Ní minic a fheicim mo sheanchara na laethanta seo. Deacrachtaí cumarsáide agus cúrsaí paindéime a chuir bac orainn. Mar sin, chuir sé gliondar ar mo chroí nuair a bhuaileamar lena chéile díreach roimh an Nollaig. Cupán caife agus seans cúpla scéal a chloisteáil. Is aicisean a bhíonn na scéalta is fearr i gcónaí.
Tá aithne againn ar a chéile ó bhíomar i mbliain a haon sa mheánscoil. Ó d’éirigh sí as a post, chuaigh sí ag plé le rudaí éagsúla agus níl aon amhras ach go réitíonn sí thar barr le daoine eile. Ar chúis éigin, tosaíonn daoine, strainséirí go minic, ag caint léi agus ag roinnt scéalta a mbeatha.
D’inis sí dom gur thosaigh sí ag freastal ar rang ealaíne le gairid. Bhí suím aici san uiscedhath, ach mar a dúirt an teagascóir léi ‘tugann an phéint ola ‘maithiúnas’ duit.’ Bhí go maith agus thug sí an-aird ar na ranganna.
Lá amháin d’inis duine dá comhscoláirí di go raibh an bhean in aice léi ar iarraidh ón dá rang roimhe sin toisc gur bhásaigh a fear céile.
Chuaigh mo chara chun cainte léi agus rinne comhbhrón léi.
‘Dála an scéil,’ arsa mo chara, ‘cheap mé go raibh an pictiúr deireanach a rinne tú go hálainn ar fad.’ Dúirt an bhean eile go dtabharfadh sí di é.
Ní ghlacfadh mo chara leis – chaithfeadh sí é a cheannach.
Ar deireadh ghlac an bhean eile le dearbhán ó mo chara agus thug cuireadh chun lóin di.
‘B’in é an rud ba dheise a dúradh liom a
riamh,’ a dúirt sí le mo chara.
‘Cén rud é sin?’ arsa mo chara.
‘An rud deas a dúirt tú faoi mo phictiúr,’ arsa sí. ‘Chuaigh sé i gcion go mór orm.’
Bhí árasán deas aici, lán le leabhair, saothair ealaíne agus mórán stuif eile a bhí bailithe leis na blianta aici féin agus a fear céile. Phósadar deireanach go maith agus chuaigh sí ag obair ar son carthanachta nuair a d’éirigh sí as a post. Ach níor oibrigh sin amach rómhaith agus lá amháin d’fhógair a fear go raibh fonn taistil air agus go mba chóir dóibh beirt imeacht as an tír chuig tíortha éagsúla ar fud an domhain.
‘Cén chaoi a n-íocfaidh muid as sin?’ a d’fhiafraigh sí.
‘Cuirfimid an t-árasán ar cíos – gheobhaimid duine deas séimh a thabharfas aire dár gcuid stuif,’ arsa seisean.
Níor thóg sé i bhfad orthu fear deas séimh a fháil, Gearmánach a dúirt go dtabharfadh sé aire don mhaoin ar fad agus go bhféadfaidís imeacht gan imní ar bith orthu.
(Tá a fhios agaibh cá bhfuil sé seo ag gabháil, nach bhfuil? Fanaigí.)
Rinneadar chuile chineál réiteach don taisteal agus do chúrsaí ag baile. D’iarradar ar chomharsa dul i gcabhair air má theastaigh aon chúnamh uaidh le hinneall níocháin nó a leithéid.
Thángadar ar ais go rialta in imeacht seacht mbliana nó mar sin. D’iarr sé ag dinnéar iad chuile uair agus bhí chuile shórt go breá. D’iarr sé ar an gcomharsa teacht ag an mbéile freisin agus thugadar faoi deara go raibh an t-árasán coinnithe go deas slachtmhar aige.
Tar éis turais amháin – bhíodar sa tSualainn ar feadh roinnt míonna – d’iarr sé ag dinnéar iad mar ba ghnách.
‘Tá mé le filleadh ar an nGearmáin,’ a d’fhógair sé ag an mbord. ‘Ach ní hé amháin sin, ach tá mé le pósadh.’ Ba chosúil go raibh sé féin agus an chomharsa tar éis éirí mór le chéile agus go raibh sé i gceist acu pósadh agus dul ag maireachtáil sa nGearmáin.
Bhí aire iontach tugtha don árasán agus cén t-iontas é sin agus eisean thall in aontíos leis an gcomharsa le níl a fhios cén t-achar.
Agus chuile shórt socraithe síos tamall ina dhiaidh sin, nach bhfuaireadar amach gur ball de theaghlach ríoga éicint thall sa nGearmáin a bhí ann.
Agus sin é mo scéal. Agus má tá bréag ann, bíodh.
Athbhliain faoi mhaise daoibh ar fad.
Feliz Año Nuevo!
Fág freagra ar 'Bhraith mé uaim mo sheanchara mar is aicisean a bhíonn na scéalta is fearr i gcónaí…'