Biden le glacadh go hoifigiúil le hainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do rás uachtaránachta Mheiriceá anocht

Tá súil ag Donald Trump go mbeidh aird ar gach ní faoin spéir an tseachtain seo seachas ar choinbhinsiún na nDaonlathach

Biden le glacadh go hoifigiúil le hainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do rás uachtaránachta Mheiriceá anocht

Tráthnóna inniu a ghlacfaidh Joe Biden go hoifigiúil le hainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do rás na huachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Coinbhinsiún neamhghnách atá ann, ar ndóigh, mar gheall ar shrianta an Covid-19. Seachas Joe Biden agus na mílte toscairí a bheith i láthair in Milwaukee, beidh Biden ag tabhairt a óráide sa mbaile in Delaware.

Tá sé go mór chun cinn sna pobalbhreitheanna faoi láthair ach ní haon ribín réidh an té a bhfuil an Oifig ina sheilbh aige agus caithfidh na Daonlathaigh an deis a thapú a gcás a chur i láthair phobal vótála na Stát Aontaithe.

Ní bhíonn sé éasca riamh ag an té a thugann dúshlán an Uachtaráin. Tá sé beagnach deich mbliana fichead ó d’éirigh le Bill Clinton i 1992 an ceann is fearr a fháil ar George H W Bush. Ó shin, rinne an triúr uachtarán a bhí ann dhá théarma. Tá rún ag Donald Trump an beart céanna a dhéanamh. Cé gur cheart gur leis na Daonlathaigh an tseachtain seo ó thaobh poiblíochta de, tá tuiscint ar leith ag Donald Trump ar chaidreamh poiblí agus an bealach le leas a bhaint as.

Ceithre bliana ó shin, nuair a bhí na Daonlathaigh cruinnithe leis an ainmniúchán a thabhairt do Hillary Clinton, d’éirigh le feachtas Trump aird a tharraingt ar bhotún iarrthóir na nDaonlathach lena cuid ríomhphost pearsanta. Seachas a bheith ag caint ar theachtaireacht Hillary Clinton faoin tír a athaontú, bhí na meáin agus an pobal ag caint ar an méid a d’éirigh leis an Rúis a fhoghlaim óna cuntas ríomhphoist.

Tá rún ag an Uachtarán an rud céanna a dhéanamh an tseachtain seo trí shraith imeachtaí a eagrú sna stáit is cinniúnaí sa bhfeachtas, leithéidí Arizona, Pennsylvania, Wisconsin agus Michigan. Tá súil ag Trump go mbeidh aird ar gach ní faoin spéir an tseachtain seo seachas ar choinbhinsiún na nDaonlathach.

Beidh na Daonlathaigh ag súilgo mbeidh borradh faoina bhfeachtas mar thoradh ar an gcoinbhinsiún, mar a bheidh Poblachtaigh agus Trump an tseachtain seo chugainn.

Tá réalta móra na nDaonlathach feicthe againn le cúpla lá agus aird go leor tarraingthe ag leithéidí Michelle Obama agus Bill Clinton ar shuáilcí Biden agus duáilcí Trump. Is beag atá feicthe de Joe Biden féin le roinnt míonna – déarfadh an té atá soiniciúil gur buntáiste é sin mar go gcinntíonn sé nach bhfuil botúin phoiblí a dhéanamh aige.

Tá na pointí ar a mbeidh an páirtí ag díriú curtha i láthair an phobail le cúpla lá. Trí mhórcháineadh atá ag na Daonlathaigh ar uachtaránacht Trump faoi láthair – an láimhseáil a rinne sé ar an ngéarchéim sláinte, an láimhseáil a rinne sé ar an eacnamaíocht agus an bealach a láimhseáil sé ceist an chiníochais. Seo na hábhair a theastaíonn ó Dhaonlathaigh a bheith lárnach sa bhfeachtas idir seo agus an 3 Samhain.

Déanfaidh an tUachtarán Trump gach iarracht aird a tharraingt de na hábhair sin ar mhaithe leis féin.

 Seo an tríú hiarracht ag Joe Biden ar an uachtaránacht. An éireoidh leis a chumas ceannaireachta a chur i gcion ar a pháirtí? Ar an bpobal? An éireoidh leis an tacaíocht atá aige sna pobalbhreitheanna a mhéadú agus a dhaingniú?

Anocht a sheans.

Fág freagra ar 'Biden le glacadh go hoifigiúil le hainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do rás uachtaránachta Mheiriceá anocht'