seo nach bhfuil caite uathu ag na hEorpaigh. Bhí ganntanas mór fíricí i líomhaintí an rialtais.

Tá sé sách deacair aon bhrí a bhaint as teaictic Johnson. Más cosaint in aghaidh an mhíréasúin atá uaidh tá dhá bhealach leagtha síos sna conarthaí idirnáisiúnta chuige sin. Tá próiseas eadrána faofa sa chonradh aistarraingthe a rinne an Ríocht Aontaithe (Boris Johnson) agus an tAontas Eorpach agus ceadaíonn Alt 16 den Phrótacal córas réitigh nó cúitimh.

I bhfianaise na socruithe sin a bhfuil feidhm dlí idirnáisiúnta leo cén fáth a mbeadh rialtas a dteastaíonn margadh uaidh, go hionraic, ag iarraidh a chúltaca féin, le bille bradach?

Sin í an cheist atá faoi chaibidil san AE. Tá sí ag déanamh tinnis do pholaiteoirí in Westminster cé gur éirigh leis an rialtas san vóta oíche Dé Luain. Beifear ag faire go géar ar na chéad chéimeanna eile. Údar imní is ea an scéal dá  lán daoine anseo i dTuaisceart Éireann.

San Tionól Dé Luain, dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster nach bréagán de chuid an AE é Tuaisceart Éireann.

Ba cheart dóibh éirí as a bheith ag baint mí-úsáide as an Tuaisceart chun cead a gcinn a fháil, ar sí. Vótáil an DUP i bhfabhar an bhille in Westminster, iad ag cur a muiníne (a bheag nó a mhór) in Boris Johnson arís cé go ndearna sé feall orthu bliain ó shin.

Bhí an UUP in éadan an chonartha aistarraingthe ach níl siad i bhfabhar an dlí idirnáisiúnta a shárú. Vótáil Alliance agus SDLP in aghaidh an bhille agus d’fhiafraigh Colum Eastwood SDLP conas a d’fhéadfadh éinne muinín a bheith acu i gconradh ar bith a dhéanfadh rialtas na Breataine faoi cheannas Johnson.

Bhí amhras faoi chur chuige Johnson i leith an chonartha aistarraingthe le clos go forleathan abhus. Is maith is cuimhin le daoine gur chuir a léamh ar shocruithe maidir le seachadadh earraí idir an Tuaisceart agus an Bhreatain Mhór iontas ar a lán nuair a tháinig sé anseo tamall i ndiaidh dó an margadh a aontú.

Bhí sé ag stocaireacht roimh an toghchán agus gheall sé do dhaoine nár ghá aird a thabhairt ar na coinníollacha a bhain le foirmeacha a líonadh. Caith sa gciseán iad, ar sé.

An é nár thuig sé an conradh a bhí sínithe aige nó an raibh sé ina intinn aige, ansin féin, nach gcomhlíonfadh sé na coinníollacha?

An ag iarraidh milleán as an mBreatimeacht gan mhargadh a sheachaint atá sé anois cé gurb é sin atá uaidh? An raibh súil aige go siúlfadh foireann idirbheartaíochta an AE amach agus go bhféadfaí an locht a chur orthusan? Nó an féidir gur ag bualadh a uchta agus ag rá ‘féach ormsa is fear láidir mise’ roimh an mbabhta eadrána deiridh leis an AE a bhí sé?

Is contúirteach an cleas é agus sinne is mó a bheas thíos leis má theipeann air.

Fág freagra ar 'Bille bradach Boris borb an bhuaileam sciath'

  • An Teanga Bheo

    Cónspoideach de shíor ag peata mór na Breataine !