Bialann Ghaeltachta dúnta don Nollaig ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

Bhí bialann Tigh Giblin sa Spidéal i gConamara dúnta ar feadh trí lá toisc go bhfuarthas gur sáraíodh rialacha a bhain le sábháilteacht bia

Bialann Ghaeltachta dúnta don Nollaig ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

D’ordaigh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann go ndúnfaí an bhialann Ghaeltachta Tigh Giblin sa Spidéal i gConamara an mhí seo caite.

Tuairiscíodh ar Nuacht an Iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh an bhialann dúnta ón 15 Nollaig go dtí an 18 Nollaig toisc go bhfuarthas gur sáraíodh rialacha a bhain le sábháilteacht bia. Ordaíodh dá bharr don bhialann an chistin agus gach ionad stórála agus ullmhaithe bia a dhúnadh.

Bhí cead ag lucht Tigh Giblin an beár a bheith oscailte agus deochanna a dhíol fad is a bhí an bhialann dúnta.

Dúnadh seacht ngnólacht ar fud na tíre i gcaitheamh na míosa seo caite mar gheall ar orduithe ón Údarás Sábháilteachta Bia. Dúradh go raibh contúirt ann do shláinte an phobail mar gheall ar na rialacha a sháraigh na gnólachtaí sin. Tugadh le fios gur sháraigh an bhialann agus teach tábhairne Gaeltachta rialacha Eorpacha maidir le rialú oifgiúil earraí bia.

Fág freagra ar 'Bialann Ghaeltachta dúnta don Nollaig ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann'