‘Bhuel, ní raibh mé rómhaith anuraidh agus tháinig Santaí’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is cuma cad a deirtear leo faoi nósanna Santaí, bíonn a loighic féin ag na gasúir. Agus b’fhéidir an ceart acu freisin…

robin

“Breathnaigh amach an fhuinneog ansin. Sciobtha!” a d’ordaigh Beainín na Naíonán beag dom an lá cheana agus cuma beagáinín faiteach uirthi. Ní raibh a fhios a’m an raibh muid in ainm is a bheith ar ár dteitheadh, nó cén rógaire a shamhlaigh sí a bheith i bhfolach ar chúl an tí.

Rinne mé mar a ordaíodh dom. Ní fhaca mé ach an clós a bhí lán le duilleogaí agus na crainnte loma os a chionn á séideadh anonn is anall ag an ngaoth. Thug mé mo thuairisc ar ais chuig an gcaptaen, “níl éinne ann”. Chaolaigh sí a súile agus bhreathnaigh sí go géar orm.

‘Ní fhaca tú aon spideog amuigh ann?’ a d’fhiafraigh sí díom go cúramach agus í ag faire thar mo ghualainn ag iarraidh radharc a fháil amach an fhuinneog. ‘Ní fhaca,’ a dheimhnigh mé di.

Bhí an chuma uirthi gur chuir an scéal seo ar a suaimhneas í agus d’imigh sí ar ais chuig an dathú ag bord na cistine. Ní raibh sé i bhfad nó gur labhair sí arís. ‘Bí ag faire; b’fhéidir go bhfeicfeá an spideog ag an scoil amárach,’ a dúirt sí agus údarás ina glór.

Cé as ar tháinig An Spideog? Ar rógaire i lorg An Viper atá ann a spreagann uafás agus scanradh i measc na bpáistí?

‘‘Cé hé an spideog?’ a d’fhiafraigh mé di go neirbhíseach agus mé seasta ar bhruach an tsaoil rúnda atá faoi smacht tíoránach an bhroinne deirg. ‘Éan atá ann, a Mhamaí,’ a dúirt sí liom agus í beagáinín amhrasach fúm, ceapaim.

‘Sea, ach cén fáth a bhfuil sé sa scoil?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Tá sé ag obair le Santaí agus bíonn sé ag tabhairt scéalta ar ais chuige,’ a mhínigh sí dom go lom dáiríre.

Chonaic mé mo sheans. “Caithfidh tú a bheith go maith nó ní thiocfaidh Santaí,” a dúirt mé. Bhreathnaigh sí orm agus chuimhnigh sí uirthi féin. “Ní cheapaim é,” a d’fhreagair sí agus í an-chinnte go deo. Róchinnte.

Bhí mo phleanannaí ag titim as a chéile agus díchoimisiúnú déanta aici ar an aon uirlis a bhí fágtha san armlóin agam. ‘Bhuel, ní raibh mé rómhaith anuraidh agus tháinig sé,’ a dúirt sí. Chaithfinn a admháil go raibh sé seo fíor.

‘Déanfaidh mé mo dhícheall, ach ní fhéadfaidh mé a bheith go maith i gcónaí,’ a mhínigh sí dom.

Is dócha go ndéanfaidh mé fhéin amhlaidh.

Fág freagra ar '‘Bhuel, ní raibh mé rómhaith anuraidh agus tháinig Santaí’'

  • Réaltán

    Ní Beanín na Naíonán í seo ach Banríon an Tí, de réir cosúlachta!

  • Mise Áine

    Aontaím leat, a Réaltán!

    An-alt, a Bhridget…maith thú! Beidh Santaí breá sásta leat..:-)