‘Bí ar an airdeall, bí ullamh’ an chomhairle agus síneadh curtha le ‘Rabhadh Dearg’ tinte

Dhéileáil na seirbhísí dóiteáin le 1,794 tine a thosaigh ar thalamh féaraigh ó tháinig an foláireamh ‘stádas dearg’ i bhfeidhm ar dtús ar an 26 Meitheamh

‘Bí ar an airdeall, bí ullamh’ an chomhairle agus síneadh curtha le ‘Rabhadh Dearg’ tinte

Tá síneadh curtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara lena bhfoláireamh ‘stádas dearg’ maidir le tinte go dtí Dé Luain seo chugainn toisc baol mór tinte a bheith ann sa triomach.

Thug an Roinn le fios go bhfuarthas 3,276 glaoch ag a n-ionaid réigiúnacha faoi thinte agus gur dhéileáil na seirbhísí dóiteáin le 1,794 tine a thosaigh ar thalamh féaraigh ó tháinig an foláireamh ‘stádas dearg’ i bhfeidhm ar dtús ar an 26 Meitheamh.

Tharla 801 de na tinte sin i gcúige Laighean, 740 i gcúige Mumhan agus 253 i gcúige Chonnacht. Bhí roinnt loscadh sléibhe sa Ghaeltacht le cúpla lá anuas agus bogadh daoine amach as a dtithe i Leitir Mealláin i gConamara de bharr tine ansin.

Dúirt urlabhraí ó Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe le Tuairisc.ie go bhfuarthas 18 glaoch faoi loscadh sléibhe le 36 uair an chloig anuas agus go raibh siad ag obair chun tinte a chur faoi smacht sna ceantair is mó atá faoi bhrat aitinn; Bearna, Leitir Mealláin, Leitir Móir, Carna agus Gleann na Madadh.

Dúirt an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go raibh baol mór ann go dtosódh tinte in aon áit a bhfuil breoslaí contúirteacha stóráilte agus gur measa fós an baol sin in aon áit a bhfuil daoine ag obair ar thailte atá an-tirim de bharr an triomaigh.

Molann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara nár cheart tine, beárbaiciú ná aon rud eile a lasadh ar thalamh foraoise, ag saoráidí poiblí ná in aon áit eile a bhfuil baol ann go dtosódh tine go dtí go bhfógrófar a mhalairt comhairle.

Deirtear gur chóir a bheith fíorchúramach ag sábháil an fhéir agus ag úsáid innealra a d’fhéadfadh tine a thosú ó tharla an fásra a bheith an-tirim.

Bhí go leor tinte á lasadh ar phortaigh, i bhforaoisí agus i bpáirceanna sna bailte móra le déanaí agus iarrtar ar úinéirí agus ar bhainisteoirí talún a bheith ar an airdeall.

Meabhraíonn an Roinn d’úinéirí talún gur cion atá ann fásra a lasadh ar thalamh bán idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa.

Meabhraítear do dhaoine chomh maith go bhféadfadh aon lasair san áit a bhfuil breosla contúirteach imeacht ó smacht agus scaipeadh, go háirithe san áit a mbíonn féar feosaí, aiteann nó fraoch.

Má tharlaíonn a leithéid d’fhéadfadh an loscadh scaipeadh forleathan.

Is annamh a eisítear rabhadh dearg tinte agus is foláireamh atá ann gur chóir gníomhú láithreach chun maoin agus talamh a chosaint.

Ba cheart d’úinéirí agus bainisteoirí foraoise agus talún agus d’údaráis áitiúla patróil tinte a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach lasfar aon tine ar a gcuid talún fad agus a bheidh an fógra seo i bhfeidhm.

Ba chóir do mhuintir na tuaithe ar bheith ar an airdeall agus súil a choinneáil ar a gcomharsana atá amach sna blianta nó goilliúnach ar aon bhealach agus cúnamh a thabhairt dóibh le hiad a choinneáil saor ó bhuairt nó chun iad a bhogadh as an gceantar sa chás go molfadh na húdaráis áitiúla a leithéid.

Moltar do chuairteoirí a théann chuig ionaid caitheamh aimsire treoracha a leanúint, comhoibriú leis na húdaráis agus gan carranna a pháirceáil san áit a mbeidís sa mbealach ar fheithiclí lucht éigeandála. Sa chás go dtosaíonn tine in aice le háis caitheamh aimsire moltar do dhaoine na treoracha seo a leanúint:

  1. Ná las aon tine thart ar fhoraoiseacha ná talamh bán
  2. Ná déan iarracht dul i ngleic le tine
  3. Cruinnigh do mhuintir/do ghrúpa le chéile agus téigí go háit shábháilte in aghaidh na gaoithe ón tine, áit nach bhfuil aon bhreosla ann
  4. Cuir glaoch teileafóin ar an tSeirbhís Dóiteáin ag 112 agus inis dóibh cá bhfuil an tine
  5. Fág an áit má thugtar an treoir sin duit agus lean comhairle an lucht éigeandála.

Fág freagra ar '‘Bí ar an airdeall, bí ullamh’ an chomhairle agus síneadh curtha le ‘Rabhadh Dearg’ tinte'