Tá tús curtha ag an údar aitheanta Louise O’Neill le cúrsa Gaeilge ar líne agus “náire” uirthi nach raibh sí in ann an teanga a labhairt ar a laethanta saoire sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh.
Thosaigh údar iomráiteach Asking For It, ar foilsíodh a cúigiú húrscéal le déanaí, ar chúrsa Gaeilge de chuid Gaelchultúr coicís ó shin agus í ag súil “go mór” le bheith in ann “comhrá a dhéanamh” sa teanga.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt O’Neill, arb as Cloich na Coillte in Iarthar Chorcaí di, gur tháinig sí fríd an “gnáthchóras oideachais” in Éirinn, a d’fhág nach raibh ar a cumas “comhrá bunúsach a dhéanamh i nGaeilge”.
“Ní raibh an Ghaeilge riamh i measc na n-ábhar is fearr agam, i gcomparáid le Béarla, Stair, Drámaíocht, abair.
“D’éirigh go maith liom san Ardteist mar gur fhoghlaim mé rudaí de ghlanmheabhair agus go raibh mé in ann iad a thabhairt chun cuimhne le linn na scrúduithe ach ní fhéadfá a rá go raibh aon líofacht agam sa teanga ná aon chumas agam comhrá bunúsach fiú a dhéanamh i nGaeilge.”
Ag fágáil na scoile di, “údar faoisimh” a bhí ann do O’Neill nach mbeadh uirthi an Ghaeilge a labhairt arís, a dúirt sí.
“Ní raibh aiféala orm faoi sin go dtí blianta ina dhiaidh sin. Bhí mé tamall de bhlianta i mo chónaí i Nua-Eabhrac, agus is minic a cuireadh an cheist orm an raibh Gaeilge ar mo thoil agam agus b’éigean dom a rá nach raibh. Bhraithinn brónach faoi.”
Dúirt O’Neill, ar bronnadh go leor gradam litríochta uirthi ó foilsíodh a céad úrscéal in 2014, gur mhothaigh sí “ar leataobh” nuair a bhíodh a deirfiúr, múinteoir bunscoile, agus a hathair, a raibh suim sa teanga aige, ag labhairt i nGaeilge le chéile.
Pléann O’Neill le téamaí leithéidí íomhá cholainne, neamhord itheacháin, éigniú agus mí-úsáid ghnéasach ina cuid leabhar.
Dúirt sí gur músclaíodh a suim sa teanga in athuair agus í ag gabháil dá húrscéal is déanaí After the Silence, scéal atá suite ar oileán Gaeltachta.
“Tá an scéal suite ar oileán Gaeltachta amach ó chósta an iarthair agus bhí mé iarraidh go mbeadh nathanna Gaeilge fite fuaite go nádúrtha fríd an leabhar.
“Fuair mé an-chúnamh le frásaí agus nathanna Gaeilge ó Thraolach Ó Buachalla, cara maith liom ar cainteoir dúchais é, agus ba ghnách leis teachtaireachtaí glóir a chur chugam ar WhatsApp ina dtugadh sé míniú ar na moltaí a bhí aige. Bhí an Ghaeilge chomh ceolmhar mealltach sin,” a deir an t-údar.
Nuair a chuaigh O’Neill chun na Gaeltachta ar laethanta saoire níos túisce i mbliana bheartaigh sí tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim arís.
“Rinneamar go leor taistil i gCiarraí agus i gCorcaigh i mbliana agus chaith muid sealanna sa Daingean, ar Oileán Cléire, agus i Múscraí in iarthar Chorcaí.
“Bhí náire orm nuair nach raibh mé in ann Gaeilge a labhairt le muintir na háite agus bheartaigh mé cúrsa a dhéanamh,” a dúirt sí.
Agus a céad rang Gaeilge ar an ardán Zoom déanta ag an údar le Gaelchultúr, dúirt O’Neill go bhfuil sí ag baint an-sult as an teanga a fhoghlaim ar bhealach atá “pléisiúrtha agus sóisialta”.
“Tá go leor againn a bhfuil cuimhní pianmhara acu faoin modh coinníollach nó faoi ghnéithe eile den churaclam Gaeilge ar scoil agus tá sé iontach a bheith i rang, a bhfuil eachtrannaigh agus daoine de gach cineál ann ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus iad meallta i dtreo na Gaeilge ag an sean-nós nó an ceol traidisiúnta.”
Dúirt O’Neill go mbeadh sí “sásta” faoi dheireadh an chúrsa dá mbeadh sí in ann “comhrá bunúsach a dhéanamh i nGaeilge”.
“Ba mhaith liom an teanga a labhairt, fiú comhrá simplí a bheith agam i nGaeilge. Tá machnamh á dhéanamh agam den chéad uair b’fhéidir ar m’fhéiniúlacht, orm féin mar Éireannach, ar an nGaeilge, ar an gcultúr agus ar cad is brí leis sin ar fad?
“Bheadh sé an-bhrónach dá gcaillfimis an Ghaeilge amach anseo,” a dúirt Louise O’Neill.
Fág freagra ar '‘Bhraithinn brónach nach raibh sí agam’ – an t-údar Louise O’Neill ag foghlaim na Gaeilge'