BIFFO os ár gcomhair arís – Blas Iar-Fhianna Fáilleach Oireachtais

Beidh a thuilleadh ceisteanna á bhfreagairt ag Brian Cowen i dTeach Laighean Dé Céadaoin. Seo comhrá gairid faoin méid atá ráite aige go dtí seo

Screen Shot 2015-07-02 at 11.07.50

 

Céard atá ráite ag Brian Cowen go dtí seo, i mbeagán focal?

Gur tar éis a thuigtear gach beart. Ach ní bhaineann sé sin in aon chor leis an gcomhairle ná leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil dó nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais (2004-2008) agus ina Thaoiseach ina dhiaidh sin go dtí 2011.

Ar ghabh sé leithscéal faoinar tharla, dáiríre?

Níor ghabh, mura nglacann tú leis gurb ionann aiféala agus leithscéal. Dúirt sé go raibh aiféala air gur tháinig cruatan agus anás ar mhórán mar gheall ar na polasaithe a shíl a rialtas a bheith riachtanach chun déileáil leis an ngéarchéim.

Ach ní leithscéal é sin in aon chor.

Aontaím leat.

Ar dhúirt sé rud ar bith faoin méadú as cuimse a thagadh ar chaiteachas an rialtais gach bliain le linn dó a bheith ina Aire Airgeadais? Roimh olltoghchán 2007 go háirithe, agus an ghéarchéim á tuar go forleathan?

Dúirt sé go raibh gá le feabhsaithe den uile chineál sa tír (ar scoileanna, ospidéil srl.) agus nach raibh ciorraithe á lorg ag páirtí ar bith sa bhfreasúra.

Ach bíonn gá le feabhsú i gcónaí, más acmhainn do rialtas airgead a chaitheamh air. Ach aontaím leis an dara ráiteas… An cuimhin leat, dála an scéil, cén ceannaire a chuir tús le Comórtas na nGeallúintí go laghdófaí cáin ioncaim roimh an toghchán sin?

Pat Rabbitte, ar ndóigh. Gan dabht, ní le Fianna Fáil amháin a bhain an mhístuaim, an mhífhreagracht agus an tseafóid sara ndeachaigh an Tíogar in éag.

Mar is eol do gach duine neamhchlaonta le fada. Ach cogar, ar dhúirt Brian Cowen rud ar bith nach raibh ar eolas agat cheana, nó a chuir iontas ort?

Dúirt. Sampla amháin: dúradh leis, sarar fhág sé an Roinn Airgeadais in 2008, nach raibh airgead á chur i dtaisce ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiunta (NTMA) in Anglo-Irish Bank. Níor phléigh sé cúrsaí le NTMA. Níor dhúirt sé cén fáth nár phléigh. D’ordaigh sé do NTMA airgead a chur i dtaisce in Anglo.

Scéal nach gcreidfeá murach gur óna bhéal féin a tháinig sé.

Cloistear iontas nó áiféis de chineál éigin i mbeagnach gach seisiún cainte i dTeach Laighean. Labhróidh muid ar Brian Cowen arís nuair a bheidh a sheal mar Thaoiseach pléite aige.

Bain sult as an mbeochraoladh ar www.oireachtas.ie ó 9.30 r.n. Dé Céadaoin. Slán agat!

Slán leat!


Drochfhreagra Dála na bliana?

Sa Dáil Déardaoin, chuir Leas-Cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ceist ar Joan Burton faoi chiorrú ar liúntais do thuismitheoirí aonair.

19/11/2014. Cabinet Meeting. Pictured Tanaiste Joa

Chosain an Tánaiste an t-athrú, ach nuair a chuir Mary Lou ina leith go raibh airgead á thógáil ó thuismitheoirí aonair, seo a dúirt an Tánaiste:

‘Let me tell the Deputy about welfare. Jean McConville had twelve children and what did Sinn Féin’s associates in the republican movement do about them?’

Is i 1972 a fuadaíodh Jean McConville i mBéal Feirste. Gan amhras, níl na freagraí go léir faoina marú atá ag dul dá muintir fadó riamh tugtha dóibh fós ag an ngluaiseacht phoblachtánach. Ach an neartaíonn tagairt mar seo do mharú uafásach a tharla 43 bliain ó shin cás an rialtais in aon chor? Go háirithe nuair a chloistear a leithéid chomh minic sin sa Dáil agus ceist chrua éigin á cur ag Sinn Féin ar an rialtas?

Mar shampla, tharraing an Tánaiste cás Jean McConville anuas freisin le linn díospóireachta eile Dé Máirt agus rún a mhol Sinn Féin faoi chás na dtuismitheoirí aonair á phlé.

Chum Conor Cruise O’Brien leagan breá Béarla i bhfad ó shin chun cur síos ar fhreagra nach mbaineann in aon chor leis an ábhar atá á phlé: whataboutery. Nó i nGaeilge, b’fhéidir, cadfaoiachas. Oireann siad araon sa chás seo.

– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'BIFFO os ár gcomhair arís – Blas Iar-Fhianna Fáilleach Oireachtais'

  • Concubhar

    Is cinnte go raibh blaiseadh den car faoi-achas ag baint le freagra Burton. Ag an am chéanna bhí fuar chroíachas ar leith ag gabháil le fuadach agus marú Jean McConville agus an slí ar caitheadh lena páistí i ndiaidh sin. An féidir bheith muiníneach nach ndéanfaidh SF an lae inniu a leas féin a chur chun tosaigh ar leas an phobail – go hairithe duine ar an imealll cosúil le Jean McConvillr – má tá an pháirtí idir dhá thine Bealtaine amach anseo?