Bhíothas ag súil go mbeadh Sean Penn ar ais ar a sheanléim, ach faraor titeann an Gunman idir dhá stól…

LÉIRMHEAS: Níl an tsimplíocht san insint ná soiléireacht sa chuspóir ag The Gunman le guailleáil isteach i measc phiardaí móra an tseánra

the-gunman-sean-penn

The Gunman

Stiúrthróir: Pierre Morel

Cliar: Sean Penn, Jasmine Trinca, Javie Bardem, Ray Winstone, Mark Rylance.

Ar an gcéad luí súl, thaibhseofaí duit gur táirge sollúnta, tromchúiseach atá anseo le duine de na haisteoirí is cumasaí dá ré féin mar cheann feadhain agus piardaí móra mar Ray Winstone agus Javier Bardem fairis.

Is beag duine a d’áiteodh nár bhain Sean Penn barr a chumais amach sna blianta idir 1995 agus 2008. Sa tréimhse sin, d’éirigh leis cúig ainmniúchán Oscar a fháil: Milk (2008), Mystic River (2003),  I am Sam (2001) Sweet and Lowdown (1999)  agus Dead Man Walking (1995).

Thug sé an svae leis do Mystic River agus Milk, dhá thaispeántas a bhí go hiomlán difrúil lena chéile. Leis an ngaisce sin, bhí an bheart déanta isteach aige sa bhuíon bheag sin a bhfuil dhá dheilbhín óir acu. Go deimhin, bhí sé á lua in aon abairt le Daniel Day-Lewis agus is moladh thar na bearta é sin.

Tá na maidí ligthe le sruth aige ábhairín le blianta beaga anuas ach is leasmháthair a thógfadh air é.

Le dúshaothrú an tríú domhan agus caimléireacht chomhlachtaí príobháideacha slándála idir chamáin sa táirge, bhí tine ar chraiceann an lucht féachana agus iad ag súil go mbeadh sé ar ais ar a sheanléim.

Ar an dara luí súl, áfach, cítear gurb é ceardaí Taken (2008) agus District 13 (2004) atá ar an stiúir. Cé gur scannáin aicsin den scoth iad siúd, sin a bhfuil iontu, agus easpa téagair sa charactracht agus sa scéal.

Cá dtiteann an táirge seo, mar sin? Idir dhá stól, ar an drochuair.  Anois, ar eagla na míthuisceana, is breá liom féin scannán aicsin chomh maith le duine agus tarraingím an chéad Die Hard (1998), na scannáin Bourne agus Terminator 2 (1991) chugam anois is arís.

Bheadh a shuáilcí féin ag táirge aicsin agus d’fhéadfadh Penn iomaire an ghaiscígh a rómhar díreach mar atá déanta ag Liam Nesson (atá ocht mbliana níos sine ná Penn) le trílóg Taken agus an t-iliomad scannán aicsin eile atá ag teacht uaidh uair sa ráithe geall leis ar na saolta seo. Cé go gcuirtear radharcanna troda agus aicsin snasta os ár gcomhair anseo agus gur laoch inchreidte, báúil é saighdiúir Penn (a bhfuil an teacht i láthair fisiciúil cuí aige), níl an tsimplíocht san insint ná soiléireacht sa chuspóir ag an scannán le guailleáil isteach i measc phiardaí móra an tseánra.

Is saighdiúir tuarastail é Terrier (Penn) atá i mbun oibre sa Chongó. Tar éis eachtraigh lámhaigh téann sé ar a theitheadh. Blianta ina dhiaidh sin agus a chiontacht á ithe, tá sé ar ais sa Chongó i mbun obair dheonaigh. Is ansin a thagann buíon gallóglach sa tóir air féin.

Tá uisce faoi thalamh agus camasataíl ar bun, seantréithe agus meirg orthu sa scannán eachtraíochta. Raidte sa mhullach air seo tá fothphlota rómánsach, gortú inchinne atá ag cur as do Terrier agus iarracht chiotach ar léamh éigin a dhéanmh ar dhúthshaothrú sa Tríú Domhan.

Le haisteoir cumasach a d’fhéadfadh aon cheann den dá iomaire seo a threabhadh, is mór an trua gur thit an táirge seo idir dhá stól.

Fág freagra ar 'Bhíothas ag súil go mbeadh Sean Penn ar ais ar a sheanléim, ach faraor titeann an Gunman idir dhá stól…'