Ciarraí
D’aimsigh Paul Geaney ocht scór do Dhaingean Uí Chúis don dara deireadh seachtaine as a chéile chun an Teampall Nua a chur de dhroim seoil i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir an Chontae i gCiarraí. Farasbarr deich bpointe a bhí ag buachaillí an Daingin ar deireadh, 1-16 in aghaidh 0-9, agus b’in díreach an méid a chuir Geaney le clár na scór agus 1-7 aimsithe aige.
Ba iad na fir ón Teampall Nua ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche agus iad trí phointe chun tosaigh ag druidim i dtreo dheireadh an chéad leithe ach scóráil an Daingean, a raibh Tom O’Sullivan ar ais ar an bpáirc acu, ceithre phointe as a chéile chun iad a chur 0-8 in aghaidh 0-7 chun tosaigh ag leath ama.
Chuir scór ó Barry Dan O’Sullivan agus cúpla cic saor ó Paul Geaney bearna idir na foirne sa dara leath agus thóg an Daingean ceannas iomlán ar an gcoimhlint agus 20 nóiméad fágtha nuair a chruthaigh O’Sullivan agus Cathal Bambury an deis do Geaney chun an t-aon chúl sa chluiche a aimsiú.
Casfaidh an Daingean anois ar David Clifford agus ar Chiarraí Thoir sna babhtaí leathcheannais Dé Domhnaigh beag seo.
Port Láirge
Tá peileadóirí na Rinne slán sa gcraobh shinsir i bPort Láirge go ceann bliana eile tar éis dóibh bua cumasach a fháil i gcoinne Raonaithe na Brice sna babhtaí dícháilithe, 3-6 in aghaidh 0-3.
Ní raibh fir na Gaeltachta ach dhá phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-4 in aghaidh 0-2, ach thóg siad ceannas ar chúrsaí sa dara leath le trí chúl , ceann ag Fearghal Ó Ceallaigh agus péire ag an seanfhondúir Liam Ó Lonáin. Fágann an bua go mbeidh an Rinn agus Ó Lonáin féin má bhíonn sé ann, ag imirt sa gcraobh shinsir don 20ú bliain as a chéile in 2025.
Dún na nGall
Beidh an Tearmann ag imirt i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall an bhliain seo chugainn tar éis dóibh fir Ghleann Cholm Cille, Naomh Columba a shárú i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae.
Sé phointe a bhí le spáráil ag an Tearmann, 0-14 in aghaidh 0-8, agus iad i gceannas ar an gcoimhlint ó chéad séideadh na feadóige, nach mór. Chuir an t-imreoir contae Aaron Doherty Naomh Columba chun tosaigh théis trí nóiméad ach d’aimsigh an Tearmann sé scór as a chéile ina dhiaidh sin, trí cinn acu ag teacht ó Jack Alcorn, chun bearna a chur idir na foirne.
Cúig phointe a bhí idir na foirne go fóill ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-4, agus níor éirigh le Naomh Columba sin a laghdú níos mó ná sin aon uair sa dara leath. Chinntigh fir an Tearmainn go leanfaí leis an gceiliúradh sa bparóiste tar éis do mhná an chumainn Craobh Shinsir na mBan Dhún na nGall a bhuachan don tríú bliain as a chéile an tseachtain roimhe sin.
An Mhí
Tá Bhulf Tón cáilithe do chluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Scrín i gcluiche spleodrach i bPáirc Tailteann. Theastaigh am breise chun na foirne a scaradh ach is ag Bhulf Tón a bhí an bua faoi dheireadh, 4-11 in aghaidh 0-17.
Ba iad fir na Scríne a bhí chun tosaigh luath sa gcluiche agus bearna ceithre phointe cruthaithe acu leath bealaigh tríd an gcéad leath ach tháinig Bhulf Tón ar ais le scóranna ó Thomas O’Reilly agus Saran Ó Fionnagáin chun cúrsaí a chothromú faoi leath ama.
Bhí cuma na maitheasa ar Bhulf Tón nuair a d’aimsigh Caolán Ward agus Ó Fionnagáin cúil chun iad a chur sé phointe chun tosaigh agus thart ar cheathrú uaire fágtha ach tháinig an Scrín ar ais de réir a chéile agus bhí 30 nóiméad eile ag teastáil.
Chuir cúl eile, an ceann seo ag Kyle Moran, Bhulf Tón chun tosaigh arís san am breise sin. Níor ghéill an Scrín ach d’aimsigh Seán Penny an ceathrú cúl dá fhoireann ag deireadh na himeartha chun an bua a chinntiú faoi dheireadh do Bhulf Tón.
Casfaidh siad anois ar Dhún Seachlainn sa gcluiche ceannais faoi cheann coicíse.
Baile Átha Cliath
Díomá a bhí i ndán do na Gaeil Óga i gCraobh Shóisir Bhaile Átha Cliath nuair a chlis an cumann lán-Ghaeilge in aghaidh Ghaeil Raghnallach sna babhtaí leathcheannais. D’fhágfadh bua go mbeadh an grád idirmheánach bainte amach ag na Gaeil Óga den chéad uair riamh ach fir Raghnallagh ba láidre i gcath na nGael agus bua cumasach 1-13 in aghaidh 0-8 bainte amach acu ar an nDomhnach.
Maigh Eo
Séasúr crua a bhí ann do pheileadóirí Bhéal an Mhuirthead ach chuir fir Iorrais clabhsúr maith leis agus bua acu ar Chill Mhíona chun a n-áit a choinneáil sa ngrád sinsir i Maigh Eo ar feadh bliana eile.
B’ionann líon na gcúl agus na bpointí ag Béal an Mhuirthead sa gcluiche ceannais dícháilithe agus bua 5-5 in aghaidh 1-9 acu ar deireadh.
Chuir Cill Mhíona, curaidh idirmheánacha Mhaigh Eo anuraidh, tús maith leis an gcluiche ach d’fhág cúl an duine ag Evan Ivers agus Ronan Murray go raibh Béal an Mhuirthead chun tosaigh ag leath ama, 2-2 in aghaidh 0-4.
Chuir cúl ag Ryan O’Donoghue sé phointe idir na foirne agus 20 nóiméad fágtha agus cé gur aimsigh Cill Mhíona cúl dá gcuid féin chun an bhearna a laghdú, d’ardaigh Béal an Mhuirthead an brat glas faoi dhó as sin go deireadh agus cúil aimsithe ag Eamon McAndrew agus Ronan Murray.
Sa gCraobh Shóisir, tá áit bainte amach ag Cill Chomáin sa gcluiche ceannais agus an cúl cinniúnach ina mbua 1-10 in aghaidh 0-11 ar Bhéal Átha na Muice aimsithe ag Luke Tighe agus ceathrú uaire fágtha.
Fág freagra ar 'Bhulf Tón ar ais i gcluiche ceannais, an Daingean ag treabhadh leo agus an Rinn slán'