‘Bí ag scríobh duit féin, agus ní d’aon duine eile.’
Is minic a chloisfidh tú leaganacha den chomhairle sin ó ghúrúnna na scríbhneoireachta cruthaithí, agus tá ciall léi, mar chomhairle, ar iliomad cúiseanna:
- Má roghnaíonn tú ábhar a cheapann tú a thaitneoidh leis an margadh, seans nach é sin an t-ábhar a theastaíonn uait a phlé dáiríre agus cuirfidh tú bliain nó dhó de do shaol amú le togra nach mbaineann leis an gceist is gaire do do chroí
- Má dhéanann tú iarracht do stíl a chur in oiriúint d’fhaisean an lae, beidh cuma amscaí ar an toradh toisc nach mbeidh tú ag scríobh i do stíl nádúrtha féin
- Má dhéanann tú iarracht gan goilleadh ar ghaolta agus cairde is laigede a bheidh do chuid scríbhneoireachta mar ní bheidh sé de mhisneach agat a dteastóidh uait a rá a chur ar pháipéar
- An rud céanna faoin gceartaiseacht pholaitiúil: gan dabht ní mholfainn d’éinne a bheith maslach ar mhaithe lena bheith maslach, ach dá chúramaí thú le do chuid téarmaíochta, ní féidir chuile dhuine a shásamh, agus faoi cheann deich mbliana beidh an téarmaíocht a roghnaigh tú as dáta agus, cá bhfios, do-ghlactha
- Lena chois sin, níl rud ar bith a chuireas déistin ar léitheoirí ná an chomharthaíocht suáilce, nó virtue signalling an Bhéarla. Cuirfidh sé masmas, fiú amháin, orthu siúd a ndéanfá an chomharthaíocht suáilce ar a son, óir is ionann í, dáiríre, agus a bheith ag iarraidh a thaispeáint gur tú an duine is fearr sa rang
- Ní ag iarraidh drochmhisneach a chur ar éinne atá mé, ach seans maith nach bhfoilseofar do shaothar go brách; seans nach bhfuil ina bhfuil á scríobh agat faoi láthair ach ‘céim foghlama’, ceann de na hiarrachtaí teipthe sin a chaithfidh tú a chur díot sula n-éireoidh leat leabhar a scríobh a chuirfidh léitheoirí faoi dhraíocht. Sin é go deimhin an chúis is mó gur chóir duit a bheith ag scríobh ‘duit féin agus ní d’aon duine eile’: seans nach léifidh éinne eile do shaothar ar chor ar bith
- Agus ar deireadh, fiú má fhoilsítear é, seans nach léifidh tú féin é! Cinnte, léigh mé gach leabhar de mo chuid a foilsíodh a luaithe agus a tháinig sé sa phost, ag iarraidh a sheiceáil nár fágadh aon lúb ar lár, ach níor léigh mé iad ar mhaithe le pléisiúr na léitheoireachta. Ach ar mhaithe le pléisiúr na scríbhneoireachta a scríobh mé iad, agus sin é bun agus barr an scéil: bain sult as an aistear, mar níl sa cheann scríbe ach ceann scríbe.
Fág freagra ar 'Bí ag scríobh duit féin agus ní d’aon duine eile'