D’fhan mé thar oíche in árasán mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, aréir. Bhí an lá caite againn ag obair ar ár dtograí scríbhneoireachta féin, mise ag an mbord fada sa seomra suite agus eisean ar an tolg, agus tar éis siúlóide fada agus uair an chloig nó dhó eile oibre ina dhiaidh sin bhí sé in am luí. Bhí mo chara faoin bpluid cheana féin nuair a d’iarr sé orm sliocht a léamh dó as an úrscéal atá idir lámha agam.
‘Tarraing anall an chathaoir bhog thall agus bí ag léamh leat. Ná cuireadh sé isteach ort má thitim i mo chodladh.’
Ná cuireadh sé isteach ort má thitim i mo chodladh? Nach é sin tromluí gach uile scríbhneora, go dtitfeadh an lucht éisteachta ina gcodladh nuair atá do shaothar á léamh amach os ard agat?
Ach thuig mé do mo chara. Bhí sé tar éis lá fada a chur isteach ag cur bailchríche ar thástáil shíceolaíoch agus ag déanamh socruithe le páirtnéirí gnó agus theastaigh uaidh a aird a bhaint dá chuid oibre féin. Agus nach é sin ceann de phríomhfheidhmeanna na scéalaíochta riamh anall, aird na n-éisteoirí a bhaint d’ainmhithe allta agus púcaí eile agus iad a chur a chodladh go sámh?
Go breá mar sin, léifinn scéilín don pháiste 46 bliain d’aois seo roimh dhul a chodladh dó. Tharraing mé anall an chathaoir bhog, d’oscail mo ríomhaire glúine agus léigh amach an radharc a raibh mé tar éis an tráthnóna a chaitheamh ag obair air, radharc atá gar do lár an úrscéil ach a d’fhéadfá a léamh as féin.
Níor thit mo chara ina chodladh. Go deimhin, rinne sé gáire sna háiteanna cuí agus lig sé cnead tuisceana as a dheimhnigh dom go raibh réiteach sásúil faighte agam faoi dheireadh ar abairt a bhí ag tabhairt trioblóide dom le míonna anuas.
‘Bhí sé sin saghas gearr,’ a dúirt sé nuair a bhí mé críochnaithe. ‘Léigh amach radharc eile.’
Rinne mé mar a d’iarr sé orm. An iarraidh seo thug mé faoi deara nár lig sé aon chneadanna, gnúsachtaí nó fuaimeanna eile as ar feadh tamaill mhaith i lár an radhairc. Beidh orm dul siar ar na paragraif sin amach anseo féachaint an bhfuil siad róleamh. Ach ar chaoi ar bith, bhí sé fós ina dhúiseacht nuair a chríochnaigh mé.
‘Anois léigh amach an radharc is ansa leat féin.’
Bhain an cheist sin an chaint díom. Cinnte, tá a leithéid de radharc ann (radharc gnéis atá i gceist, gan dabht) ach thuig mé láithreach nach mbeinn in ann an radharc sin a léamh amach os ard os comhair duine eile go brách, fiú os comhair cara a bhfuil aithne na mblianta aige orm – gan trácht ar lucht éisteachta ag imeacht liteartha éigin amach anseo, má cheadaítear a leithéid go deo arís.
Rith sé liom an nóiméad céanna gurb é sin, seans, an bua is suntasaí atá ag an litríocht scríofa thar an scéalaíocht thraidisiúnta: tá rudaí áirithe ró-íogair le go ndéarfaí amach os ard iad, ach is féidir iad a roinnt ar pháipéar.
Mhínigh mé an méid sin do mo chara agus roghnaigh mé radharc eile nach raibh chomh pearsanta sin lena léamh amach.
Thit sé ina chodladh.
Fág freagra ar '‘Bí ag léamh leat. Ná cuireadh sé isteach ort má thitim i mo chodladh’'