Bí ag súil le léiriú nirt eile ó Chúige Laighean

Is iad curaidh Chorn na gCuradh, Cúige Laighean, is túisce atá ag dul chun páirce i mBabhta 1 de chomórtas na bliana seo agus cluichí móra ag na cúigí go léir an deireadh seachtaine seo

Bí ag súil le léiriú nirt eile ó Chúige Laighean

Imreoir Laighean, Rob Kearney. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Is cinnte gur breá linn ar fad a bheith ar breathnú nó ag freastal ar chluichí an Pro 14, comórtas atá ar bun le sé seachtaine anois.  Ní hamháin go dtugann siad deis iontach dúinn tacú lenár bhfoirne féin ach is deis é freisin súil a chaitheamh ar chuid de na himreoirí is fearr sa limistéar seo, sin nuair a bhíonn siad ag imirt sa gcomórtas sóisearach seo. 

Mar sin féin ní féidir comparáid ar bith a dhéanamh idir an Pro 14 agus na comórtais Eorpacha, comórtas atá linn arís an deireadh seachtaine seo. Ainneoin an sárthaispeántas a thug Cúige Mumhan agus Cúige Laighean dúinn an Satharn seo caite, bíonn bearna ollmhór ó thaobh caighdeáin, agus suim an phobail dá réir, idir na comórtais seo.

Cuireann bainisteoirí a gcéad rogha foirne chun páirce sa gcomórtas sinsearach seo i gcónaí. Roimh an gcomórtas seo, bíonn imní orthu seans ar bith a thógáil maidir lena gcéad rogha imreoirí is cuma cé chomh lag a bhíonn an freasúra. Is ar chéad bhabhtaí Chorn na gCuradh agus an Dúshláin a bhíonn aird fhoireann bainistíochta chuile fhoireann ó thús an tséasúir. Bhain siad chuile leas as na sé bhabhta den Pro 14 atá imeartha go dtí seo mar réiteach do na comórtais shinsearacha.

Ach tá an réiteach sin ar fad thart anois agus beidh a thoradh le feiceáil againn an deireadh seachtaine seo.

Áisiúil go leor mar a tharlaíonn rudaí go minic is iad curaidh an chomórtais, Cúige Laighean, is túisce atá ag dul chun páirce i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh, iad ag cur fáilte ar an Aoine seo chuig an RDS roimh Wasps Londan. Sa tríú háit ar chlár an Premiership atá Wasps faoi láthair, gan ach dhá chluiche as sé cinn caillte acu ó thús an tséasúir. Tá cúig chluiche as sé cinn buaite ag Cúige Laighean i gcás an Pro 14. Mar sin féin is ag fir Átha Cliath atá buntáiste an bhaile agus tá fáil ag Leo Cullen ar a chuid imreoirí go léir, beagnach, don choimhlint seo. 

Sea, is deacair toradh ar bith a thuar seachas bua cuimsitheach le pointe bónais do na curaidh agus léiriú nirt uathu chomh maith le cruthúnas go bhfuil rún daingean acu greim a fháil ar an gcomórtas seo arís i mbliana.

Tá dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh ar an Satharn, iad ag taisteal as baile go deisceart Shasana le tabhairt faoi Exeter, curaidh an Premiership agus foireann atá ar bharr an tábla chéanna faoi láthair, agus sé bhua as cúl a chéile acu ó thús an tséasúir. Ní hionann an cás ag na Muimhnigh, foireann atá fós sa tóir ar a gcéad bhua as baile an séasúr seo agus iad d’uireasa cúpla imreoir dá gcéad rogha.

Is deacair bua as baile a thuar do Chúige Mumhan an babhta seo ach, mar sin féin, má éiríonn leo pointe de chineál ar bith a thabhairt abhaile trí chríochnú cothrom nó fiú, pointe bónais cailliúna a fháil, seans go mbeidh siad sásta leis sin. Go deimhin má éiríonn leo pointe bónais a cheilt ar Exeter ní drochthoradh a bheadh ansin ach oiread. Tá ochtó nóiméad crua eile roimh Chúige Mumhan an Satharn seo.

Sa mbaile atá na hUltaigh an Satharn seo, iad ag dul chun páirce i gcoinne Leicester atá faoi bhainistíocht Geordan Murphy, iar-lánchúlaí Éireann. Tá bainisteoir nua ag na hUltaigh iad féin, Dan McFarland, a tháinig isteach ag tús Pro 14 na bliana seo. Tá trí chluiche as sé cinn buaite ag Leicester go dtí seo ach is ag feabhsú atá siad. Fuair siad an lámh in uachtar ar Sale agus Northampton le coicís anuas. Cé nach bhfuil ach dhá chluiche caillte ag na hUltaigh is le coicís a chaill siad iadsan, i gcoinne na Mumhan agus i gcoinne Chonnacht i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar. Níl ceachtar den dá fhoireann ag imirt go maith faoi láthair. Seans go mbeidh tionchar ag láthair an chluiche ar imeachtaí, rud a thabharfaidh seans do na hUltaigh.

I gCorn an Dúshláin, beidh na Connachtaigh sa mbaile i gcoinne Bordeaux. I lár thábla Top 14 na Fraince atá Bordeaux faoi láthair agus gan ach trí bhua acu as seacht gcluiche. Bhí bua iontach ag Connacht ar na hUltaigh i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite, bua a thabharfaidh spreagadh mór dóibh gan dabht. Tá snas iontach ag teacht ar imirt fhoireann na Gaillimhe agus iad faoi stiúir Andy Friend,. Má éiríonn leo an stíl imeartha a chonaic muid uathu sna cluichí idirchúige a a chur i bhfeidhm, ba chóir go mbeadh an lá leo in aghaidh na gcuairteoirí ón bhFrainc. 

Ach ní foláir do lucht leanta fhoireann an iarthair a bheith glórach arís an Satharn seo. 

Fág freagra ar 'Bí ag súil le léiriú nirt eile ó Chúige Laighean'