Bhuel, merde, Scheiße, cac agus keek….

ACHADH UÍ MHUIRÍ (DIALANN RUA): Na Brits bradacha; Eascara Dune; agus geáitsí na bpolaiteoirí agus iad ag plé le ceist na Gaeilge…

Bhuel, merde, Scheiße, cac agus keek….

A Thiarna, cá mhéad teorainn atá le tógáil thart ar an cholún bheag seo i lár Uladh agus Conamara? Níl ann ach go bhfuil mé ag dul i dtaithí ar an teorainn nua trádála mara go socraíonn an Coimisiún Eorpach as a stuaim féin an teorainn eile sin idir tuaisceart agus deisceart, idir thuas agus thíos, a dhruidim de bharr ceisteanna vacsaíne.

Dealraíonn sé go bhfuil na Brits bradacha i ndiaidh jab níb fhearr a dhéanamh de chúrsaí vacsaíne ná iomlán an Aontais chumhachtaigh Eorpaigh. Alt 16 de Phrótacal Thuaisceart Éireann a d’úsáid an Coimisiún leis an dingeadh (sealadach!) anuas ar talamh a dhéanamh – Alt 1916 ag aontachtaithe feasta – ach, faraor, rinne siad dearmad a rá leis an rialtas i mBaile Átha Cliath, nó ‘an rialtas’ as seo amach, go raibh an beart seo ar na bacáin.

(Rialtas neamhspleách ar Stát saor? Há há há!)

Tharraing an tAontas siar ón chinneadh i ndiaidh do dhuine inteacht a thabhairt le fios dóibh gur cheart dóibh, ar a laghad ar bith, ligean orthu féin go raibh ‘rialtas neamhspleách’ i mBaile Átha Cliath ann agus go mb’fhéidir gur chóir an cinneadh a chur faoina mbráid. É sin agus, ó, leid a thabhairt do na Brits bradacha go raibh an tAontas le teorainn chrua a bhunú in Éirinn, bíodh is gur dhúirt an tAontas leis na Brits céanna nach raibh cead acu an rud céanna a dhéanamh.

Bhuel, merde, Scheiße, cac agus keek.

Lena chois sin, tá na Brits bradacha anois ag bagairt go dtabharfaidh siadsan sciar dá gcuid vacsaíní don ‘rialtas neamhspleách’ i mBaile Átha Cliath le cuidiú leo a gcuid saoránach féin a chosaint ar an ulpóg anaithnid. Na bastaird!

Mar bharr ar an donas sin ar fad, bhí caint ann gur chóir go mbeadh pobalbhreith ar an Teorainn a bhíonn crua, leathchrua, measartha crua, ag brath ar an aimsir. Ní raibh an Taoiseach Micheál Martin nó an Tánaiste Leo Varadkar róbháúil lena leithéid; níl an t-am cuí agus b’fhearr dúinn Fionn a fhágáil ina chodladh.

Bí ag caint ar shaol corrach. Níl grá ar bith ag Boris do na haontachtaithe agus cuireann sé teorainn nua trádála san fharraige leis an Aontas Eorpach a shásamh agus níl grá ar bith ag Fianna Gael do náisiúntóirí an Tuaiscirt le go ndéanfadh siad iarracht an teorainn céad bliain in ithir ghlas na hÉireann a chealú.

Ní gan chúis a bhíonn paranóia ar Ultaigh de gach aon imir pholaitiúil. Maith mar a fhóireann Salm 88.8 don ócáid:

Chuir tú mo chairde i bhfad

uaim;

Thug tú orthu déistin a ghlacadh

liom.

Táim faoi ghlas is ní féidir liom

éalú.

Gina C cáinte

Chonaic mé an t-aisteoir Gina Carano den chéad uair sa scannán, Haywire (2011). Feallmharfóir, Mallory Kane, de chuid rialtas Mheiriceá a bhí inti. Chonaic sí eachtra nár cheart di a fheiceáil agus í ar misean marfach sa Spáinn. Dá réir sin, rinne a mbainisteoirí bradacha iarracht í a scuabadh den tsaol agus í ar seachrán i mBaile Átha Cliath. (Is iontach ar fad cluiche de ‘Sin Sráid Grafton’ a imirt le linn an scannáin.)

Cuireann a ceannaire lofa feallmharfóir fruilithe, Michael Fassbender s’againne féin, go Duibhlinn leis an bheart ghránna a dhéanamh ar Mhallory bhocht. Faraor, feallann Fassbender féin ar na fealltóirí agus faigheann sé anbhás idir mása Mallory i svuít dheas sa Shelbourne.

(Bhuel, má tá tú le bás gan sagart a fháil…)

Tá páirt ag Carano i sraith Disney, The Mandalorian, faoi láthair. Níl an tsraith thar mholadh beirte, rud beag leadránach le bheith macánta, ach tá an-ghean ag lucht féachana na sraithe ar charachtar Carano, Cara Dune. Saighdiúir crua í Carano, an sórt duine a thabharfadh do bhás cois sáile nó i seomra deas óstáin. Ba chuma léi, déarfainn.

Ar an drochuair, tá sciar de lucht úsáidte na meán sóisialta ar mire le Carano ar chúis inteacht nach dtuigim ar fad ar fad. Is cosúil go gcreideann sí rudaí nach gcreideann siadsan agus tá feachtas ar siúl chun í a chur ar ceal, le béarlagair na linne a úsáid.

Ar ndóigh, ní próiseas nua é duine a chur ar ceal. Bhí an cur ar ceal linn i gcónaí; níl ann ach go raibh an próiseas ní ba léannta. Rinne tú persona non grata de dhuine, is é sin, chuir tú an peacach ar ceal sa Laidin, rud nach ndéanann an gníomh féin ní ba deise, féadaim a rá.

Déarfainn nach bhfuil focal Laidine ar eolas ag lucht cáinte Carano. Is cinnte nach bhfuil focal Gaeilge acu. Dá mbíodh, thabharfadh siad Eascara Dune uirthi!

(Mo leithscéal, mo leithscéal, mo mhíle leithscéal.)

‘Ligim orm; loicim ort’

Agus ceisteanna teanga agus reachtaíochta os ár gcomhair go fóill, ritheann sé liom go bhfuil an t-am againn nath nua a chumadh le cur síos beacht a dhéanamh ar gheáitsí polaiteoirí agus iad ag plé le ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge.

B’fhéidir go mbeadh sé róshoiniciúil agatsa ach creidim gurb é ‘Ligim orm; loicim ort’ an mana is fearr don chluiche faoin am seo. Ligeann polaiteoirí briathra binne as a mbéal faoin Ghaeltacht nó faoin teanga ach ní dhéanann siad mórán fiúntach lena cás a láidriú; níl siad ina héadan ach níl siad ar a son ach an oiread, rud a chiallaíonn, ar bhonn praiticiúil, go mbíonn siad ag tacú lena meath.

Is é cuspóir na cainte, plámás na bpleananna agus suim na scéimeanna tabhairt le fios go bhfuil rud inteacht le tarlú ach a dhéanann cinnte de, ag an am chéanna, nach dtarlaíonn rud ar bith i ndáiríre.

I mbeagán focal: ‘ligim orm; loicim ort.’

Fág freagra ar 'Bhuel, merde, Scheiße, cac agus keek….'